Posted by: santacruznagreine | 30/11/2009

Tá sí ar ais – gura fada uainn í

Tá Sarah Palin ar ais. An bhean a scoilt na Poblachtánaigh ina dhá leath agus a chuir tús le tionscal scigaithrise ar leith, tá sí ar camchuairt na tíre faoi láthair lena leabhar nua Going Rogue: An American Life. Níl an ráiteas sin fíor ar fad: ba chirte dom a rá go bhfuil sí á reic i gcathracha éagsúla i stáit éagsúla a vótáil go láidir ar son John McCain. Go bhfios dom, níl oiread agus cathair amháin i gCalifornia ar a liosta aici, seachas San Diego coimeádach, b’fhéidir. D’fhéadfaí a rá nach é an stát seo an chloch is mó ar phaidrín Sarah Palin, ach amháin gur dócha gurb é an paidrín a rud deireanach a bheadh ar iompar aici.

Is cosúil – agus caithfidh mé a admháil nach bhfuil sé léite agam fós – go gcaitheann Palin anuas go fíochmhar ar fheachtas McCain ina dírbheathaisnéis nua. Ní haon iontas é sin. Fear cróga is ea John McCain, ach theip ar a chuid misnigh agus é i ngleic le gobharnóir guítheach gustalach Alasca. Ina shárleabhar faoi eite dheis Chríostaí Mheiriceá, Republican Gomorrah, maíonn an t-iriseoir Max Blumenthal gur cuireadh Palin ar an ticéad chun na hantoiscthigh a shásamh agus – ar údar dothuigthe éigin – toisc gur creideadh go meallfadh sí na mná le Hillary Clinton a thréigint. A mhalairt ar fad a tharla: ba líonmhaire iad na fir – 15 faoin gcéad níos mó díobh – ná na mná a chreid go raibh Palin cáilithe le bheith ina huachtarán agus an feachtas uachtaránachta faoi lánseoil. Spreag ainmniúchán Palin díospóireacht theasaí i measc na bhfeimineach sin a bhí ag iarraidh tacú le mná sa pholaitíocht – ach nárbh í Palin an sórt mná a theastaigh uathu ar an ticéad.

Lacáiste mór cheana féin

Ar aon chuma, tá a dtuairim féin den dírbheathaisnéis nochtaithe cheana ag siopaí leabhar Santa Cruz. Fiú sular fhógair Palin a leabhar go histéireach ar sheó Oprah Winfrey le déanaí, díreach in am do mhargadh mór na Nollag, bhí lacáiste 40 faoin gcéad curtha ag siopa Borders air. Slabhra is ea Borders agus ní bhítear ag súil le ráitis pholaitiúla uaidh, ach d’inis an lacáiste céanna a scéal féin. Tá teachtaireacht neamhbhalbh i dtaobh Palin ag Bookshop Santa Cruz, ceann de na siopaí leabhar neamhspleácha is iomráití sa taobh seo tíre. Díreach laistigh den doras, tá seilf lán cóipeanna de Going Rogue agus fógra mór taobh léi a dhéanann cur síos ar chuid de ráitis mhíchruinne, aineolacha Palin agus í ag iarraidh dreapadh go duaisiúil go barr dhréimire na polaitíochta domhanda. Ina measc, tá an ráiteas iomráiteach úd faoin radharc atá ó Alasca ar an Rúis, radharc a d’fhág go raibh greim ag Palin ar an bpolaitíocht idirnáisiúnta, mar dhea.

Is breá an radharc é!

Agus an pièce de résistance? Gach duine a cheannaíonn Going Rogue in Bookshop Santa Cruz, gheobhaidh siad paca beag cnónna a bhfuil Sarah Palin’s just plain NUTZ scríofa orthu, chomh maith le scigphictiúr di féin. Dar leis an siopa leabhar, tá na cnónna ar fáil to those who can stomach a 1 ounce bag of walnuts, but can’t stomach 432 pages of Sarah Palin’s writing. Seo an siopa a chroch clog i lár an tí nuair a toghadh George W. Bush den dara uair, ag comhaireamh na laethanta go dtí go mbeadh air éirí as oifig i 2008.

Cnónna craiceáilte

Agus ní hé Bookshop Santa Cruz amháin atá i mbun scigaithrise ar bhean Alasca. D’fhoilsigh The Nation, iris de chuid na heite clé, a leagan féin den leabhar dar teideal Going Rouge: Sarah Palin – An American Nightmare. Is mar a chéile iad na clúdaigh, beagnach, seachas go bhfuil splanc scanrúil mar a bheadh tromluí ann ag lasadh na spéire laistiar di sa leagan malartach. Dála an scéil, nílim ag súil go mbeidh cóip de Going Rogue in íochtar stoca na Nollag ach tá an paca cnónna ite agam cheana. Is féidir na cnónna a cheannach ar $3.98c agus Going Rogue a fhágáil ar an tseilf i do dhiaidh. Ach b’fhéidir go gceannóidh duine éigin Going Rouge dom fós.

Posted by: santacruznagreine | 23/11/2009

Seacláidí Árann agus Thanksgiving

Cheannaíos bosca seacláidí inniu mar bhronntanas i gcomhair Thanksgiving. Déardaoin an lá mór ach toisc gur féile gan mhaisiúcháin í seo, ní bheadh a fhios agat é agus tú ar do chamchuairt timpeall ar Santa Cruz. Ní gá puimpcíní ná crainn Nollag chun Thanksgiving a cheiliúradh. Bhí a fhios agam go raibh siopa seacláidí ar Mission Street, in aice le Bay Drive áit a gcasaim ar bhóthar na hollscoile ar mo rothar. Ní raibh a fhios agam go mbeadh scéal chomh suimiúil san sa tsiopa céanna.

Seacláidí Uí Dhonnghaile

Is le Richard agus Henry Donnelly an siopa beag seo, nach bhfuil cuma chomh galánta san ó lasmuigh air. Ach isteach leat agus bainfidh iontaisí na seacláide an leathadh as do shúile – agus as do chaincín leis. Spáinnis a bhí á labhairt ag fear an tí, Richard, leis an gcúntóir Meicsiceach, María, nuair a chuas an doras isteach. Hola, arsa mise leo, fonn Spáinnise orm i gcónaí. Mhínigh María praghas na mboscaí éagsúla dom (iad go léir daor go maith) agus an rogha a bhí agam idir leche, negro agus frutas variadas. Bhí miasanna móra lán seacláidí ar an gcuntar romham, gach aon bhlas faoin spéir orthu agus boladh cumhra milis uatha go léir.

Seacláidí blasta cumhra na Gaeltachta

Ansin a tháinig Richard i leith chugam, é lán ceisteanna faoi bhlas aduain mo chuid Spáinnise. Nuair a thuig sé gur Éireannach mé, thosaigh sé ag insint scéal a bheatha dom. Ba as Árainn dá athair críonna, fear crua a d’imigh ar imirce ó Eirinn i 1917 agus a chaith blianta ag obair ar na bildéalacha i Massachusetts. Anoir a tháinig an teaghlach ina dhiaidh sin, chomh fada le Santa Cruz. Isteach le Henry tríd an gcúldoras ansin, mias mhór seacláidí breá friseáilte ón oigheann á hiompar aige. Henry, this man knows the Aran Islands, a dúirt Richard leis. Bhíodar beirt an-sásta go raibh Éireannach istigh. Aon uair amháin a bhíodar in Árainn, agus in Éirinn, agus iad ina bpáistí beaga sna 1960í. Samhraidh triomaigh ab ea é agus b’éigean ciondáil uisce a chur i bhfeidhm i dtithe lóistín Árann. Ba chuimhin leo Dún Aonghusa agus na dúnta eile go maith, chomh maith le tráigh bhreá Chill Mhuirbhigh áit ar chaitheadar laethanta fada ag déanamh seoigh.

Richard ag meascadh na seacláide

Bhí an-suim acu a chlos gurb í an Ghaeilge a thug go Santa Cruz mé agus ba thrua leo gan í a bheith acu féin. And here I am chatting away in Spanish to María, a gháir Richard de gheit i lár abairte. Bhí rún acu filleadh ar Árainn arís toisc go raibh daoine muinteartha leo ag teannadh amach sna blianta ach ba bheag í a ndúil in eitiltí fada. B’ait leo a chlos go raibh Éire faoi uisce ag an ndrochaimsir ach bhí súil ach gur tháinig Árainn slán. Thug María dhá phaca oighir dom chun an bosca a choimeád breá fuar, friseáilte ar an dtraein ó dheas go LA, áit a mbeidh Thanksgiving á cheiliúradh againn le seacláidí na Gaeltachta.

Posted by: santacruznagreine | 23/11/2009

Bronntanas na bpotaí

Bhíomar i láthair ag potluck aréir. Bhí bús cainte ag an obair ar an bpotluck céanna le cúpla seachtain anuas agus ba mé a bhí fiosrach faoi – agus aineolach ar a mbeadh i gceist. Dúirt comhghleacaí liom gur traidisiún an-Mheiriceánach ar fad é. You should certainly try out a real American potluck before you leave, ar sise. Bíonn aoiléachtóirí ag triail ar Roinn na Teangeolaíochta anseo go rialta i gcaitheamh an tseimeastair agus reáchtaíltear na potlucks nuair a bhíonn siad ar cuairt. Cuid de thraidisiún fáilteach Santa Cruz é, is cosúil. Dála an scéil, is cosúil gur focal bundúchasach é an potluck ó cheart: potlatch, deasghnáth nó féile a chleachtadh pobail bhundúchasacha ar chósta thiar Mheiriceá agus Cheanada.

Fómhar na bpuimpcíní le hídiú fós...

Féile nó ceiliúradh is ea an potluck, béile a roinntear ar dhaoine. Tugann duine amháin an cuireadh, agus cuireann sé cistin agus seomra suí ar fáil, ach tugann na daoine a fhaigheann an cuireadh a gcuid bia féin leo. Iarradh orainne miasanna a mholadh roimh ré agus cuireadh cúpla teachtaireacht ríomhphoist amach ag lorg rudaí breise: réamhchúrsa gan feoil, cúpla milseog agus rís bhreise. Táimse fós ag iarraidh dul i ngleic leis an ualach puimpcíní ó aimsir na Samhna agus b’fhada mé ag súil le deis chun roinnt slí a dhéanamh do bhia eile inár reoiteoir beag bídeach. Mar sin, níorbh aon iontas gur roghnaíos an puimpcín maorga do mo mhias féin. Agus bhí dúil a gcroí ag mo chomhghleacaithe sa ratatouille breá puimpcíní a thugas liom aréir.

An chéad photluck eile? Barraí ag fás in aice le Santa Cruz

Go deimhin, bhí fleadh agus féasta romhainn ag an bpotluck: strúisíní de gach saghas, dhal blasta spíosrúil na hIndia, cúpla sailéad bréa cúscús agus, dar ndóigh, curaí puimpcíní, pióg phuimpcíní agus anraith puimpcíní. Ní mise amháin a bhí ag iarraidh fómhar na Samhna a ídiú. Bhí brioscaí vegan ann leis, a bhuíochas le duine de na mic léinn, agus an-tóir go deo orthu. Ba bheag feoil a bhí ar an mbord in aon chor. Sin mar a bhíonn i Santa Cruz. Is é an feoilséantóir an rí. Agus conas a bhí ag an té a thug cuireadh chun tí dúinn? An raibh sé ag cur allais sa chistin, ag iomrascáil le réamhchúrsaí, milseoga agus glasraí? Ní raibh ná baol air. Chaith sé an oíche ar a sháimhín só ag caint linn, mar is ceart. Tá fonn ormsa bronntanas seo na bpotaí a thabhairt abhaile liom go hÉirinn.

Posted by: santacruznagreine | 22/11/2009

Agóid na dtáillí – ach cén sprioc atá léi?

Chuaigh mic léinn UCSC i mbun agóide agus léigir an tseachtain seo. Níorbh é 1968 an athuair é, ach bhí boladh na troda le brath i measc na gcrónghiúiseanna. Údar na hagóide? Méadú 32 faoin gcéad i dtáillí teagaisc agus clárúcháin do mhic léinn ar fuaid champais uile an UC. Gan aon agó, buille trom is ea an t-ardú do mhic léinn reatha, a mbeidh orthu é a íoc an bhliain seo chugainn, agus do scoláirí iarbhunscoile a mbeadh rún acu teacht chun na hollscoile amach anseo.

Agóid ag Kerr Hall (pic. ón Santa Cruz Sentinel)

Dúnadh an bealach isteach chun na hollscoile ar an gCéadaoin, nuair a chruinnigh tuairim is 500 mac léinn ag na geataí. D’éirigh leo trácht Santa Cruz a chur ina gcíor thuathail, cuireadh stop le seirbhísí bus chun na hollscoile, agus b’éigean go leor léachtaí agus ranganna a chur ar ceal nuair nár fhéad mic léinn freastal orthu – nó má roghnaíodar an agóid seachas an seomra ranga. Déardaoin, ghlac na céadta mac léinn, maraon le roinnt den bhfoireann acadúil agus riaracháin, seilbh ar cheann de dheich gcoláiste UCSC, Kerr Hall agus chuir fúthu ann i gcaitheamh na hoíche. Ní nach ionadh, b’éigean na ranganna go léir a chur ar ceal agus shocraigh na húdaráis foirgneamh eile in aice láimhe a dhúnadh chomh maith, ‘ar mhaithe le sábháilteacht’.

Póstaer agóide ag UC Berkeley

Ar fuaid an stáit, bhí agóidí den tsórt céanna ar bun, go háirithe ag UC Berkeley, áit a maireann traidisiún radacach na 1960í go fóill. Bhí ceann d’fhoirgintí an champais faoi léigear ag suas le 40 mac léinn ansiúd aréir, agus tuairim is dhá mhíle duine bailithe le chéile lasmuigh chun tacú leo. Bhí ráflaí ag guairdeall thart i Santa Cruz inné go gcuirfí ceann eile d’fhoirgintí an champais faoi léigear ach níor tionóladh ach agóid shíochánta sa deireadh. Ní haon Bherkeley é UC Santa Cruz, is cosúil.

Tacaíocht á lorg don léigear

Tá easnamh níos mó ná $800 milliún ar an UC trí chéile de bharr ciorruithe i gcaiteachas stát Chalifornia ar an oideachas tríú leibhéal. Tuigim do na mic léinn agus táim cinnte go mbeinn féin ina measc dá mbeadh an bhróg ar an gcois eile. Is iomaí agóid a rabhas páirteach inti san am a caitheadh. Aontaím go gcaithfidh daoine a nguthanna a ardú go glórach nuair a bhaintear stangadh astu chun gur féidir leo a míshástacht a chur in iúl. Ach táim den tuairim láidir go bhfuil an sprioc mhícheart roghnaithe ag na hagóideoirí. Ba cheart gur i Sacramento, seachas i mBerkeley nó i Santa Cruz a bheidís i mbun léirsithe, toisc gurb é Sacramento, áit a suíonn Seanad agus rialtas Chalifornia, bun agus barr na ndeacrachtaí airgeadais seo.

Áras Aontas na Mac Léinn i UCSC

Tá polaitíocht Chalifornia ina cíor thuathail le fada, ar roinnt cúiseanna. Baineann rialacha amaideacha beatha na ngéag den bpolaitíocht chéanna: caithfear mórán dhá dtrian a ghnóthú chun an buiséad a cheadú, rud a fhágann gur féidir leis an mionlach Poblachtánach bac a chur ar aon fhoráil a bhfuil sé d’aidhm aici cánacha breise a ghearradh. Fágann an tsáinn seo go mbíonn rialtas Chalifornia geall le bancbhriste i gcónaí. Anuas air sin, ceadaíonn bunreacht Chalifornia córas liobrálach achainíocha, rud a fhágann gur féidir le líon réasúnta beag daoine – idir 5 agus 8 faoin gcéad den bpobal – achainí a dhéanamh chun dlíthe de chuid an stáit a leasú nó a chur ar ceal, nó dlíthe as an nua a mholadh. Níl le déanamh acu ach dóthain sínithe a bhailiú. Fágann an daonlathas bréagach seo teannas síoraí idir an Seanad agus an pobal. Ní féidir oideachas ollscoile den scoth – ná, go deimhin, aon tseirbhís phoiblí eile – a chur ar fáil mura bhfuil dóthain teacht isteach ag an stát chuige toisc go bhfuil cánacha ró-íseal. Má tá lucht agóide Santa Cruz, Berkeley agus ollscoileanna eile an UC ag iarraidh an t-oideachas ollscoile a chosaint (agus dála an scéil, aontaímse leis an bhfealsúnacht sin), tugaidís a gcuid póstaer agus a nguthanna feargacha chomh fada le geataí an tSeanaid i Sacramento, an áit ar thit an tua i ndáiríre. Agus déanaidís a machnamh ar an gcóras polaitiúil atá cruthaithe acu féin agus ar na polaiteoirí atá tofa acu le blianta beaga anuas.

Posted by: santacruznagreine | 16/11/2009

Na comharsana ó thuaidh

Tharla go rabhas i gCeanada ar feadh cúpla lá an tseachtain seo caite chun freastal ar chruinniú de ghréasán taighde a bhfuilim páirteach ann in Ollscoil Ottawa. Bhíos i bpríomhchathair Cheanada go minic cheana, agus i gcathracha móra eile na tíre sin, Montréal agus Toronto, agus cuirim suim i ngnóthaí Ceanadacha go pearsanta agus i mo chuid taighde. Ach toisc nár leagas cois sna Stáit Aontaithe riamh cheana go dtí dhá mhí ó shin, ní fhéadfainn comparáid a dhéanamh idir an dá thír go dtí anois.

Stephen Harper ... cé?

Is beag eolas atá ag an Éireannach ar Cheanada i ndáiríre, cé gur dócha go mbeidh tuiscint mhaith acu ar na Stáit Aontaithe, nó ar a dtiteann amach ar an dá chósta ar a laghad. Cén duine in Éirinn nach bhféadfadh Barack Obama a aithint, nó Ted Kennedy, nó an iliomad pearsan eile ó shaol na scannánaíochta nó na teilifíse? Ach luaigh an t-ainm Stephen Harper in aon phub ó cheann ceann na hÉireann agus ní bhfaighidh tú mórán airde. Nó Jean Chrétien. Nó Brian Mulroney. Nó go leor Ceanadach eile ach an oiread. Ní hé nach bhfuil ceangal láidir idir sinne agus Ceanada – d’imigh na céadta míle Éireannach go Ceanada tar éis an Ghorta agus tá blas na hÉireann fós ar chaint na ndaoine i dTalamh an Éisc – ach is fearr go mór an cur amach atá againn ar an bhfathach ó dheas seachas an fathach ó thuaidh. Dála an scéil, is beag é eolas an Mheiriceánaigh ar Cheanada chomh maith, bunaithe ar mo thaithí (shrianta) go dtí seo. Is cumhachtaí go mór an fathach ó dheas, cé gur lú é go fisiciúil ná an fathach ó thuaidh. Dúnann an chumhacht an tsúil agus an chluas go minic.

Ceanada: an dátheangachas institiúideach

Mar sin, gach seans nach bhfaighfear freagra rófhada ar an gceist: cé na difríochtaí idir Ceanada agus Na Stáit Aontaithe? Ach is mór iad na difríochtaí céanna. Ar dtús, tá an dátheangachas institiúideach, seachas an dátheangachas drogallach, neamhoifigiúil atá anseo i gCalifornia. Ón gcéad nóiméad a shroicheann tú talamh Cheanada, meabhraítear duit gur tír dhátheangach í, Fraincis agus Béarla. Ón gcéad nóiméad a fhilleann tú ar na Stáit Aontaithe, meabhraítear duit gurb é an Béarla an rí. Tá ceangal láidir bunreachtúil ar rialtas Cheanada tacú leis na teangacha mionlaigh – an Fhraincis lasmuigh de Québec, na teangacha bundúchasacha ó thuaidh – ach ní luaitear teangacha in aon chor i reachtaíocht Mheiriceá. Go deimhin, tá feachtas darb ainm US English ag stocaireacht chun go ndéanfar teanga oifigiúil den Bhéarla – agus den Bhéarla amháin. Dar leo, is bagairt do Na Stáit Aontaithe í an Spáinnis. Tá an Spáinnis láidir go leor sa chuid seo de chósta láir Chalifornia, ach is ar bhonn ad hoc amháin a chaitear léi: comharthaí dátheangacha i gcomhlachtaí áirithe ach neamhaird oifigiúil. Tíortha an-ilchultúrtha iad Ceanada agus Na Stáit Aontaithe araon ach ó deineadh na hionsaithe ar Nua-Eabhrac i Meán Fómhair 2001, is fuaire an fháilte a fheartar roimh na hinimiricigh – agus a gcuid teangacha – ó dheas.

Westminster? Ní hea ach Ottawa

Tá rialtas Cheanada an-éagsúil chomh maith. Anois a chaithfidh mé an rún dorcha faoi Stephen Harper a sceitheadh: is é an Príomh-Aire é. Agus is Príomh-Aire coimeádach é a bhíodh mór le George W. ach nach bhfuil chomh ceanúil céanna ar Obama. Os a choinne sin, is tír níos liobrálaí é Ceanada ar mhórán slite: mar shampla, ceadaítear do bheirt den inscne chéanna pósadh, cé go bhfuil na Meiriceánaigh fós ag bruíon go fíochmhar faoin ábhar sin. Tá go leor de chóras riaracháin Cheanada bunaithe ar Westminster, agus tá leagan níos nua-aoisí de Theach na dTeachtaí (sea, tugtar an House of Commons air i mBéarla Cheanada) suite go maorga ar Chnoc na Parlaiminte i lár Ottawa. Tá Ceanada fós ina bhall den Chomhlathas – agus Banríon Shasana ar chuid de na nótaí bainc – cé go raibh an-phlé ar bun faoi sin agus mé ann toisc go raibh Prionsa na Breataine Bige ar cuairt oifigiúil. Agus tá go leor difríochtaí beaga eile ann chomh maith: celsius seachas fahrenheit, ciliméadair seachas mílte, CBC (an craoltóir poiblí, bunaithe ar an mBBC) seachas PBS (teilifís bhocht phoiblí na Stát Aontaithe – an-lag, cé go bhfuil an raidió NPR go maith), nós ciallmhar, réasúnta maidir leis an síntiús a fhaigheann freastalaí (10% seachas an 20% áiféiseach ó dheas). Ní hionann an Béarla a labhraítear ná a scríobhtar ach an oiread: loonie (dollar) seachas buck, return seachas round-trip, railway seachas railroad, washroom seachas restroom, colour seachas color, centre seachas center, cheque seachas check agus a thuilleadh nach iad. Ansin, tá an défhoghar clúiteach sin a chloistear i bhfocail ar nós about agus house a dhealaíonn tuaisceart agus deisceart gan cheist agus a mbíonn Meiriceánaigh ag magadh faoi go minic.

Cé go bhfuil gach cine faoin spéir ag cur faoi sna Stáit Aontaithe, feictear domsa go bhfuil glacadh níos oscailte leis an éagsúlacht i gCeanada. B’éigean do na Béarlóirí agus na Frainciseoirí comhréiteach polaitiúil a dhéanamh chun go mairfeadh an tír agus b’fhéidir gurb shin ba chúis leis an gcaoinfhulaingt bhreise ó thuaidh den teorainn, cé go gcaithfear a rá nach aon útóipe é Ceanada ach an oiread.

Posted by: santacruznagreine | 09/11/2009

Droichead an Gheata Óir

Droichead an Gheata Óir

Uaireanta, níl aon dul as ach a bheith i do thurasóir cruthanta. B’amhlaidh dúinne agus sinn ag triail ar Dhroichead an Gheata Óir. Bhí an bus a thug ann sinn lán go béal le turasóirí ó na cheithre hairde: déarfainn nár chualamar an oiread teangacha á labhairt cheana ar aon bhus. Bhí Seapánaigh ann gona gceamaraí móra troma, Sualannaigh a raibh t-léinte den nGeata á gcaitheamh acu cheana (an tarna turas acu ann, b’fhéidir?), cúpla Éireannach eile, dar ndóigh, agus a lán lán eile.

Droichead 2

4,200 troigh ar fhaid ...

Nuair a deirim gur baineadh an anáil díom arís, ní haon áibhéil é. Is mó iontas atá feicthe agam le cúpla mí anuas sa tír seo ach ba é Droichead an Gheata Óir ba mhó a thaitin liom go dtí seo. Tá smut de le feiscint ó aon cheann de chnoic iomadúla San Francisco, ach caithfear seasamh faoina bhun chun a thoirt agus a mhaorgacht a bhlaiseadh i gceart. Cuireadh tús leis i 1933, an chéad droichead ollmhór crochta ar domhan agus níor ghlac sé ach cúig bliana ar bhuíon ollmhór oibrithe, a raibh Éireannaigh ina measc, é a thógáil. Is féidir leis gaoth céad míle san uair a sheasamh agus níor thit sé sa chrith talún mór i 1989 ná in aon chrith eile (agus tarlaíonn mionchreathanna go minic anseo). Go dtí 1959, ba é an droichead ab fhaide ar domhan é. Ní raibh aon tsúil ag na péintéirí go mbeadh an dath rua air go deo. Rua an fochóta a bhí le bheith air sula gcuirfí péint liath anuas ar an ndroichead, ach thaitin an rua chomh mór sin le muintir na cathrach gur fágadh ann go buan é. 5,000 galún péinte sa bhliain a theastaíonn chun an droichead a choimeád friseáilte.

Droichead 4

Cuid den mhogall miotail faoina bhun

Is féidir siúl thairis chomh fada le Marin County agus tuaisceart Chalifornia, nó é a thrasnú ar do rothar, fiú. Bhí sé ag éirí beagáinín ródhéanach dúinne an lá úd ach siúlófar arís é. Ba bhreá liomsa turas báid a dhéanamh faoina bhun. Bíonn an-tóir ar a leithéid ach ní mór a bheith san airdeall ar cheo iomráiteach San Francisco. Is iomaí turasóir bocht a chaith uair a chloig chostasach ar bhád ag iarraidh an droichead a fheiscint trí scailp cheoidh agus nach bhfuair de luach saothair ach slaghdán trom.

Droichead 3

Árthach ó Honolulu?

Tá cur síos ag an scríbhneoir Duibhneach, Tomás Ó Cinnéide ar an ndroichead ina leabhar Ar Seachrán. I 1952 a chuaigh Tomás go San Francisco agus tá cuntas breá ar na sé bliana déag a thug sé ann sa leabhar seo: ‘Ar lá dár gcionn thug cara dom amach go dtí Droichead an Gheata Óir mé, an áit ar baineadh an leathadh as mo shúile. Ní hamháin go ndeaghas trasna air ach shiúlaíos cuid de, i dtreo is go mbeadh sé le rá agam nuair a raghainn abhaile go hÉirinn. Is dócha gurb é an droichead is deise ar domhan é. Rud eile a chuir iontas orm na hárthaí móra ag teacht aniar ó Honolulu. Ní bhíonn a leithéid d’árthaí in aon chor timpeall na hÉireann’. Faoi mar a scríobh Tomás go minic ina leabhar: ‘b’fhada ón nGráig é’.

Posted by: santacruznagreine | 07/11/2009

Fliú na muc – fliú na gcat?

Fuaireas instealladh fliú na muc inniu. Bhí fanacht fada orm lasmuigh de chlinic phoiblí Santa Cruz go dtí gur cuireadh an tsnáthaid ionam. Cheapas gur leor a bheith ann dhá uair a chloig sula n-osclófaí na doirse ach nuair a leaindeálas ag meánlae, bhí scuaine fhada daoine ag lúbarnaíl trasna an charrchlóis agus amach ar an tsráid. Bhí go leor páistí óga ann, chomh maith le daoine a raibh cuma na heasláinte orthu, roinnt díobh i gcathaoireacha rothaí. Bhí mascanna á gcaitheamh ag cúpla duine, radharc ait go leor faoi shoineann na Samhna i gCalifornia.

Fliú na muc 3

Cuid den scuaine lasmuigh de chlinic Santa Cruz

Cliathánach liom bhí triúr ban a bhí ag iompar clainne agus an chuma ar bhean amháin díobh go mbéarfaí a leanbh aon nóiméad feasta. Spáinnis a bhí á labhairt acu lena chéile – agus liomsa, nuair a fuaireadar amach go raibh an cúpla focal agam. Bhí an-imní ar bhean amháin, Carmela, go ndéanfadh an vaicsín díobháil dá leanbh ach ba chuma leis an mbeirt eile, María agus Ofélia, ach an víoras féin a sheachaint. Díreach romham bhí fear óg a raibh cuma an-mhílítheach air – agus gan aon fhonn cainte air. Bhí a cheann sáite aige in iris gháifeach éigin faoi chúrsaí sláinte. Thar a ghualainn, d’éirigh liom cúpla líne a léamh faoin mbagairt fliú atá i gcnaipí an ATM nó cnaipí an mheaisín cóipeála sa láthair oibre. B’shin dhá bhagairt eile nár chuimhníos orthu le cúpla mí anuas!

Fliú na muc 2

Fanacht fada orainn fós...

Bhí an ghrian go hard sa spéir os ár gcionn in airde faoin dtráth seo agus cuid den slua ag cur allais faoi theas an gheimhridh. Cé go raibh bia de gach sórt á iompar ag roinnt daoine, bhí a thuilleadh ann agus cuma an ocrais – agus an leadráin – ag teacht orthu. Thosaigh an scuaine ag bogadh leis go mall nuair a osclaíodh na doirse ag a dó a chlog ach ba léir go dtógfadh sé tamall orainn doras na clinice a bhaint amach. Bhí na céadta sa scuaine anois, daoine de gach sórt chomh fada agus a rithfeadh do shúil trasna an charrchlóis agus amach ar an mbóthar. Níorbh fhada gur rith sé le fiontraí éigin leas a bhaint as an ngéarchéim sláinte. Cén t-iontas i dtír seo na margaíochta agus an airgid? Díreach agus ár ngoile ag geonaíl le hocras, shiúil fear óg thar bráid, málaí gréisceacha á n-iompar aige agus gach aon bhéic uaidh: cheeseburgers, hot fries, milk shades, sodas! Bí ag caint ar bhia na folláine. Thuig sé go maith conas brú a chur ar thuismitheoirí cráite bia suaimhnis a cheannach dá bpáistí dána: she’s sure looking hungry, your little one! Ghéill cúpla duine thart timpeall ormsa ach shocraíos-sa gurbh fhearr an cúpla úll agus an paca beag cnónna in íochtar mo mhála. Dhruid an scuaine leis go mall chun tosaigh. Greamaithe ar dhoras na clinice, bhí fógra faoi Disaster Medical Care. Níorbh aon údar misnigh é. Ghaibh fear na sceallóg thar bráid, é ag comhaireamh a chuid dollars go mustarach os ár gcomhair. Hey, Mister Hamburger Man, a bhéic an fear i m’aice. It’s been a good day for you, dude! Bhí barr na scuaine sroichte agam agus isteach liom go gcuirfí an tsnáthaid ionam.

Fliú na muc 1

Deireadh an aistir i ngiorracht dúinn

Níorbh aon iontas go raibh an oiread sin daoine i láthair inniu. Tá na meáin áitiúla ag déanamh scéal mhadra na n-ocht gcos (muc na n-ocht gcos?) den bhfliú faoi láthair, faoi mar atá ar fud na cruinne, is dócha. Ag a deich istoíche a chraoltar Central Coast News ar KION, seirbhís a bhíonn beo ar an gcoiriúlacht, na tubaistí agus an gháifeacht de gach saghas atá in ainm is a bheith ag titim amach thart orainn ar chósta láir Chalifornia. Caithfidh mé a admháil go gcoimeádaim súil ar KION ó am go chéile, ar mhaithe leis an tsiamsaíocht níos mó ná fírinne na nuachta, ach is geall le rún dorcha, gránna é nach mbeadh fonn ort a scaoileadh le héinne. Baineadh leathadh as na súile céanna an oíche faoi dheireadh nuair a tuairiscíodh mar phríomhscéal go raibh fliú na muc tolgtha ag cat darb ainm Tinkerbell áit éigin in Iowa. Scientists don’t yet know if the flu will have the same deadly consequences for our pets as for ourselves, a bhéic an tuairisceoir go drámatúil ó shráid éigin i San José. Bí ag caint ar scéal chat na n-ocht gcos a dhéanamh de rud. Bhí iontas orm nár bhris a cuid gáirí ar an léitheoir nuachta agus í ag trácht ar worried pet owners right along the Central Coast. Ní raibh aon pheataí i láthair ag clinic Santa Cruz inniu ach cá bhfios conas a bheidh Dé Sathairn seo chugainn?

Posted by: santacruznagreine | 03/11/2009

Púcaí agus puimpcíní

Puimpcíní - taispeántas

Taispeántas puimpcíní i gceann de dhoirse Santa Cruz

Tá Oíche Shamhna thart agus tá na puimpcíní ag lobhadh ach thapaíos an deis cúpla grianghraf eile a ghlacadh de na taispeántaisí móra a chroch muintir Santa Cruz ar leac an dorais acu féin le cúpla seachtain anuas. Chuir gleithreán agus fuirseadh na Samhna anseo iontas orm, déanta na fírinne. Más mar seo a bhíonn an tSamhain, conas a bheidh an Nollaig in aon chor? Agus tá Thanksgiving le cur dínn fós againn leis i gceann cúpla seachtain. Dála an scéil, tá maisiúcháin na Nollag crochta i gcuid de shiopaí Santa Cruz cheana féin. B’fhánach an mhaise a bheith ag súil lena mhalairt, is dócha. Níl ceol na Nollag cloiste agam fós, ach déarfainn nach fada uainn an crá croí sin i dtír seo an tomhaltachais.

Púca agus an Mhaighdean Mhuire

An diabhal agus an Mhaighdean Mhuire?

Ní ormsa amháin a bhí an t-iontas leis an bhfonn ceiliúrtha a bhuail muintir an chósta láir anseo. Baineadh stangadh chomh mór céanna as comharsa liom a tháinig anoir ó Washington i mbliana. Dar leis-sean, is beag ceiliúradh a dhéantar ar Oíche Shamhna i bpríomhchathair na tíre. D’eachtraigh sé dom go bhfuair sé cuireadh chun dinnéir ó chara leis Oíche Shamhna cúpla bliain ó shin agus gur múchadh soilse an tí ionas nach mbeadh páistí na sráide ag cnagadh ar an doras. Bí ag caint ar sprionlaitheacht! Is dócha nach ionann DC agus an chuid seo de Chalifornia. I San Francisco a tharla an ceiliúradh is mó i mbliana, leath de mhuintir na cathrach gléasta i bhfeistis éagsúla agus na sluaite ag triail ar an gCastro áit a mbíonn an gabhar á róstadh gach bliain.

Puimpcíní lasta

Puimpcíní lasta

Beimid bréan de chothú an phuimpcín go luath. Agus mé á scríobh seo, tá strúisín puimpcíní ag plobarnaigh leis ar an sorn sa chistin. Níor bhaineas triail as an bpióg fós, ach tá sí ar na bacáin. Caithfear an carn puimpcíní a ídiú anois ar ais nó ar éigean. Ach tá dúil mo chroí agam sa bheoir puimpcín, í beagán spíosrúil agus cosúil le ceirtlis. Nach ait nach n-ólfainn an cheirtlis sa bhaile in aon chor? B’fhéidir go bhfuil sé thar am é sin a athrú. Táthar ag díol na beorach ar phraghas laghdaithe anois toisc go bhfuil Oíche Shamhna thart. Is dócha nach fada eile a bheidh sí ar na seilfeanna. Ba cheart dom a fhoghlaim conas í a dhéanamh. D’ídeodh sé sin an carn crón sa chistin. Sin ceann de chúraimí na seachtaine seo!

Posted by: santacruznagreine | 03/11/2009

Iontaisí an fhómhair

Arboretum 033

An grevillea, an bláth a mheallann an dordéan


Chonaiceamar roinnt eile d’iontaisí an tsaoil anseo i Santa Cruz le déanaí: na bleachtfhéileacáin áille a thaithíonn ceann de thránna an bhaile agus na dordéin bheaga a bhíonn le feiscint i gcrannlann UCSC. Scéal na ndordéan ar dtúis. Ar an dtaobh ó dheas de champas UCSC tá crannlann ina bhfásann crainn agus plandaí ó na ceithre hairde. Tá garraithe na hAstráile, Chalifornia, na Nua-Shéalainne agus na hAfraice Theas sa chrannlann, chomh maith le garraí de thorthaí neamhghnáthacha agus garraí na mbolaithe, fiú, gach aon bholadh cumhra i do pholláirí ann. Istigh i ngarraí na hAstráile a fhásann toir mhóra lán bláthanna dearga ar a dtugtar grevillea. Meallann na bláthanna seo na dordéin, ceann de na héin is lú agus is lúfaire ar domhan.

Dordéan UCSC

Ceann de dhordéin na crannlainne (ó arboretum.ucsc.edu)

Is féidir leis an dordéan a chuid sciathán a bhualadh suas le 90 babhta in aghaidh an tsoicind agus eitilt droim ar ais, an t-aon saghas éin a bhfuil an scil sin aige. Níl aon ainmhí eile ar domhan a mbuaileann a chroí chomh tapaidh leis an dordéan, níos mó ná míle uair sa nóiméad uaireanta. Déanann crannlann UCSC scéal mhadra na n-ocht gcos dá cuid dordéan ach thuigfeá dóibh. Cé gur deacair iad a fheiscint ar dtús – is minic a chuimhníos ar an dráma Waiting for Godot agus sinn ag feitheamh go ciúin in aice le grevillea mór – is fiú go mór an fanacht fada sa deireadh. Theastódh ceamara den scoth chun breith ar cheann acu agus mar sin ní liomsa an pictiúr seo. Chualamar an dordéan sula bhfacamar é: bualadh rithimiúil na sciathán cosúil le cuil mhór, nó an dord féin mar a mheabhraíonn an téarma Gaeilge dúinn. Ansin, chonaiceamar é ag scinneadh mar a bheadh saighead chuig ceann de na plandaí. Ólann an dordéan an neachtar, an leacht milis laistigh de na bláthanna. Is mór an trua go bhfuil an chrannlann seo i mbaol a dúnta de bharr na gciorruithe crua atá á ndéanamh ag an UC ar fud an stáit. Cad atá i ndán do na dordéin bhochta?

346

Na bleachtfhéileacáin sa choill

Cruinníonn na bleachtfheileacán i ngarrán eoclaipe in aice leis an dtráigh is aoibhne i Santa Cruz, Tráigh na nDroichead Nádúrtha ó dheas de lár an bhaile. B’fhada liom go dtiocfaidís aduaidh ó na Rockies, áit a gcaitheann siad an t-earrach agus an samhradh. Tugtar bleachtfheileacáin orthu toisc go mbeathaíonn na cruimheanna iad féin ar lus an bhleachta (milkweed i mBéarla), planda lán de neachtar chomh milis sin a bhfuil cuma an bhainne (nó an bhleachta) air. Fásann an lus seo in aice na trá agus is é a mheallann suas le 100,000 bleachtfheileacán aduaidh chun an geimhreadh a chaitheamh anseo. Mar a scríobhtar ar shuíomh Idirlín pháirceanna nádúrtha Chalifornia, is geall le ‘cathair sna crainn’ an garrán ó Dheireadh Fómhair go Márta lena mbíonn d’fhéileacáin ag eitilt ó chrann go crann. Is féileacáin mhóra iad, dath láidir oráiste orthu agus ar shlí chuirfidís na dordéin i gcuimhne duit, cé nach bhfuil siad leath chomh lúfar céanna.

341

Ag sú na gréine

Tearmann dúlra is ea an ceantar beag seo anois, an t-aon tearmann don bhleachtfhéileacán i gCalifornia. Tagann cuairteoirí ó chian is ó chóngar chun iad a fheiscint agus eagraítear turais eolais do ghrúpaí chomh maith. Ní haon iontas go dtarraingíonn na bleachtfhéileacáin an oiread sin daoine chucu. Bhraitheas go raibh draíocht de shaghas éigin ag baint leo, iad ag eitilt tríd an gcoill go séimh, ag guairdeall sa spéir os ár gcionn nó ag tuirlingt ar na craobhacha eoclaipe ina gcnuasaigh níos déanaí sa tráthnóna agus é ag éirí ábhairín fuar. Beidh siad inár measc as seo go Márta. Is maith an comhluadar iad.

338

Ag guairdeall os ár gcionn in airde

Posted by: santacruznagreine | 25/10/2009

Seo linn ag piocadh puimpcíní!

Tá Declan leaindeáilte ó Éirinn agus is air atá an t-iontas gur leor t-léine agus briste gearr aimsir na Samhna. Bíonn fuacht ann istoíche ach brothall go leor isló. Is deacair a chreidiúint go raibh sé ina stoirm anseo coicís ó shin. Ar cheann d’iontaisí an tsaoil faoi láthair tá puimpcíní breátha ramhra na Samhna. Tá siad le feiscint i bhfuinneoga agus i bpóirsí Santa Cruz, cuid acu gearrtha agus cuma an arrachtaigh orthu, coinnle beaga ar lasadh laistiar de shúile scanrúla. Tá na siopaí ag cur thar maoil leo: na cinn mhóra rua a mbeadh taithí againn in Éirinn orthu agus cinn bheaga bhuí agus ghlasa a dtugtar squashes orthu nach bhfuil feicthe agamsa chomh minic sin in Éirinn.

Puimpcíní ar díol i gceann de shiopaí Santa Cruz

Puimpcíní ar díol i gceann de shiopaí Santa Cruz

Déantar an-cheiliúradh ar fad ar Shamhain sna Stáit Aontaithe. Inimircigh as Éirinn a thug an fhéile leo go Meiriceá Thuaidh ach is mó go mór an chipeadraíl a tharraingíonn sí anseo ná sa bhaile. Ar cheann de na traidisiúin is deise, dar liom, tá fómhar na bpuimpcíní. Fuaireamar cuireadh an tseachtain seo dul ag piocadh puimpcíní sna páirceanna in aice le Highway 1, an bóthar a shíneann cois cósta ó theorainn Mheicsiceo go teorainn Cheanada agus a dtéann cuid de trí Santa Cruz.

Paiste puimpcíní i Santa Cruz

Paiste puimpcíní i Santa Cruz

Tá na ‘paistí puimpcíní’, mar a thugtar orthu, an-choitianta ar an mbóthar ó thuaidh. A bhuíochas leis an aeráid, fásann na puimpcíní go tiubh in aice na farraige agus tá paiste díobh ann gach cúpla míle. Is aoibhinn mar a lasann siad na páirceanna, go háirithe agus an ghrian ag dul faoi. Nuair a charntar in aice na gclathacha iad le fógairt go bhfuil siad ar fáil laistiar, ní fhéadfá gan iad a fheiscint ón mbóthar. Díoltar na cinn bheaga bhuí agus ghlasa chomh maith, maraon le rogha leathan torthaí agus glasraí, ar luach i bhfad níos lú ná na siopaí móra ar an mbaile.

Puimpcín na sióige a thugtar ar an gceann mór glas

Puimpcín na sióige a thugtar ar an gceann mór glas

Tá na puimpcíní ar cheann de na barraí is mó sna Stáit Aontaithe: fástar beagnach 1.5 billiún punt díobh in aghaidh na bliana i gCalifornia, Pennsylvania, Ohio agus Illinois. Bíonn roinnt acu mór groí agus reáchtáiltear féilte chun na cinn is mó a aimsiú. Tharla ceann de na féilte sin le déanaí i Half Moon Bay ó thuaidh ó Santa Cruz ar Highway 1. Thug puimpcín amháin a raibh 1,658 punt meáchain ann an chraobh leis. Feirmeoir puimpcíní ó Iowa, Don Young, a bhuaigh an duais beagnach $10,000 a ndéanann an t-ollmhargadh Safeway urraíocht uirthi. Shéid ceann de na boinn ar leoraí Young agus é ag taisteal trí Wyoming (n’fheadar cad ina thaobh) ach bhain sé Half Moon Bay amach lena arrachtach rua sa deireadh. Tagann feirmeoirí ó gach cearn de na Stáit Aontaithe go California i gcomhair na féile seo, a gcuid puimpcíní ollmhóra ar iompar ar leoraithe acu agus bíonn aird na meán cumarsáide orthu ar feadh cúpla seachtain.

Don Young, buaiteoir na bliana seo

Don Young, buaiteoir na bliana seo

Is mór idir puimpcín Don agus na cinn bheaga a cheannaíomarna ar Highway 1 ach ní bheidh aon easpa bídh orainn as seo go ceann roinnt seachtainí mar sin féin. Is féidir dinnéar blasta a dhéanamh den phuimpcín, mar shampla strúisín, nó é a róstadh le glasraí eile agus luibheanna agus bíonn blas aoibhinn ar na síolta rósta. Déanfaidh sé milseog bhlasta leis: bíonn an-dúil ar fad ag na Meiriceánaigh sa phióg puimpcín an tráth seo de bhliain. Go deimhin féin, bhí comórtas ite pióg puimpcíní i Half Moon Bay mar chuid den fhéile (d’fhéadfadh a leithéid a bheith déistineach go leor). Tá beoir phuimpcíní ar díol sna siopaí agus sna tábhairní a bhfuil blas láidir spíosrúil uirthi. Saghas deasghnátha is ea gearradh an phuimpcín agus fuaireamar cuireadh ó chomhghleacaithe ár bhfómhar puimpcíní a shnoí i dteannta a chéile. Beidh sceana géara de dhíth orainn.

Older Posts »

Categories