Tá deireadh an tsamhraidh linn, ach tá gairdíní Santa Cruz go léir faoi bhláth. Thit cúpla cith báistí aréir, rud a chuir iontas ar chách, agus bhí boladh an fháis go tréan san aer ar maidin ar fud na cathrach, go háirithe san ollscoil féin, a bhfuil go leor di faoi fhoraois crónghiúiseanna. D’fhéadfá beatha na talún go léir a bholathaíl trí do pholláirí ag siúl duit trí na crainn ar chosáin bheaga an champais.

Líomóidí don tae?
Tá crann líomóide ag fás lasmuigh de dhoras m’árasáin agus lánchead agam na líomóidí a phiocadh de réir mar a bhuaileann an fonn mé. Is iontach an úsaid is féidir a bhaint as an líomóid, go háirithe má bhíonn ualach acu ar leic an dorais agat. Radharc coitianta is ea an crann líomóide i ngairdín cathrach anseo. Bíonn dreoilíní teaspaigh istigh ann istoíche ag crónán. B’shin an chéad fhuaim a thugas faoi deara nuair a bhaineas Santa Cruz amach den chéad uair.

Lus na gréine: lus an aoibhnis
Cúpla sráid uaim, ar an mbóthar ard chun na hollscoile, tá gairdín nach bhfuil ann ach lusanna gréine. Radharc gleoite is ea é, agus baineann sé an anáil díom gach aon lá agus mé ag rothaíocht thairis. Is dócha go gcuireann an cnoc géar leis an ngiorranáil ach níl sárú na lusanna gréine ar fáil chun do chroí a ardú. Beidh an gairdín sin an-lom ar fad nuair a thiocfaidh an geimhreadh, mura bhfuil míorúilt daite eile beartaithe ag muintir an tí dúinn.

Cearca an bhruachbhaile
Cúpla slat ó na lusanna gréine, tá gairdín lán trátaí agus glasraí eile. Laistiar díobh, tá cró beag ina bhfuil cúpla cearc. Is cosúil gurb é an racún an namhaid is mó dá bhfuil acu anseo, seachas an madra rua. Níor tháinig aon racún i mo threo fós, ach bíonn siad amuigh go rábach istoíche. Stadann páistí go minic lasmuigh den ghairdín seo ag déanamh iontais de na cearca. Dheineas féin iontas díobh an chéad uair chomh maith, ach is cuid den saol anois iad.
[...] agus is teo den mbliain go léir sa chuid seo de Chalifornia. Bhí seans liom leaindeáil san aimsir sin agus síorthaitneamh gréine ó cheann ceann an lae a bheith agam go ceann dhá mhí. Cé go raibh [...]
Le: Céad slán le Santa Cruz na gréine « Santa Cruz na Gréine ar 14/02/2010
ar 13:07