Bhí deis agam sciúird amháin eile a thabhairt faoi San Francisco an tseachtain seo. Fanaim sa Golden Gate Hotel de ghnáth, ar Bush Street cóngarach do Powell, gan ach cúpla céad slat ó Union Square i gcroílár na cathrach. Óstán ar leith is ea Óstán an Gheata Óir. Níl cosúlacht dá laghad aige leis na slabhraí uaigneacha idirnáisiúnta arb ionann a gcuid seomraí leapan agus cairpéidí leamha ar fuaid na cruinne. Cé nach bhfuil oiread agus smut den droichead iomráiteach féin le feiscint ó aon cheann de cheithre chúinní an tí, tá suáilcí go leor aige mar sin féin. Seantábhairne Éadbhardach is ea é, ceann den mhórán lastuaidh de Union Square. Cuirtear tae agus brioscaí baile amach sa pharlús gach lá óna ceathair go dtína sé. Níl ach cúig sheomra fichead ann agus cuimhneoidh muintir an tí ort má fhilleann tú cúpla babhta, rud nach bhféadfaí a shamhlú leis an Holiday Inn go deo.
Ach ní féidir ‘muintir an tí’ a rá gan an Rí féin a lua. Nuair a chuas isteach go seomra 107 an oíche faoi dheireadh, bhí an Rí sínte amach ar mo leaba, bolg mór groí air agus é ag crónán go sona sásta leis féin. Is é Pip, cat Manannach ceithre bliana d’aois an Rí agus is air atá an bríste san óstán seo gan aon agó. Ó fheirm pórúcháin cat i dTennesse a tháinig sé, a dúirt fear an tí liom, ach caithfidh sé go bhfuil gaolta leis in Oileán Mhanann féin toisc nach bhfuil oiread na fríde d’eireaball air. Agus is féidir leis a bheith an-dána uaireanta. Maidin amháin, fágadh na lóisteoirí ocracha gan bhricfeasta toisc gur bhris Pip isteach sa chistin i lár na hoíche agus d’alp siar na croissants go léir. Suite ar a ríchathaoir cois na tine a bhíonn Pip go minic, nó in airde ar dhrisiúr an halla ag faire ort go pusach agus tú ag strácáil thar bráid leis na málaí. Má tá mí-ádh ceart ort, léimfidh sé anuas ón staighre gan choinne agus cuirfidh sé an croí trasna ionat. Nó déanfaidh sé iarracht barrathuisle a bhaint asat agus tú ag déanamh go codlatach ar sheomra an bhricfeasta. Ach an uair seo, bhí sé romham ar mo leaba ag a deich a chlog istoíche ach ní raibh fonn imeachta dá laghad airsean agus fonn codlata ormsa. Dheineas iarracht é a mhealladh ach chuaigh díom. B’éigean dom an Rí ramhar a iompar go dtí an doras ach ní mó ná sásta a bhí sé agus bhí eagla orm go mbainfeadh sé greim asam nó go screabhfadh sé mé. Lig sé sceamh spadánta as agus d’imigh leis – go fóill.
Ach bhí fonn díoltais ar Phip. Ag a dó a chlog ar maidin, dhúisíos de gheit nuair a chuala rud éigin ag screabhadh an dorais. Cé a bhí ag bothántaíocht chugam i lár na hoíche ach Pip breá. Bhí sé amuigh sa halla agus é ag meamhlaigh mar a bheadh cat buile ann. Tar i leith, a phóirtéir, agus caith greim bídh chuige nó scaoil amach sa chlós é, arsa mé go codlatach liom féin. Ach lean Pip air go cráiteach ciotrúnta agus níor tháinig aon phóirtéir ná aon neach daonna eile i gcabhair orm. B’éigean dom é a scaoileadh isteach sa seomra sa deireadh nó d’imeoinn as mo chéill ag éisteacht leis an meamhlaigh olagónach gan stad. N’fheadar conas nár dúisíodh gach a raibh san óstán. Léim Pip in airde ar an gcathaoir láithreach agus thit ina chodladh ach ba bheag nach raibh taom croí agam uair a chloig ní ba dhéanaí nuair a bhuail fonn bóthair arís é. Nach fánach an áit a bhfaighfeá cat Manannach? Is dócha go raibh seans liom nach madra a bhí romham ar an leaba. Más é Pip an rí ar 775 Bush Street, is iad na madraí na ríthe ar Chalifornia go léir.



Cat chomh dána le muc ach tá cuma thar a bheith cute air pé scéal é!
Ar a laghad, tá cion air agus aire mar is ceart á thabhairt do, níos fearr ná na hainmhithe bochta i bhfuinneoig Macy’s.
Le: Clarita ar 12/02/2010
ar 04:43
Chomh dána le muc go díreach. Tá aire mhaith á tabhairt dó ceart go leor agus seans go bhfuil árachas sláinte aige chomh maith. Níl a leithéid ag na milliúin sa tír seo.
Le: santacruznagreine ar 13/02/2010
ar 11:55
Tá mé ag ceapadh gur Declan a bhí ann i gcló cait. Is é dath an fhionnaidh a sceith air. Caithfidh go bhfuil sé ag fáil bháis le cumhaidh. Deifrigh abhaile a Juan veen!
Le: Lillis ar 12/02/2010
ar 11:21
Is mór an mhaith go dtuigeann tú gurb é an cat Rí an Tí, is cuma cén teach ina bhfuil sé! Bhuel, sin mar a mhaíonn Sióg s’againne, ar aon nós…:-)
Le: Mise Áine ar 14/02/2010
ar 14:00
Dúirt cara liom gur amach an fhuinneog seachas an doras a chaithfeadh sí Pip bocht…An mbeidh seomraí saor ó chait chomh maith le seomraí saor ó thobac ag teastáil sna hóstáin anois?
Le: santacruznagreine ar 15/02/2010
ar 13:13
Is aoibhinn liom Pip agus a gheáitsí! Bíonn Púca ina rí an tí anseo agus ag geáitséireacht mar sin i gcónaí………
Le: Hilary Mhic Suibhne ar 24/02/2010
ar 05:36