santacruznagreine a d’fhoilsigh | 14/02/2010

Céad slán le Santa Cruz na gréine

I 1987, scríobh an t-iriseoir Breandán Ó hEithir: ‘Nuair atá tú ar tí áit a bhfuil cion agat uirthi a fhágáil ar feadh tamaill féin, tosaíonn tú ag féachaint air ar bhealach áirithe. Seasann tú, éisteann tú, bolaíonn tú, d’fhonn oiread agus is féidir a thabhairt leat i do chéadfaithe agus i do chuimhne’. Mar sin atáimse faoi láthair agus gan ach cúpla lá fágtha agam i Santa Cruz na gréine. Chun clabhsúr a chur ar an mblag seo sula gcrochfaidh mé na seolta, shocraíos go mbreacfainn síos arís roinnt de shuáilcí an bhaile seo mar a chonac féin iad le cúpla mí anuas.

Luí na gréine ar Natural Bridges Beach

Ní gan údar maith a tugadh Santa Cruz na Gréine ar an mblag seo. Is é an fómhar, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair go háirithe, an séasúr is grianmhaire agus is teo den mbliain go léir sa chuid seo de Chalifornia. Bhí seans liom leaindeáil san aimsir sin agus síorthaitneamh gréine ó cheann ceann an lae a bheith agam go ceann dhá mhí. Cé go raibh aimsir mheasctha againn ón tSamhain i leith, bhí go leor laethanta grianmhara ann chomh maith agus fiú mura mbíonn an ghrian amuigh bíonn gealas sa spéir nach samhlófá le geimhreadh na hÉireann go deo. Ach bhí roinnt stoirmeacha drámatúla garbha againn chomh maith céanna, a réab isteach ón Aigéan Ciúin agus a steall báisteach throm anuas ar shléibhte Santa Cruz. Deineadh go leor díobhála cúpla babhta: bóithre scuabtha chun siúil, crainn tite ar thithe, maidhmeanna pluda ag réabadh anuas an sliabh. Bíonn aimsir drámatúil sna Stáit Aontaithe, fiú i gCalifornia na gréine.

Ceann de mhórshuáilcí Santa Cruz is ea go bhfuil sé suite ar Bhá Monterey, fairsingeacht mhór farraige san Aigéan Ciúin. Baineann Santa Cruz an-leas as an tíreolaíocht: tá an boardwalk ann agus an ché a shíneann amach ar feadh míle sa bhfarraige. Tá tránna agus dumhcha breátha fan an chósta go léir. Mecca surfála is ea an tráigh i gCapitola, tamall ó dheas uainn, nó Lighthouse Beach i Santa Cruz féin. Is fearr liomsa Natural Bridges ná aon cheann eile díobh. Níl áit níos suaimhní le suí agus féachaint ar dhul faoi na gréine. Agus is ag Natural Bridges a chruinníonn na bleachtfhéileacáin cháiliúla chomh maith.

Bhí na crónghiúiseanna ar cheann de bhuaicphointí chósta Chalifornia gan aon agó. Bhí seans liomsa a bheith ag obair istigh ina lár; síneann cuid d’fhoraois mhór crónghiúiseanna anuas chomh fada le campas UCSC. Ní gá ach siúl ar feadh cúpla nóiméad ó Stevenson College agus féadfaidh tú suí i ngarrán ciúin suaimhneach, crónghiúseanna arda ag síneadh uait in airde isteach sa spéir, radharc agat ar áilleacht Bhá Monterey thíos fút. Tá California ar cheann de na háiteanna is ilghnéithí ar domhan ó thaobh na héiceolaíochta agus cé go bhfuil go leor den éagsúlacht sin i mbaol a scriosta, tá an chrónghiúis ar cheann den iliomad iontaisí atá fós ann.

Crónghiúiseanna ar Bear Mountain

Cé go bhfuil cáil na heasláinte ar Mheiriceá, agus údar maith leis sin, tá cuid den bhia is sláintiúla agus is fearr le fáil i gCalifornia agus i Santa Cruz féin. Mar chuid de thraidisiún ailtéarnach an bhaile seo, tá feachtas láidir ar son bia orgánach a fhás go háitiúil. De bharr na gréine, bíonn raidhse glasraí agus torthaí ar fáil ó cheann ceann na bliana: mónóga milse ó Watsonville, sú craobh ó Salinas, oráistí breátha súmhara ó Fresno agus dar ndóigh fómhar na bpuimpcíní ar Highway One. Bíonn margadh feirmeoirí amuigh faoin aer i lár Santa Cruz ar an gCéadaoin agus nuair a thánag anseo ar dtúis reáchtáiltí margadh orgánach ag feirm UCSC dhá lá sa tseachtain. Agus leagtar béim láidir ar tháirgí orgánacha, áitiúla i gcuid de shiopaí an bhaile chomh maith. Ba é an Food Bin an chéad scéilín ar an mblag seo, siopa nach ndíolann ach táirgí áitiúla, agus tá New Leaf ann chomh maith, gnó a bhfuil an fhealsúnacht chéanna aige agus scoth an bhídh ar díol ann.

Siopa leabhar den scoth

Tá cion agam ar go leor áiteanna anseo. Ina measc tá na caiféanna beaga ar Pacific Avenue dála Lulu’s at the Octagon, Delmarette nó Asana. Bhí scéalta suimiúla faoi Éirinn – agus seacláidí fíorchostasacha – ar fáil ag Donnelly’s Chocolates ar Mission Street. Ar cheann de na pubanna ba réchúisí agus ba chompordaí ar an mbaile tá an 515 ar Cedar Street agus tá taquería maith, gona margaritas géarbhlasta agus tacos móra méitheacha, laistiar den Palomar ar Pacific. Os ag caint ar Mheicsiceo mé, má tá ceacht Spáinnise saor in aisce uait, níl le déanamh ach léimt ar bhus a 71 go Watsonville agus blaiseadh de chuid de dhátheangachas Santa Cruz. Bus na Spáinnise a thugaimse uirthi. Is minic nach gcloisfear aon teanga eile á labhairt ar bord. Ach déarfainn gurb é Bookshop Santa Cruz an áit is mó a bhfuil cion agam uirthi. Níl sárú an Bookshop ar fáil más mian leat uair a chloig a chaitheamh ag brabhsáil leat ar do shuaimhneas.

Ceann de charrcháblaí clúiteacha San Francisco

Suáilce eile de chuid Santa Cruz is ea a chóngaraí is atá sé do Cheantar na Bá. Is breá liomsa cathracha móra agus tá go leor díobh siúlta agam le blianta beaga anuas. Bhí cónaí orm i gcúpla ceann díobh leis. Ach ba dheacair San Francisco a shárú ó thaobh saoirse agus spleodair. Ritheann abairt as Flesh and Blood, ceann d’úrscéalta Michael Cunningham liom nuair a bhím ann. Ag caint ar phub thar a bheith rechúiseach a bhí an Cuinneagánach nuair a scríobh sé: ‘It was the kind of bar you could walk into with a snake around your shoulders and no-one would bat an eyelid’. Mar sin atá San Francisco. Níl aon rud, dá aite é, as alt inti. Tá gach aon rogha ar chlár na cruinne ar fáil duit agus gach aon sórt duine ann. Ní gá ach bualadh isteach ag Caifé an Bhuíochais má tá aon amhras ort! Is maith is cuimhin liom agus mé ar mo chéad turas ann go raibh fear ag rince go sona sásta lena chat beag riabhach ar thaobh na sráide sa Chastro, an t-ainmhí ar éill aige agus babhla beag bainne ar an gcosán roimhe. Ba chuma sa diabhal le héinne faoi agus bhí sé féin agus an cat chomh sásta céanna. Ní raibh an seó beag sráide sin as alt in aon chor. A mhalairt glan…

Tá duáilcí go leor sa chuid seo den domhan chomh maith agus tá cur síos ar roinnt díobh ar an mblag seo cheana. Cén léiriú is fearr ar éidreoir Mheiriceá ná Sarah Palin féin? Ach níl uaim inniu ach cuimhneamh ar na suáilcí. Céad slán le Santa Cruz na gréine agus go raibh maith agaibh as na smaointe fánacha seo a léamh le cúig mhí anuas agus tuairimí a fhágaint ar an mblag seo. Tá go leor nár éirigh liom a fheiscint in aon chor ach b’fhéidir go bhfillfidh mé uair éigin. Mar a scríobh Ó hEithir faoi Pháras: ‘Ceann de na rudaí is sainiúla ina thaobh ná nach mbeadh a dheireadh feicthe go deo agat. Dá gcuirfeá romhat é a shiúl mar shlí bheatha, thiocfadh na séasúir aniar aduaidh ort agus níór mhór duit filleadh agus filleadh agus filleadh an athuair’.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 11/02/2010

An cat Manannach agus an Droichead Óir

Óstán an Gheata Óir

Bhí deis agam sciúird amháin eile a thabhairt faoi San Francisco an tseachtain seo. Fanaim sa Golden Gate Hotel de ghnáth, ar Bush Street cóngarach do Powell, gan ach cúpla céad slat ó Union Square i gcroílár na cathrach. Óstán ar leith is ea Óstán an Gheata Óir. Níl cosúlacht dá laghad aige leis na slabhraí uaigneacha idirnáisiúnta arb ionann a gcuid seomraí leapan agus cairpéidí leamha ar fuaid na cruinne. Cé nach bhfuil oiread agus smut den droichead iomráiteach féin le feiscint ó aon cheann de cheithre chúinní an tí, tá suáilcí go leor aige mar sin féin. Seantábhairne Éadbhardach is ea é, ceann den mhórán lastuaidh de Union Square. Cuirtear tae agus brioscaí baile amach sa pharlús gach lá óna ceathair go dtína sé. Níl ach cúig sheomra fichead ann agus cuimhneoidh muintir an tí ort má fhilleann tú cúpla babhta, rud nach bhféadfaí a shamhlú leis an Holiday Inn go deo.

A Phip, cad a d'imigh ar na croissants go léir?

Ach ní féidir ‘muintir an tí’ a rá gan an Rí féin a lua. Nuair a chuas isteach go seomra 107 an oíche faoi dheireadh, bhí an Rí sínte amach ar mo leaba, bolg mór groí air agus é ag crónán go sona sásta leis féin. Is é Pip, cat Manannach ceithre bliana d’aois an Rí agus is air atá an bríste san óstán seo gan aon agó. Ó fheirm pórúcháin cat i dTennesse a tháinig sé, a dúirt fear an tí liom, ach caithfidh sé go bhfuil gaolta leis in Oileán Mhanann féin toisc nach bhfuil oiread na fríde d’eireaball air. Agus is féidir leis a bheith an-dána uaireanta. Maidin amháin, fágadh na lóisteoirí ocracha gan bhricfeasta toisc gur bhris Pip isteach sa chistin i lár na hoíche agus d’alp siar na croissants go léir. Suite ar a ríchathaoir cois na tine a bhíonn Pip go minic, nó in airde ar dhrisiúr an halla ag faire ort go pusach agus tú ag strácáil thar bráid leis na málaí. Má tá mí-ádh ceart ort, léimfidh sé anuas ón staighre gan choinne agus cuirfidh sé an croí trasna ionat. Nó déanfaidh sé iarracht barrathuisle a bhaint asat agus tú ag déanamh go codlatach ar sheomra an bhricfeasta. Ach an uair seo, bhí sé romham ar mo leaba ag a deich a chlog istoíche ach ní raibh fonn imeachta dá laghad airsean agus fonn codlata ormsa. Dheineas iarracht é a mhealladh ach chuaigh díom. B’éigean dom an Rí ramhar a iompar go dtí an doras ach ní mó ná sásta a bhí sé agus bhí eagla orm go mbainfeadh sé greim asam nó go screabhfadh sé mé. Lig sé sceamh spadánta as agus d’imigh leis – go fóill.

Rí an drisiúir

Ach bhí fonn díoltais ar Phip. Ag a dó a chlog ar maidin, dhúisíos de gheit nuair a chuala rud éigin ag screabhadh an dorais. Cé a bhí ag bothántaíocht chugam i lár na hoíche ach Pip breá. Bhí sé amuigh sa halla agus é ag meamhlaigh mar a bheadh cat buile ann. Tar i leith, a phóirtéir, agus caith greim bídh chuige nó scaoil amach sa chlós é, arsa mé go codlatach liom féin. Ach lean Pip air go cráiteach ciotrúnta agus níor tháinig aon phóirtéir ná aon neach daonna eile i gcabhair orm. B’éigean dom é a scaoileadh isteach sa seomra sa deireadh nó d’imeoinn as mo chéill ag éisteacht leis an meamhlaigh olagónach gan stad. N’fheadar conas nár dúisíodh gach a raibh san óstán. Léim Pip in airde ar an gcathaoir láithreach agus thit ina chodladh ach ba bheag nach raibh taom croí agam uair a chloig ní ba dhéanaí nuair a bhuail fonn bóthair arís é. Nach fánach an áit a bhfaighfeá cat Manannach? Is dócha go raibh seans liom nach madra a bhí romham ar an leaba. Más é Pip an rí ar 775 Bush Street, is iad na madraí na ríthe ar Chalifornia go léir.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 07/02/2010

Awaswas, Karuk, Yurok … teangacha bundúchasacha Chalifornia

Tá cúpla geallúint déanta agam ó thosnaíos ag blagáil liom anseo níos nó ná cúig mhí ó shin go ndéanfainn cur síos ar theangacha bundúchasacha an stáit seo. Tá cur síos deisbhéalach ach uafar ag an teangeolaí Jim McCloskey, comhghleacaí liom in UCSC, ar mheath tubaisteach na dteangacha sin ina leabhar Guthanna in Éag. Ar cheann de na haidhmeanna a bhí agam agus mé i Santa Cruz bhí breis eolais a fháil ar staid theangacha Chalifornia agus go háirithe ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh iad a athneartú.

Tá suirbhé an-cuimsitheach ar theangacha Chalifornia ag UC Berkeley

Sular lonnaigh inimircigh ón Eoraip ann, bhí an réigiún a dtugtar California inniu air ar cheann de na ceantair ba shaibhre agus b’ilghnéithí teangacha agus cultúir i Meiriceá Thuaidh ar fad. Labhraítí sa bhreis ar 100 teanga a raibh baint acu le cúig cinn nó níos mó de mhórfhinte teangacha (tugtar ‘fine’ ar ghrúpa teangacha a bhfuil cosúlachtaí acu lena chéile, na teangacha Ceilteacha, mar shampla). Ba ionann teacht na nEorpach agus bascadh agus díothú na dteangacha bundúchasacha agus lucht a labhartha. Ag scríobh di i 1994, bhí an teangeolaí Leanne Hinton den tuairim nach raibh ach tuairim is 50 teanga á labhairt fós, ach ní raibh oiread agus ceann amháin díobh á sealbhú ag páistí sa bhaile. Cainteoir amháin nó beirt a bhí fágtha ag roinnt teangacha an uair sin, leithéidí Cupeño, Coast Miwok, Southern Pomo agus Wappo. Go minic, ní raibh an teanga ach ag roinnt seanóirí aosta de chuid na treibhe. Cailleadh tuairim is seisear cainteoirí dúchais deireanacha dá leithéid a fhaid agus a bhí a leabhar á scríobh ag Hinton. Dar léi: ‘California Indian languages are indeed in the ultimate crisis of a life-and-death struggle. After decades of social change and of attempts by authorities to eradicate native language use, Native Californian languages are rarely spoken at home, so children do not learn them’.

Leanne Hinton, UC Berkeley

Ollamh le Teangeolaíocht in Ollscoil Chalifornia, Berkeley í Hinton ach ní hionann í agus teangeolaithe a bhailíonn eolas faoi theangacha bundúchasacha ach nach cás leo a bhfuil i ndán dóibh. Chomh maith lena saineolas teangeolaíoch, tá Hinton ar dhuine de na gníomhaithe teanga is tábhachtaí in California: tá a saol tugtha aici ag iarraidh teangacha a athneartú ó Eureka aduaidh chomh fada le San Diego ar theorainn Mheicsiceo. Bhí sí ina stiúrthóir ar an Survey of California and Other Indian Languages ag UC Berkeley ar feadh beagnach 30 bliain ó 1978 i leith agus tá dlúthbhaint aici leis an suirbhé i gcónaí. Bunaíodh an suirbhé i 1949 agus cuireadh bonn buan airgeadais faoi i 1953. Sna blianta luatha, bhíothas ag díriú ar thaifeadadh agus léarscáiliú theangacha bundúchasacha Chalifornia. Faoi stiúir Hinton, athraíodh an bhéim agus deineadh iarracht comhoibriú go gníomhach le pobail bhundúchasacha an stáit. Chomh maith le leanúint den taifeadadh, cuireadh tús le ceardlanna faoi athneartú agus foghlaim teangacha agus osclaíodh an chartlann do threibheanna a bhí ag iarraidh breis eolais a fháil faoina dteanga. Bhí dlúthbhaint ag Hinton le bunú an Master-Apprentice Program, scéim nuálach chun seanchainteoirí a chur ag múineadh a dteangacha d’fhoghlaimeoirí óga. Do theangacha nach raibh oiread agus cainteoir amháin fágtha acu, cuireadh tús le ceardlann ar leithligh, ‘Breath of Life’. Gach dara bliain a reachtáiltear an cheardlann sin ó shin.

Seastán ag Comhairle Bhundúchasach Santa Cruz ag an gcé le déanaí

In ainneoin an dúshláin mhóir atá roimh na teangacha, tá dóchas agus muinín le brath ar shuíomh gréasáin an tsuirbhé: ‘it is important to add that California’s Native people and languages are resilient and adaptive; that languages are being learned, transformed, and revived in the face of tremendous obstacles; and that so far, every generation of scholars has been wrong in its prediction that California languages are on the verge of extinction’. Bhí sé de phribhléid agam agallamh a chur ar Leanne Hinton le déanaí agus d’fhoilsigh an iris idirlín BEO! an t-agallamh sin le déanaí. Tá an t-agallamh ar fáil anseo.

Awaswas an teanga a labhraítí san áit a bhfuil Santa Cruz inniu. Dar leis an suirbhé, ní raibh ach 600 cainteoir aici agus í i mbarr a réimse sular tháinig na hEorpaigh. Ach ní raibh daonra beag mar seo eisceachtúil i measc theangacha bundúchasacha Chalifornia agus ceaptar go raibh an dátheangachas agus an t-ilteangachas thar a bheith coitianta. Cailleadh na cainteoirí deiridh sa 19ú aois agus níl fágtha ach liostaí focal. Mutsun an teanga a labhraítí ó dheas uainn, níos cóngaraí do Monterey. Tuairim is 2,700 cainteoir a bhí aicise agus níor cailleadh an cainteoir dúchais deiridh go dtí 1930. B’fhearr an taifeadadh a deineadh ar Mutsun ná ar Awaswas. Teangacha Ohlone ab ea Mutsun agus Awaswas araon. Tá feachtas athneartaithe ag ceann eile de na teangacha Ohlone, Chochenyo, ach ní heol dom go bhfuil éinne ag iarraidh an bheatha a chur an athuair i dteangacha bundúchasacha Santa Cruz.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 31/01/2010

Scoil Puente de Hózhó

Leabharlann ASU

Ní fada uainn Arizona i dtéarmaí Mheiriceá agus is ann a chaitheas cuid den tseachtain seo. Eitilt uair a chloig go leith nó mar sin ó San José agus beidh tú i lár an fhásaigh in Phoenix. A leithéid de láthair chun cathair cúig mhilliún daoine a thógaint! Níorbh aon iontas é dá mbrisfeadh cogaí uisce amach sa tír seo i bhfad na haimsire. Ar Tempe a bhí mo thriail, cathair ar cuid de mhórcheantar Phoenix í, agus ar Arizona State University áit a bhfuil ceann de na cláracha taighde is bisiúla faoin athneartú teanga sna Stáit Aontaithe. Tá sárobair déanta ag an Ollamh Teresa McCarty agus a comhghleacaithe ar staid an Diné (nó Navajo), an teanga bhundúchasach is treise dá bhfuil á labhairt sna Stáit Aontaithe ar fad. Is éard is ciall le ‘Diné’ ná ‘pobal’ agus úsáidtear é chun cur síos ar na daoine agus ar an teanga araon, faoi mar a tharlaíonn i gcás go leor de na teangacha bundúchasacha anseo. Na Spáinnigh a bhaist ‘Navajo’ orthu san am a caitheadh ach dúradh liom nach bhfuil aon bhlas tarcaisniúil air sa lá atá inniu ann agus go ndeirtear Navajo agus Diné chomh minic céanna.

Tempe, AZ

Ar an gcéad amharc, níor dhóigh leat go bhfuil aon údar imní ag Diné: d’fhéadfadh 150,000 cainteoir nó níos mó a bheith aici i dtearmann mór groí ar a dtugtar an ‘Navajo Nation’ a shíneann thar 26,000 cearnach, beagnach chomh mór le hÉirinn. Tá cuid de Thír na Diné i gceithre stát Mheiriceánacha: Utah, Colorado, Arizona agus New Mexico agus tá cainteoirí Diné scaipthe ar fud na Stát Aontaithe chomh maith. Creidtear go bhfuil i bhfad níos mó díobh i gCalifornia féin ná mar atá de chainteoirí ag teangacha bundúchasacha an stáit sin go léir le chéile. Ach léiríonn staidéir éagsúla go bhfuil an ghlúin is óige ag tabhairt cúil go tapaidh agus go tiubh leis an Diné le daichead éigin bliain anuas ar na cúiseanna coitianta sin a luaitear le meath mionteangacha go minic: brú an Bhéarla, an domhandú, eágothromaíocht eacnamaíoch agus a thuilleadh nach iad. Tá dúshlán breise ag Diné toisc go bhfuil Arizona ar cheann den dornán stát a d’fhógair an Béarla mar theanga oifigiúil le deich mbliana anuas toisc go raibh bagairt chomh mór sin ag teacht ón Spáinnis, mar dhea. Mar sin, is deacra teangacha eile a chur chun cinn in Arizona ná i New Mexico, mar shampla, stát a aithníonn an éagsúlacht teangacha a labhraítear ann, Diné ina measc.

Bunscoil Puente de Hózhó

Dhá uair a chloig tríd an bhfásach ó thuaidh ó Phoenix, ag bun ceann de shléibhte beannaithe na Diné tá Flagstaff, baile 60,000 duine nó mar sin. Tá Flagstaff lasmuigh de dhlínse Thír na Díne ach is Diné é duine as ceathrar de dhaonra an bhaile. Is Latino é duine as cúigear, rud a fhágann gur baile ilteangach é. Cé go mbíonn go leor Diné ar a dtoil ag na tuismitheoirí uaireanta, is é an Béarla an teanga teaghlaigh ag go leor de na páistí Diné. Bíonn Diné líofa ag an tseanmhuintir, ach sin iad an dream a cuireadh sna scoileanna cónaithe agus ar cuireadh cosc ar a dteanga agus a gcultúr. Is baolach gur geall le sampla téacsleabhair é seo den athrú teanga. Tá tréaniarracht ar bun dul i ngleic leis an athrú teanga seo in Flagstaff, a bhuíochas le Scoil Puente de Hozho. Léiríonn ainm na scoile an fhealsúnacht go gléineach: is ionann ‘puente’ agus ‘droichead’ sa Spáinnis, agus ‘Hózhó’ an focal Diné ar ‘áilleacht’. Droichead na háilleachta, mar sin. Bunscoil thrítheangach is ea í seo, a múintear na hábhair trí Bhéarla, Spáinnis agus Diné inti. Roghnaíonn na tuismitheoirí dhá theanga dá bpáistí agus is é an tumoideachas an modh a úsáidtear. Tá na páistí Diné sa sruth tumoideachais Diné toisc nach í teanga an teaghlaigh í de ghnáth. Foghlaimíonn siad ábhair eile i mBéarla. Murab ionann agus na Diné, is í an Spáinnis teanga teaghlaigh na Latinos den chuid is mó agus mar sin cuirtear na páistí sin sa sruth tumoideachais Béarla agus faigheann siad an chuid eile dá scolaíocht i Spáinnis. Is féidir le páistí geala an bhaile tumoideachas Spáinnise nó Diné a roghnú de réir mar is mian leo.

Séasúir Diné

Bhí sé de phribhléid agam seal a chaitheamh sa seomra ranga Diné in Puente de Hózhó. Páistí sa chéad ghrád a bhí á múineadh agus cúpla bliain den tumoideachas déanta acu cheana. Ba léir go raibh líofacht mhaith acu sa teanga ach bhí go leor Béarla ar siúl eatarthu féin faoi mar a tharlaíonn go minic sa luath-tumoideachas. Bhí póstaeirí agus léaráidí Diné crochta ar fhallaí an tseomra ag an múinteoir: na séasúir, móid dílseachta do Stáit Aontaithe Mheiriceá, na dathanna agus an aibítir Diné. Rang Matamaitice a bhí ar siúl nuair a shiúlamar isteach, roinnt agus iolrú. Bhí cluiche ar bun ag an múinteoir le bréagáin phlaisteacha a raibh cuma an tseangáin orthu (wóláchíí’ in Diné) chun na rialacha a mhúineadh, bús Diné á stealladh ag na páistí agus iad ag iarraidh na seangáin bhochta a roinnt óna chéile. Thosaigh an rang Béarla ansin le sraith abairtí a raibh botúin iontu, leithéidí ‘I’m gonna eat a pizza for dinner’. An rud ba shuntasaí ar fad ná gur trí Diné a múineadh an Béarla. Iarradh ar na páistí míniú Diné a thabhairt ar na focail agus ar na habairtí Béarla agus Diné ar fad, geall leis, a labhraíodh. Chuaigh an seomra ranga Diné seo i bhfeidhm go mór orm. Nuair a chuimhníonn tú ar stair bhrúidiúil na mbundúchasach sa tír seo, agus ar ar fhulaing cainteoirí na dteangacha sin, is beag rud sa tsaol atá chomh cumhachtach céanna leis an athneartú teanga ag tarlú os comhair do dhá shúil. Ba mhór an phribhléid dom an deis a fháil féachaint ar an tionscadal nuálach seo i dtuaisceart Arizona. Níl slat draíochta ag múinteoirí Puente de Hózhó chun roth na staire a chasadh ach tá éacht á dhéanamh acu in Arizona aonteangach.

Rialacha an tseomra ranga

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 24/01/2010

Traein na crónghiúise

An t-inneall gaile ag stáisiún Felton

Is beag úsáid a bhaintear as na hiarnóid a théann trí chathair Santa Cruz, nó a lúbann timpeall na sléibhte lastuaidh dínn. Tá dhá líne ann: gnáthiarnród a thagann anuas an sliabh ó Felton chomh fada le cé Santa Cruz agus an boardwalk clúiteach. Seo an tslí ar ghaibh traein na Nollag le déanaí. Is iarnród caol í an dara líne a leanann uirthi ó thuaidh ó Felton chomh fada le Bear Mountain. D’úsáidtí na hiarnróid sa 19ú aois chun olltionscal na lománaíochta sa cheantar a bheathú. An uair sin, leagtaí na crónghiúiseanna agus crainn mhóra eile go tiubh agus theastaigh an traein chun an t-adhmad a iompar isteach faoin tír nó amach go dtí an cósta le cur ar bháid. Ba bheag nár díothaíodh na crónghiúiseanna ar fad ach mar a scríobhadh anseo cheana, tá teacht aniar sa chrann maorga sin agus foraoiseacha breátha fairsinge ann arís inniu i gCalifornia agus in Oregon.

Gal ag lúbarnaíl timpeall na gcrann

Tá dúil mo chroí agamsa sna crónghiúiseanna agus nuair a fógraíodh go mbeadh cuairt speisialta tríd an bhforaois á reáchtáil ar cheann de na traeanacha, fuaireas mo thicéad láithreach. I measc na “rialacha” ar chúl an ticéid bhí: ‘No shooting of bears, deer, raccoons or birds from train’ agus ‘Male passengers must assist crew in moving logs or pushing if necessary’. Má bhí cúpla béar thart faoin traein níor léir dom iad ach is cinnte gur theitheadar lena n-anam chomh luath agus a séideadh an adharc go glórach. B’sheo linn suas an sliabh tríd an bhforaois, gal na traenach ag séideadh inár dtimpeall agus ag plúchadh na gcrann. Ghabhamar thar cheann de na tristéil, droichid adhmaid a iompraíonn traenacha. Is maith liom an suaimhneas agus an tsollúntacht a bhíonn le braistint i measc na gcrónghiúiseanna de ghnáth ach ní mar sin a bhí inniu lena raibh de phaisinéirí sceitimíneacha ar bord na traenach: scata turasóirí, páistí, madraí (dar ndóigh – níl aon éalú uatha i Meiriceá) agus cúpla gealt a raibh suim iomarcach acu i dtraenacha. Trainspotters na coille go deimhin!

Racún feicthe aige?

Lean an t-inneall gaile ag strácáil léi i gcoinne an chnoic, gach aon bhúir agus scréach aisti. Chuirfeadh an seó eagla a gcroí ar na béir féin. Bear Mountain an ceann scríbe a bhí againn, a bhéic ár dtreoraí trí challairí na traenach. Bhí an coileán beag le mo thaobh ag imeacht ar buile ar fad faoin tráth seo. B’fhéidir go bhfuair sé boladh racúin sa choill ach má fuair, níor léir dúinne faic leis an ngal. Go deimhin féin, ní fhacamar aon neach beo eile seachas na seilidí fada buí a dtugtar seilidí banana orthu agus a bhfuil an-cháil go deo orthu sa taobh seo tíre. Ach in ainneoin an ghleithreáin go léir, bhí na crónghiúiseanna nótáilte ar fad, cuid acu chomh hársa le 3,000 bliain agus iad ag síneadh isteach sna scamaill os do chionn in airde chomh fada agus a rithfeadh do shúil. Ag Sliabh an Bhéir, thuirlingíomar den traein agus sheas i lár na coille in áit ar a dtugtar Garrán na hArdeaglaise. Fásann crónghiúiseanna an gharráin an-ghar dá chéile i bhfáinne mór. Chuirfidís stuanna arda nó colúin mhóra i dteampall galánta éigin i gcuimhne duit go siúráilte glan. Is cosúil go dtarlaíonn searmanaisí pósta agus a leithéid sa gharrán. Is féidir an traein a chur in áirithe do do bhainis chomh maith.

An tristéal á thrasnú againn

Tar éis dár dtreoraí scéal na crónghiúise a insint dúinn, thug an traein thar n-ais tríd an bhforaois sinn, gal ag brúchtaíl den inneall mar a bheadh arrachtach ifreannda ann, géaga na gcrann ag brú isteach trí fhuinneog oscailte an charráiste orainn. Ag stáisiún Felton, bhí hotdogs á ndíol le paisinéirí ocracha agus ceol bluegrass á stealladh trí challairí ar an ardán. In aice an stáisiúin, eachtraíodh stair an iarnróid i músaem beag a bhí leamh go maith, i ndáiríre. In ainneoin an ghleo agus an ghleithreáin, ba nótáilte an turas é ach ba bhreá liom seasamh i m’aonar lá éigin i nGarrán na hArdeaglaise, anáil mhór fhada d’aer cumhra na coille a tharrac agus blaiseadh de shuaimhneas na gcrónghiúiseanna agus an tsléibhe féin, gan de chomhluadar agam ach cúpla fia nó racún.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 22/01/2010

An dátheangachas in Santa Cruz

Bhuaileas le cuid de phobal Spáinnise Santa Cruz ó thosnaíos ag scríobh an bhlag seo: bhí Carmen, María agus Ofélia cliathánach liom sa scuaine fhada agus sinn go léir ag fanacht leis an vaicsín i gcoinne fliú na muc; cheannaíos bosca seacláidí ó María eile atá ag obair le Donnelly’s Chocolates tamall beag uaim agus caithim cúpla uair an chloig sa tseachtain le Carlos, traenálaí Meicsiceach in ionad aclaíochta na hollscoile. Ní gá ach féachaint ar léarscáil Chalifornia chun blaiseadh den oidhreacht teanga seo. Is beag logainm nach bhfuil bunús Spáinnise aige: Santa Cruz féin, dar ndóigh, Santa Barbara, San Luis Obispo, Monterey, San José, San Francisco agus na mílte nach iad. Tá Spáinnis réasúnta agam agus is maith liom í a chleachtadh chomh minic agus is féidir ar eagla go seargfaidh sí. Ach má tá go leor lúbanna ar lár i do chuid eolais, mar atá i mo chás féin, is fusa í a labhairt le stróinséirí. Teastaíonn breis foclóra de réir mar a chuireann tú aithne mhaith ar dhuine!

Béarla, Spáinnis agus Vítneamais i stáisiún traenach San José

Ní lia duine ná tuairim agus is mó raic a tharraingíonn an téarmaíocht. Mar sin atá i gcás phobal na Spáinnise sa tír seo. Is fusa go mór ‘pobal na Spáinnise’ a thabhairt orthu i nGaeilge ná aon cheann de na téarmaí a úsáidtear sna Stáit Aontaithe: Hispanic, Latino, Chicano agus a thuilleadh nach iad. Tá lucht tacaíochta agus freasúra ag gach ceann de na téarmaí sin agus ní gá go mbeadh an Spáinnis ar a dtoil in aon chor ag daoine a mbeadh lipéad amháin nó eile orthu. Mar sin, is áisiúla go mór ‘pobal na Spáinnise’ chun cur síos ar na daoine sin a chónaíonn sa chuid seo de Chalifornia agus arb í an Spáinnis a bpríomhtheanga, beag beann ar an áit ar rugadh iad: California féin, Meicsiceo nó áit eile i Meiriceá Laidneach.

Bus na Spáinnise ag stáisiún Santa Cruz

Agus tá go leor acu thart, tuairim is fiche faoin gcéad de dhaonra Chontae Santa Cruz go léir. N’fheadar cén céatadán de dhaonra chathair Santa Cruz féin ar Spáinniseoirí iad, ach is cinnte go bhfuil an-chuid díobh sna bailte ó dheas uainn, leithéidí Watsonville agus Salinas. Ní gá ach léimt ar bhus 71 go Watsonville agus beifear ag stealladh Spáinnise i do thimpeall, paisinéirí ag cabaireacht leis an tiománaí agus lena chéile. Cuireadh moill orainn inné nuair a tháinig fear ar bord ar léir gur seanchara leis an tiománaí é. ¿Qué tal tu madre? (conas atá do mháthair?), ar seisean le fear an bhus. Leanadar den chomhrá ar feadh tamaill go dtí gur chuimhnigh an tiománaí go raibh jab le déanamh aige! Agus go deimhin, tá an comhlacht bus, Santa Cruz Metropolitan Transit District, ar cheann de na comhlachtaí poiblí is mó a bhfuil polasaí dátheangach aige: crochtar gach fógra sa dá theanga agus tá an oiread céanna Spáinnise agus Béarla san amchlár.

Fógra dátheangach sa stáisiún bus

Aithníonn roinnt de shiopaí an bhaile gur teanga bheo í an Spáinnis anseo chomh maith. Mar shampla, san ollchógaslann CVS, cuirtear fógraí dátheangacha taobh leis na hearraí go léir, cé go dteastódh micreascóp chun an Spáinnis a léamh. N’fheadar an bhfuair bainisteoir éigin comhairle ó Éirinn faoi dhearadh fógraí dátheangacha? Is ann do chúpla gnólacht a dhíríonn go sonrach ar phobal na Spáinnise, siopa mór athláimhe ar Front Street san áireamh. As Meicsiceo do bhean an tí agus déanann sí na fógraí béil ar fad i Spáinnis ar dtúis, ansin Béarla. Gach aon uair a bhímse ag siúl thar bráid, bíonn fógra ollmhór sa bhfuinneog aici HOY: 50% TODO EN LA TIENDA / TODAY: EVERYTHING IN STORE 50%. N’fheadar conas a shaothraíonn sí aon phingin in aon chor.

Sampla na hÉireann á leanúint?

Ach seo Na Stáit Aontaithe agus níl aon stádas oifigiúil ag an Spáinnis in aon chuid den tír. Go deimhin féin, tá feachtas láidir ar siúl le blianta ag gluaiseachtaí ar nós US English chun an Béarla a ainmniú mar theanga oifigiúil sna stáit ó dheas, toisc gur bagairt chomh mór í an Spáinnis, mar dhea. Ní dátheangachas institiúideach in aon chor atá in Santa Cruz agus déanann idir chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha neamhaird di níos minice ná a mhalairt: ní haon Cheanada é seo, mar a meabhraíodh dom agus mé lastuaidh den teorainn le déanaí. Scéal eile ar fad is ea meath tubaisteach theangacha dúchasacha Chalifornia. A thuilleadh faoi sin an tseachtain seo chugainn.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 16/01/2010

Beatha an scoláire

Is minic a fiafraíodh díom le cúpla mí anuas cén difear atá idir mic léinn na hÉireann agus mic léinn Mheiriceá. Ar an gcéad amharc, ba chinnte go raibh difear mór idir an dá chósta thiar, Gaillimh agus California. Iarradh orm an Ghaeilge a mhúineadh do scata Meiriceánach nach raibh taithí dá laghad acu ar an teanga agus go raibh a bhformhór mór ina mic léinn teangeolaíochta. Deirimse leat nach ionann in aon chor suim an ghnáthmhic léinn Ghaeilge agus an ghnáthmhic léinn teangeolaíochta! Má leagann tú an iomarca béime ar an ngramadach ag baile, is baolach go gcuirfidh tú daoine ó dhoras. Tá na mic léinn Éireannacha a bhfuil dúil a gcroí sa ghramadach acu chomh tearc le fiolar an eireabaill bháin. Ach bhí mo rang Californiach as a meabhair glan chun na gramadaí. Ní shásódh an Tuiseal Ainmneach iad nuair a d’fhoghlaimíodar conas leithéidí ‘a Bhriain’, ‘a Shíle’ a rá: bhí na tuisil eile go léir uathu ar an bpointe boise. Níor leor go míneoinn an riail a ghabhann leis an réamhfhocal ‘i’ dóibh toisc gur theastaigh na réamhfhocail eile uathu chomh maith. Baineadh an anáil díobh nuair a chonaiceadar go n-athraíonn ‘tá’ go ‘níl’ nó ‘an bhfuil’ agus thit tost sollúnta, ómósach ar an seomra ranga nuair a bhí crá croí an mhic léinn Éireannaigh á phlé agam, an difear idir ‘tá’ agus ‘is’.

Rogha na n-ábhar

Ba bhreá lena gcroíthe foghair aduaine na Gaeilge, an ‘r’ caol agus an ‘ch’ caol go háirithe, agus go deimhin ní raibh oiread agus duine sa rang nár éirigh leis nó léi na fuaimeanna sin a thabhairt leo go paiteanta. Theastaigh an aibítir fhóineolaíoch uathu chun go scríobhfaidís síos na fuaimeanna go cruinn. Ar chúis éigin nach dtuigim, bhí bráca agus trioblóid ag go leor acu na huimhreacha ‘naoi’ agus ‘náid’ a idirdhealú óna chéile agus bhí bean amháin sa rang a raibh an ghráin dearg aici ar na huimhreacha céanna dá bharr! Cé go raibh tús áite á thabhairt agam do chanúintí na Mumhan, bhí an-suim acu sna leaganacha eile agus thit bean amháin dúnta i ngrá le ‘goidé mar atá tú’ agus ‘iontach maith’. Cé gur scanraigh an litriú ar dtúis iad, bhain focail dála ‘an bhfuil’ agus ‘as an bhFrainc’ leathadh as a súile agus is iad a bhí sásta leis an dúshlán. Agus caithfear a rá gur chuir comhréir na Gaeilge iontas orthu chomh maith: ba dheacair do dhuine nó beirt díobh glacadh leis go dtagann an briathar roimh an ainmní agus bhí an-spórt againn le habairtí dála ‘Tomás tá go maith’ ag tús an tseimeastair.

Geata na hollscoile

Anois a thuigim gur cheart a bheith ag súil le dúil sa ghramadach, sa bhfoghraíocht agus sa chomhréir ó mhic léinn teangeolaíochta. Bhí cur amach ar mhórán teangacha eile ag go leor acu: bhí staidéar déanta ag fear amháin ar an Rúisis, bhí Spáinnis líofa ag roinnt díobh agus bhí beirt bhan ag foghlaim Sínise. Chomh maith leis sin bhí cúrsaí ar theoiricí na comhréire agus na fóineolaíochta á ndéanamh acu go léir dá gcéim sa teangeolaíocht, ina raibh samplaí de theangacha na cruinne á gcur trí chéile agus á scrúdú acu. D’fhoghlaimíos féin cúpla ceacht uathusan chomh maith; mar shampla, cuireann an Araibis an briathar chun tosaigh san abairt, dála na Gaeilge. Anuas air sin, fuaireas amach nach ionann in aon chor an Ghaeilge a mhúineadh do dhaoine a bhfuil sí go han-mhaith ag go leor díobh cheana, agus tabhairt faoi rang glantosaitheoirí. Ainmhí eile ar fad is ea an glantosaitheoir: caithfear glacadh leis nach bhfuil oiread na fríde den sprioctheanga ar a dtoil acu agus bíonn sé an-dúshlánach ar fad ceachtanna agus scrúduithe a cheapadh dá bharr san.

An t-iora talún, ceann d'ainmhithe allta UCSC

Maidir le hatmaisféar an ranga féin, i dtús ama, chonacthas dom go raibh na Meiriceánaigh thar a bheith díograiseach, go mbíodh a gcuid obair bhaile déanta acu i gcónaí, go bhfreastalaídís ar na léachtaí i gcónaí agus go nglacaidís páirt ghníomhach sa phlé, tuairimí meáite, ciallmhara ar bharr a ngob i gcónaí acu. Agus tharla na nithe sin ar fad, go háirithe an rannpháirtíocht ghníomhach. Is deacair mic léinn na hÉireann a chur ag caint in aon rang agus bhíos an-bhuíoch ar fad den athrú áirithe sin. Go deimhin, déarfainn gurb é sin an difear cultúrtha is mó idir an seomra ranga thall agus an seomra ranga abhus agus bhain sé stangadh asam. Ní leasc leis an mac léinn Meiriceánach labhairt amach, cé nach gá go ndéanfar ráiteas tomhaiste i gcónaí. Ba chuma liom san toisc gurbh fhearr liom i gcónaí an chaint agus an chadráil ná marbhfháisc an chiúnais sa rang.

Campas na gréine


Ach de réir mar a dhruid an seimeastar ar aghaidh, taibhsíodh dom gur laghdaíodh an bhearna de réir a chéile idir mic léinn na hÉireann agus Mheiriceá. Nuair a bhí an crú ar an tairne, spriocdháta ag bagairt orthu nó aiste le tabhairt isteach, théadh cúpla mac léinn amú nó ní leagfaí isteach an obair in am. Bhuail fliú na muc cúpla duine díobh agus chailleamar rang nó dhó de bharr agóidí i gcoinne táillí breise agus laethanta saoire poiblí. Agus mar a tharlaíonn sa bhaile, bhí mic léinn áirithe níos díograisí ná a chéile. Sin mar a bhíonn, is dócha: is cuma más in ollscoil phoiblí in iarthar na hÉireann nó in ollscoil phoiblí i gCalifornia atá tú ag déanamh staidéir, tiocfaidh trioblóidí an tsaoil sa tslí ar an staidéar uaireanta, nó meallfaidh iontaisí an tsaoil ó na leabhair thú. Ach tar éis an tsaoil, tá roinnt mac léinn i measc na gcrónghiúiseanna anois a bhfuil ar a gcumas na bunbheannachtaí Gaeilge a úsáid, iad féin a chur in aithne agus labhairt faoina gceantar féin. Ní beag san, is dócha.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 09/01/2010

Siopa leabhar Santa Cruz

Ar cheann de na háiteanna is fearr liom uair a chloig a chaitheamh ar mo shuaimhneas ar an mbaile seo tá Bookshop Santa Cruz ar Pacific Avenue. Siopa leabhar neamhspleách agus gnó teaghlaigh is ea Bookshop, atá i mbun léitheoirí Santa Cruz a mhealladh ó 1966 i leith. Is le muintir Coonerty – a gcaithfidh sé gur ó Éirinn a tháinig a sinsir – an siopa agus tá duine díobh, Ryan, ina chomhairleoir baile i Santa Cruz faoi láthair.

Tar isteach go Siopa Leabhar Santa Cruz

Ceannaímse i bhfad an iomarca leabhar agus dá bhrí sin tá taithí go leor agam ar na háiteanna a mbítear á ndíol: na slabhraí, neamhphearsanta idirnáisiúnta sna haerfoirt agus sna stáisiúin traenach; na siopaí beaga dara láimhe ar chéanna Bhaile Átha Cliath; siopaí neamhspleácha dála tigh Charlie Byrne sa Ghaillimh agus a thuilleadh nach iad. Ach níor leagas cos riamh cheana i siopa leabhar chomh suimiúil ná chomh maith céanna le Bookshop Santa Cruz. Ní hiad spreabhraoidí na gréine ar chósta Chalifornia faoi ndeara é sin ach sárchaighdeáin an tsiopa féin.

Ag brabhsáil leo

Tá pobal dá chuid féin cruthaithe ag Bookshop, rud nach ndéanann siopaí leabhar minic a ndóthain. Tá níos mó ná 14,000 ball ina chlub leabhar, atá ar bun le beagnach daichead bliain. Táimse i mo bhall ó thánag go Santa Cruz agus chomh maith le lacáiste a fháil ar gach a gceannaím ann, seoltar nuachtlitir an tsiopa Readers chugam uair sa ráithe. Tugtar cuireadh go rialta do scríbhneoirí agus údair, idir náisiúnta agus áitiúla, a gcuid saothair a léamh sa tsiopa. I measc na n-aíonna a tháinig i láthair agus mise ar an mbaile seo bhí an t-údar clúiteach Meiriceánach, Lorrie Moore agus Judy Shepard, a bhfuil sárleabhar scríofa aici faoina mac, Matthew a maraíodh go brúidiúil i Wyoming deich mbliana ó shin toisc go raibh sé aerach.

An t-údar Lorrie Moore ag léamh

Tá rannóg mhór dara láimhe ag Bookshop chomh maith agus ceannaítear seanleabhair ar ais ón bpobal, fiú má ceannaíodh ar an dtaobh eile den domhan iad. Tá an oiread ratha ar an tseirbhís seo in am seo na géarchéime eacnamaíochta go mbíonn scuaine fhada daoine a mbíonn boscaí leabhar ar iompar acu lasmuigh den doras cúil gach maidin. Is mó leabhar nach léifear ach aon uair amháin agus is maith an mhaise do Bookshop é sin a aithint. Eagraítear comórtais do léitheoirí chomh maith, iarracht shamhlaíoch eile chun pobal a chothú. Táthar ag glacadh le hiarratais i gcomórtas ficsin an tsiopa faoi láthair agus ní fada ó fógraíodh buaiteoir chomórtas grianghrafadóireachta 2009.

Cnónna ó Alasca

Agus dar ndóigh, mar is dual do shiopa leabhar nach bhfuil ina chuid de shlabhra ollmhór corparáideach, ní leasc le Bookshop ráiteas polaitiúil a dhéanamh ó am go chéile. Mar a scríobhas anseo cheana, bhí máilín cnónna a raibh JUST PLAIN NUTZ air ar díol le gach cóip de bheathaisnéis Sarah Palin, Going Rogue, nó d’fhéadfaí na cnónna a cheannach astu féin. Tuigtear dom gur mhó an rath a bhí ar na cnónna ná ar an mbeathaisnéis, ach díoladh amach ‘leabhar’ eile faoi ghaois bhean Alasca – The Wit and Wisdom of Sarah Palin – seachtain na Nollag. Ní raibh sa leabhar céanna ach seasca leathanach bán. Agus dhein Bookshop an-chuid poiblíochta ar Going Rouge, bailiúchán ailtéarnach aistí le húdair éagsúla ag léiriú duáilcí iomadúla Palin. Tharla go raibh cóip de Going Rouge ag fanacht liom i stoca na Nollag tar éis an tsaoil!

Seilfeanna lána ...

Tá amazon.com ar cheann de na bagairtí is mó dá bhfuil ann do shiopaí leabhar neamhspleácha ach tá a iarracht féin á déanamh ag Bookshop dúshlán Amazon a thabhairt. Cé go mbíonn suas le 30,000 teideal ar díol sa siopa de ghnáth, is féidir níos mó ná 1.2 milliún a cheannach ar líne. Iarrann Bookshop ar bhaill an chlub leabhar, agus ar an bpobal i gcoitinne, a gheallúint go gceannóidh siad leabhar amháin sa mhí i siopa leabhar neamhspleách seachas ó amazon.com. Tá roinnt leabhar eile le ceannach agamsa sula bhfágfaidh mé Santa Cruz ach bhí imní orm faoi chostas an bhagáiste san aerfort. B’fhearr liom mo chuid airgid a chur i dtreo Bookshop agus a iarraidh orthusan na leabhair a sheoladh abhaile go hÉirinn dom ná ceint rua sa bhreis a thabhairt d’ollchomhlacht na hAmasóine. Cé gur chailleamar siopa leabhar den scoth sa Ghaillimh le cúpla bliain anuas nuair a dhún tigh Khenny a dhoirse, tá tigh Charlie Byrne ann i gcónaí agus a chuid suáilcí féin aige. Ach fós féin, d’fhéadfaí seirbhís i bhfad níos leithne a bhfuil i bhfad níos mó samhlaíochta ag roinnt léi a chur ar fáil do léitheoirí na Gaillimhe. Dhá bhaile ollscoile iad Santa Cruz agus an Ghaillimh araon agus ba cheart go bhféadfaí go leor dá bhfuil á dhéanamh abhus a thriail thall chomh maith.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 28/12/2009

Smutrónta abú!

Tamall lastuaidh ó Santa Cruz, ar bhóthar iomráiteach an chósta Highway One, tá Páirc Náisiúnta Año Nuevo. Tá na páirceanna náisiúnta ar cheann de sheoda na tíre seo gan aon agó agus ní haon eisceacht é Año Nuevo. Bhí seans linn cuairt a thabhairt ar an bpáirc an tseachtain seo chun lán ár súl a bhaint as na rónta millteacha a chruinníonn ann i gcaitheamh an gheimhridh.

Smutrón ag crú na gréine

Tá Año Nuevo ar cheann de na háiteanna is mó ar domhan a dtagann an t-arrachtach ar a dtugann an Béarla elephant seal i dtír. B’shin an chéad deacracht a bhí agam agus mé ag iarraidh méar a chur le méarchlár chun an scéilín seo a scríobh: cén Ghaeilge a chuirfinn ar elephant seal? Dar le focal.ie, ‘rón eilifintiúil’ is ea an téarma oifigiúil. Níl trácht ar na rónta céanna in aon fhoclóir eile agus mar sin ní raibh mórán de rogha agam. Ní hé nach áis an-luachmhar é focal.ie – go deimhin, chaillfí go leor dínn dá héagmais – ach ní maith liomsa ‘rón eilifintiúil’. Tá sé rólitriúil. Ní dóthain samhlaíochta ann. Tharla go raibh mo chara agus mo chomhghleacaí Lillis Ó Laoire liom in Año Nuevo agus thapaíos an deis chun mo ghéarchéim bheag téarmaíochta a phlé leis.

Rón ag búirthigh

Sínte romhainn ar an trá ar aghaidh oiléan Año Nuevo lá breá gréine i ndeireadh na Nollag, ba léir gur cuma sa diabhal leis na rónta cad a thabharfaí orthu i nGaeilge. Ach in ainneoin go raibh cosc orainn dul i ngiorracht dóibh – ní foláir fanacht siar chúig troithe fichead ar a laghad – ní fhéadfaí gan aird a thabhairt ar an smut fada gránna de chaincín a bhí orthu. Eilifintiúil go deimhin – ach nach ndéanfadh an smut céanna an chúis dá dteideal nua Gaelach? Smutrónta Año Nuevo abú!

Aire! Smutrónta!

Ainmhí ríshuimiúil is ea an smutrón: caitheann sé an chuid is mó dá shaol ar an bhfarraige agus is féidir leis tumadh ar feadh cúpla uair a chloig gan aon anáil a tharraingt. I mí na Nollag a thosaíonn séasúr an tsíolraithe in Año Nuevo nuair a thagann na rónta fireanna i dtír. Téann siad ag bruíon le chéile go dtí go mbíonn an bua ag an rón is tiarnúla. Tagann na rónta baineanna i dtír ansin agus beireann siad coileáin na bliana seo caite ar an trá. Is beag difear atá idir na cinn óga agus na gnáthrónta glasa atá againn in Éirinn toisc nach bhfásann an smut go ceann cúpla bliain. Ach is arrachtaigh amach is amach iad na rónta fásta fireanna. Bíonn roinnt díobh chomh trom le 5,000 punt meáchain. Agus is scáfar an radharc iad nuair a théann siad in adharca – nó smutaíocha – a chéile ar an trá, rud a dheineadar cúpla babhta dúinne.

Rí na rónta

Céad bliain ó shin, ba bheag smutrón a bhí fágtha lena raibh de sheilg á dhéanamh orthu ar mhaithe lena mblonag. Faoi lár na haoise seo caite, áfach, tosaíodh ar iarrachtaí iad a chaomhnú agus táid ag bláthú leo ó shin ar chósta Chalifornia. Tá suas le 160,000 díobh ann inniu. Mheabhróidís scéal na mBlascaodach duit agus na héachtaí seilge a dhein Tomás Ó Criomhthain ag seilg rónta. Chualamar scéilín scanrúil faoi oileán eile agus a chuid rónta le linn ár gcuairte. Amach ón gcósta tá Oileán Año Nuevo. Níl fágtha ann anois ach na mílte rón agus fothrach nó dhó, ina measc fothrach an tí solais a bhí in úsáid go dtí lár na haoise seo caite. Bhíodh cúpla fear ina gcónaí ann mar choimeádaithe agus saol uaigneach go leor acu, ní foláir. Oíche amháin, réab na rónta doras an tí isteach. Caithfidh sé gur thit an t-anam as na coimeádaithe bochta. Cé go raibh eagla ar mhuintir an Bhlascaoid roimh a gcuid rónta beaga féin, ní dócha gurbh éigean dóibh uafás mar sin a fhulaingt riamh. Is é an rón an rí in Año Nuevo go deimhin.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 21/12/2009

An Nollaig i Santa Cruz

Soilse na Nollag inár gcrann líomóide

Cheapas gur mhó an chipeadraíl a dhéanfaí den Nollaig anseo ná mar a dhéantar sa bhaile di ach táim den tuairim anois gur deacair buachtaint ar na hÉireannaigh an tráth seo de bhliain. Dar ndóigh, tá na crainn Nollag in airde agus soilse ildaite, splancúla crochta lasmuigh de roinnt de thithe Santa Cruz ach ní fhaca fós aon taispeántas soilseach chomh háiféiseach céanna le cuid den mhór is fiú a chífeá ar an mbóthar idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh mí na Nollag. Dar ndóigh, ní hionann Baile na Croise Naofa agus fairsinge mhór na tíre seo – ná California, fiú – ach siúráilte glan is ciúine é ceiliúradh na Nollag anseo ná Thanksgiving ná Oíche Shamhna féin.

Ar cheann d’iontaisí na Nollag i Santa Cruz tá gur annamh a chloisfidh tú ‘an Nollaig’ féin á rá an tráth seo de bhliain, lena mbíonn de Happy Holidays á nguí ag gach éinne ar a chéile. Nach ait an rud é nach féidir an Nollaig a lua i dtír nach dtoghfadh ach Críostaí gníomhach ina Uachtarán? Ní hé go bhfuilim ag gearán toisc gur beag í mo dhúil i ndáiríre in iomarcaíocht áiféiseach na Nollag. Go deimhin féin, uaireanta móidím go gcaithfidh mé Nollaig amháin de mo shaol i dtír nach ndéanann ceiliúradh dá laghad uirthi ach is dócha go gcaithfinn triail ar an gCóiré Thuaidh féin chun an mhian sin a shásamh. An Nollaig in Pyonyang, éinne?

Paráid na mBád i gcuan Santa Cruz

Ar cheann d’imeachtaí na Nollag anseo tá paráid na mbád i gcuan Santa Cruz, a reáchtáiltear ag tús mhí na Nollag. Bailíonn na sluaite ar na céanna chun féachaint ar na céadta bád agus gleoiteog a lastar ó bhord go crann le soilse ildaite agus a sheolann suas agus anuas an cuan go mall, réidh. Leadránach go maith, a cheapfá, ach ba dhraíochtúil an radharc é, cé go raibh fuacht millteach ann an oíche áirithe sin agus fortún á dhéanamh ag Spáinniseoir óg fiontraíoch a raibh pota mór lán seacláide te á reic aige linn.

Traein na Nollag i lár an bhaile

Ócáid Nollaigiúil eile is ea an traein shoilseach a thaistealaíonn tríd an mbaile ar ráille i lár na sráide. Cuid de sheaniarnród Union Pacific é seo, nach n-úsáidtear ach i gcomhair traenacha speisialta nó lasta anois, traein na Nollag ina measc. Fágann sí cé Santa Cruz dhá uair sa ló agus imíonn timpeall an bhaile ar feadh uair a chloig nó mar sin. Is mórthaibhseach an radharc é an t-inneall mór groí a fheiscint agus a chloisint ag treabhadh trí lár an bhaile, gach aon bhleaist adhairce uaidh agus gach aon scréach ó na páistí histéireacha laistigh.

Bíonn ceolchoirmeacha Nollag ar siúl anseo chomh maith, dar ndóigh. Cúpla oíche ó shin i Seipéal an Mhisiúin, an séipéal Caitliceach ar an tSráid Ard in aice linne, bhí carúil Ghaelacha á gcanadh in ard a ngutha ag grúpa nuabhunaithe darb ainm Cór Ainglí. Mary McLaughlin, bean as Doire a chaitheann leath na bliana ag staidéar an cheoil i Luimneach agus an leath eile ag múineadh an cheoil agus na Gaeilge i Santa Cruz, a bhunaigh an cór. Tá Gaeilge líofa ag roinnt de na baill ach b’éigean na fuaimeanna a mhúineadh don chuid eile díobh. Maith thú a Mhary!

Cór Aerach San Francisco

Agus i seipéal eile ar an tSráid Ard an tseachtain seo – Séipéal Pobalda Chríost, ceann de na creidimh liobrálacha Phrotastúnacha – bhí ceolchoirm den scoth ag Cór Aerach San Francisco, an t-ochtú Nollaig dá leithéid i Santa Cruz. Ní dócha go gcuirfí fáilte chomh croíúil céanna rompu sa Mhisiún. Chuala go mbeadh grianstad an gheimhridh á cheiliúradh anseo chomh maith ach níor éirigh liom freastal ar aon cheann de na hócáidí sin faraor. Lasmuigh faoi na crónghiúiseanna áille a tharlaíonn na searmanais de ghnáth ach bhí sé ag stealladh báistí ar feadh an tráthnóna rud a fhágann gur dócha gur bádh ailtéarnaigh an ghrianstad go craiceann. Grianstad faoi mhaise agus Nollaig faoi shonas daoibh.

Older Posts »

Ranganna