santacruznagreine a d’fhoilsigh | 07/08/2009

The Food Bin

The Food Bin ar cheann de na siopaí sin nach ndéanfaidh tú dearmad air go ceann i bhfad. Ar oscailt go dtí meánoíche, seacht n-oíche na seachtaine agus suite ar chúinne Laurel agus Mission, i lár Santa Cruz, díolann The Food Bin bia orgánach agus glas de gach sórt, idir mhálaí tae rua ón Afraic Theas, cháis gabhair ó Mhontana agus uibheacha saor-raoin lachan ó Chalifornia féin.

The Food Bin, ag cúinne Laurel agus Mission

The Food Bin, ag cúinne Laurel agus Mission

Bhí ceol rúndiamhair a raibh blaiseadh na hÁise air á sheinnt nuair a chuaigh mé doras an tí isteach agus boladh cumhra túise ar fud an tsiopa. Shuigh bean óg laistiar den chuntar ag scú glasraí. Bhí fuinneog an dorais á glanadh ag fear ard caol sna fichidí a raibh an chuma air go raibh sé i gceannas ar an siopa. Idir thuirse na heitilte, an túis agus teas millteach lár an lae, bhí spreabhraoidí ag teacht orm. Faoin am ar shroicheas na súnna orgánacha, bhí Jeff Buckley ag canadh ‘Alleluia’. Sú teile: sin ceann nach bhfaighfeá gan stró ag baile. Isteach leis sa chiseán i dteannta paca breá mónóg don bhricfeasta. Caithfear an bricfeasta a chruthú as an nua i gCalifornia. Ní haon tír leitean í.

Sheas cuisneoir mór sa chúinne nach raibh istigh ann ach gearrthóga tófú. Caithfidh sé go bhfuil margadh dá leithéid anseo. Tá an ghráin agamsa ar go leor den tófú céanna, cé gur féidir é a sheasamh má mheasctar blas láidir éigin leis. D’oscail fear aosta a raibh cuma mílítheach agus éadach smolchaite air doras an chuisneora agus chuir cúpla paca tófú ina chiseán. Níorbh aon fhógra teilifíse don tófú é.

Faoin am seo, bhí Josh Ritter le clos ó challairí an tsiopa. Bhí sé ina bhruíon idir lánúin Astrálach faoin sórt múslaí a cheannóidís: ceann measctha ó Chalifornia Thuaidh nó ceann gan chnónna ó Santa Cruz féin. Níorbh fhiú achrann a tharraingt faoina leithéid. Caithfidh sé nach ndeachaigh an túis i bhfeidhm orthusan.

Bhí pasáiste iomlán don mhúslaí, torthaí tirime agus cnónna agus iad ar fad i mboscaí beaga plaisteacha a raibh ladar beag in aice leo agus scálaí chun an t-ábhar a mheá. Mar an gcéanna leis an ola olóige agus ola lus na gréine: d’fhéadfá féin do bhuidéilín a thabhairt leat agus é a líonadh sa siopa arís agus arís eile. Shocraíos féin go gceannóinn buidéal d’ola lus na gréine in ómós don bhlag seo ach d’éirigh liom an ola a chur ar fud an chuntair agus anuas orm féin. B’fhéidir don fhear ard a raibh cuma an bhainisteora air teacht i gcabhair orm. Chuir sé suim sa bhlas Éireannach ar mo chuid cainte. Is dócha go dtarlóidh sé sin go minic as seo go ceann cúig mhí.

Tháinig cúpla mac léinn isteach agus mé ag meá trátaí Californiacha dom féin. Ba léir go raibh ardaithne acu ar mhuintir an tsiopa. Dúirt mo thiarna talún liom ar maidin go mbíonn sé ina bhús ceart cadrála sa siopa istoíche nuair a thagann na mic léinn isteach. Bhí cúpla hippy thart agus mé ag roghnú tae deas dom féin. Go deimhin, bhí cuma shuimiúil ar gach éinne sa siopa agus mé ann. Is dócha nach mar sin a bhíonn i gcónaí. Spreabhraoidí go deimhin.

Faoin am ar shroich mé ceann scríbe, bhí an ceol Indiach á chasadh arís agus na spreabhraoidí orm i gceart. $75 a chaitheas ar mo chéad turas siopadóireachta i Santa Cruz. Níorbh aon sladmhargadh é, ach is léir nach ndíolann The Food Bin ach bia folláin. Is dócha nach bhfuil aon easpa mífholláine thart má bhíonn tú á lorg. Bhí cuma na polaitíochta ar an siopa chomh maith gona chomharthaí beaga ag áiteamh ar chustaiméirí gan doras an chuisneora a fhágáil oscailte rófhada agus fógraí d’imeachtaí glasa i Santa Cruz. Béal dorais tá siopa eile leis an úinéir céanna, The Herb Room. Dúirt an bainisteoir ard liom gurbh fhiú dul ann. ‘This is a cool place to work but The Herb Room is really cool. They’re into wellness and this is just food, but good food of course’, a dúirt sé. Bhíos róthraochta ag an teas agus an tuirse le dul isteach i Seomra na Luibheanna ach déanfaidh mé as seo go ceann cúpla lá é. Is fiú dul ar thóir na folláine.

Advertisements

Responses

  1. Hi, this is a comment.
    To delete a comment, just log in, and view the posts’ comments, there you will have the option to edit or delete them.

  2. Fáilte romhat chuig WordPress. Is maith liom do bhlag agus beidh mé ag baint taitnimh as — ag foghlaim rudaí nua faoi California agus an Ghaeilge ar ndóigh. Bail ó Dhia ort agus ádh mór leis sa dtodhchaí agus le do staidéar.

  3. […] na Luibheanna Ba faoin Food Bin a bhí mo chéad phostáil ó Santa Cruz coicís ó shin nó mar sin. Dúrt ag an am go raibh siopa eile, The Herb Room, […]

  4. […] láidir ar tháirgí orgánacha, áitiúla i gcuid de shiopaí an bhaile chomh maith. Ba é an Food Bin an chéad scéilín ar an mblag seo, siopa nach ndíolann ach táirgí áitiúla, agus tá New Leaf […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: