santacruznagreine a d’fhoilsigh | 07/09/2009

Siopadóireacht agus seirbhís

Ascaill an Aigéin Chiúin, Pacific Avenue, is ea príomhshráid siopadóireachta Santa Cruz. Ó thuaidh ón áit a mbuaileann Pacific agus Walnut le chéile, tá an tsráid an-phléisiúrtha ar fad gona crainn agus a siopaí beaga suaithinseacha a dhíolann páipéar daite, nó leabhair radacacha, nó ceirníní dara láimhe. Inniu Labor Day, Lá an tSaothair, agus dá bhrí sin bhí cuid de na siopaí dúnta ach bhíothas ag saothrú dian go leor in an-chuid eile mar sin féin beag beann ar an tsaoire. Díreach ó thuaidh ó Walnut tá Bookshop Santa Cruz atá ar cheann den bheagán siopaí leabhar neamhspleácha i stát Chalifornia. Níor éirigh liom dul isteach ann inniu ach is fada liom go dtabharfaidh mé cuairt air.

Pacific Avenue, Santa Cruz

Pacific Avenue, Santa Cruz

Bhí gnó ní ba bhunúsaí le cur i gcrích inniu agam: ceannach éadaigh do mo sheal i Santa Cruz. Níorbh fhiú liom éadach trom an gheimhridh a chrochadh liom ón nGaillimh chomh fada le tír na gréine. Isteach liom go Urban Outfitters ach ní raibh mórán acu a d’fhéadfá a chaitheamh in áit oibre, fiú in ollscoil liobrálach na cathrach seo. ‘This is pretty funky stuff alright’, a dúirt duine de na hoibrithe óga liom. Síos liom go dtí Gap áit a bhfuaireas cúpla léine agus treabhsar a dhéanfadh cúis ceart go leor. Sceach i mbéal bearna. Mac léinn socheolaíochta ag UCSC ab ea Jasmine, a ghlac an t-airgead uaim tar éis di iarracht láidir a dhéanamh cárta creidmheasa an tsiopa a dhíol liom agus cúpla seift mhargaíochta eile a imirt orm. B’fhearr an tseirbhís chustaiméara ná aon fhreastal a gheofá ag baile go siúráilte. Go deimhin, bhí Jasmine chomh héifeachtach sin gur rith sé liom ar feadh meandair gur cheart dom síneadh láimhe a thabhairt di go dtí gur tháinig mo chiall chugam arís. Tá speabhraoidí an eitleáin ag imeacht uaim de réir a chéile. Níl tuiscint rómhaith agam fós ar chóras na sínte láimhe. Beidh mé ag foghlaim liom an leor 15% nó an gá 20%.

Bhí cúpla hippy ag seinnt ceoil ar chúinne Walnut agus Pacific agus mé ag dul thar bráid. Ceol rithimiúil, beoga, meascán de shnagcheol agus rac á bhualadh ar ghiotár, druma agus sacsafón. Tá cuid mhaith hippies ar an mbaile seo agus go leor latinos leis. Chuala go leor Spáinnise á labhairt sna siopaí agus ar na sráideanna agus tá cuid mhaith de na comharthaí dátheangach. Chonac roinnt daoine gan dídean leis, ina suí ar an mbóthar lasmuigh den Ionad Turasóireachta a bhí dúnta do Lá an tSaothair. Tá idir shaibhir agus daibhir i Santa Cruz go cinnte.

Falafel House ar Walnut

Fallafel House ar Walnut


Chaitheas lón sa Falafel House ag barr Walnut. Tá dúil mo chroí agam i mbia na Meánmhara agus shásaigh an bhialann bheag seo mo chraos. Siriaigh a bhí i mbun an tí, cúpla póstaer de Damascus crochta ar na fallaí bána, popcheol Siriach á chasadh go hard ar theilifíseán beag sa chúinne. D’itheas mo chuid ar mo chompord, sásta go raibh seoid bheag de bhialann aimsithe agam. Íosfar arís ansiúd.

B’éigean dom tarraingt ar ollshiopa poitigéara CVS ag cúinne Mission agus Bay ina dhiaidh sin. Dhá eachtra a chuaigh i bhfeidhm orm istigh ann. Bhí deacracht ag an meaisín le cárta creidmheasa duine de na custaiméirí, fear mór trom a raibh caipín baise agus ualach tatúnna air. Cheapas go mbuailfeadh sé bean an scipéid leis an ngoimh a tháinig air. Focal níor labhair sé léi ach bhí sé ag éirí gearranálach leis an bhfearg. Ba mhaith an ní gur aithin an meaisín an cárta sa deireadh, nó bheifí ag glaoch ar 911 go siúráilte. De bharr na moille, tháinig cuthach ar an mbean a bhí ag fanacht sa scuaine os mo chomhair chomh maith. ‘I was waiting for twenty minutes over there and nobody came to me. Now this delay. I need help finding shampoo, hair gel and toothpaste and I want you to get them for me’, ar sise le bean an scipéid. ‘Certainly madam, I’ll get them for you right away’, a d’fhreagair sí go leithscéalach. Níor sheirbhís chustaiméara go dtí é. Ba mhaith an ní nach raibh deabhadh orm.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: