santacruznagreine a d’fhoilsigh | 08/09/2009

UCSC: fianna, leoin agus mic léinn

Thugas mo chéad chuairt ar UCSC inniu, áit a mbeidh mé i mbun taighde agus teagaisc as seo go ceann cúig mhí. Bhain fairsingeacht an champais stangadh asam: seanranch atá ann, suite ar dhá mhíle acra talún, iad lán de pháirceanna nach bhfuil iontu ach féar dóite agus ioraí talún ag tochailt mar a bheadh coiníní ann, agus foraoiseacha crónghiúise, na crainn mhaorga sin a bhfuil cáil chomh mór sin orthu i gCalifornia.

Crónghiúiseanna clúiteacha UCSC

Crónghiúiseanna clúiteacha UCSC


Shocraíos go siúlfainn go dtí an campas, ach thóg sé leathuair a chloig orm mo shlí a dhéanamh ón ngeata tosaigh i gcoinne an aird go dtí ceann de na deich gcoláiste atá mar chuid den ollscoil. Fós ní raibh aon radharc agam ar mo cheann scríbe, Stevenson College, áras Roinn na Teangeolaíochta. Rith ioraí talún (tá gaol acu le hioraí liatha na hÉireann, seachas gurbh fhearr leo a bheith ag tochailt seachas ag dreapadh) trasna an bhóthair uaim ach cheapas go raibh mearthall ag teacht orm ó bhrothall lár an lae nuair a léim fia mór téagartha amach os mo chomhair díreach. D’fhan sé tamaillín ag stánadh orm sular thug sé na cosa leis isteach sa choill arís. Shuíos síos tamall ar chiumhais an bhóthair. Siar uaim bhí radharc aoibhinn ar bhá Monterrey, an fharraige ina léinsigh agus dríodar de cheo mara anuas ar an gcósta.
Radharc ó UCSC ar Bhá Monterrey

Radharc ó UCSC ar Bhá Monterrey


Bunaíodh UCSC i 1965 agus tá an cháil uirthi gurb í ceann de na hollscoileanna poiblí is liobrálaí sna Stáit Aontaithe í. Is cinnte go raibh atmaisféar an-réchúiseach ann inniu. Fearadh fíorchaoin fáilte romham i Roinn na Teangeolaíochta. Fear as Doire, Jim McCloskey, atá in Cheann Roinne, iar-Ollamh le Gaeilge i UCD go dtí deireadh na 1980í. Mar theangeolaí is fearr aithne ar Jim, ach tá roinnt oibre déanta aige ar bhás teangacha chomh maith, teangacha bundúchasacha Chalifornia san áireamh, mar is eol d’éinne a léigh a leabhar Guthanna in Éag. Beidh mé ag obair le Jim ar an téama seo le linn mo sheala ag UCSC.
Ceann de gheataí UCSC

Ceann de gheataí UCSC

Chomh maith leis na hioraí agus na fianna, dúirt Jim liom go mbíonn leoin sléibhe ar seachrán sna foraoiseacha timpeall an champais. D’fhéadfaidís a bheith dainséarach do dhaoine, go háirithe dá léimfidís amach ar an mbóthar faoi do rothar. Tharla a leithéid cheana, is cosúil. Bhí súil agamsa turas na hollscoile a dhéanamh ar mo rothar feasta. Leon sléibhe: sin dúshlán nár ghá dom aghaidh a thabhairt air go dtí seo mar léachtóir ollscoile!

Responses

  1. […] na crónghiúiseanna arda, maorga an tréith is suaithinsí dá mbaineann leis (mura gcuirtear na leoin sléibhe san áireamh: a thuilleadh fúthusan ag teacht go luath). Baineann UCSC an-leas as áilleacht na […]

  2. […] ba chinnte go raibh difear mór idir an dá chósta thiar, Gaillimh agus California. Iarradh orm an Ghaeilge a mhúineadh do scata Meiriceánach nach raibh taithí dá laghad acu ar an teanga agus go raibh a bhformhór […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: