santacruznagreine a d’fhoilsigh | 13/09/2009

Raidió Náisiúnta an Phobail

Bíonn cluas agam go minic le NPR anseo. D’éistinn leis ó am go chéile ar an Idirlíon in Éirinn ach bhíodh ró-iomaíocht ann ó stáisiúin eile chun go gcuirfinn aithne cheart air. Mar sin a bhíonn an raidió, is dócha: caithfidh tú aithne a chur ar stáisiún de réir a chéile, faoi mar a dhéanfá le duine. Braithim go bhfuil aithne éigin á cur agam ar NPR tar éis dom seachtain a chaitheamh anseo, ach go bhfuil gnéithe eile dá phearsantacht nach eol dom fós.

KAZU, NPR i gceantar Monterrey

KAZU, NPR i gceantar Monterrey


Tá struchtúr NPR bunaithe ar ghréasán de níos mó ná 800 stáisiún raidió neamhspleách, poiblí, neamhthráchtála ar fud na Stát Aontaithe. Tacaíonn comhlachtaí agus eagrais áitiúla leis na stáisiúin áitiúla sin. Ní chraoltar aon fhógraí ar son na gcomhlachtaí sin, ach luaitear a n-ainm ó am go chéile idir na cláracha. Eagrais bheaga phobail nó gnólachtaí áitiúla a bhíonn i gceist den chuid is mó, iad go léir liobrálach nó glas ina ndearcadh polaitiúil. Tuairim is 130 uair a chloig sa tseachtain de chláracha náisiúnta a dhéantar i gceannáras NPR i Washington, leithéidí Morning Edition agus All Things Considered agus craoltar iad ar na stáisiúin áitiúla go léir. Meascán de na cláracha náisiúnta sin agus de chláracha áitiúla a chraolann na stáisiúin atá i gcleamhnas le NPR. Dhá stáisiún áitiúla atá ar fáil anseo: KUSP (Central Coast Public Radio) a chraolann ó Santa Cruz, agus KAZU, stáisiún áitiúil Monterrey a thagann isteach go soiléir trasna na bá chugainn.

Van Jones, iarchomhairleoir an Uachtaráin Obama ar phostanna glasa

Van Jones, iarchomhairleoir an Uachtaráin Obama ar phostanna glasa


Tá an péire acu ar fheabhas. I dtír seo Fox News agus baothchláracha cainte na heite deise Críostaí, tá géarghá le dearcadh níos leithne agus níos réasúnta ar an saol. Chuaigh cúpla clár i bhfeidhm orm go mór le seachtain anuas: Democracy Now, a chraoltar ar KUSP gach maidin agus Fresh Air, a chloistear ar KAZU tráthnóna. Agus níorbh fhéidir éalú ó thionchar binbeach Fox ar Democracy Now na Máirte: tuairiscíodh gur éirigh Van Jones, comhairleoir speisialta Barack Obama ar an bhfostaíocht ‘ghlas’, as a phost de bharr ionsaithe leanúnacha a dhein duine de láithreoirí gáifeacha coimeádacha Fox air. Chuir Glenn Beck i leith Jones, údar an leabhair Inside the Green Collar Economy, gur ‘communist-anarchist radical’ a bhí ann. Mhaígh sé go raibh Barack Obama ciníoch ina dhearcadh i leith daoine geala agus go raibh an ghráin aige ar an ‘gcultúr geal’. Tarlaíonn sé gur fear gorm é Jones. Tharraing roinnt ollchomhlachtaí Meiriceánacha, leithéidí Wal-Mart, siar a gcuid fógraí teilifíse mar agóid i gcoinne na cainte sin ach leanadh de na hionsaithe coimeádacha ar Jones agus ar Barack Obama. Bhí sé le maíomh ag tráchtairí eile gur cumannach nó Marxach é an tUachtarán Obama, nó gur cumannach-faisisteach é, fiú (bí ag caint ar aineolas stairiúil).

Max Blumenthal

Max Blumenthal


Ba dheacair dom a chreidiúint go bhféadfaí na lipéid seo a bhronnadh ar Obama, beag beann ar do dhearcadh polaitiúil, ach scéal eile ar fad is ea an eite dheis Chríostaí sa tír seo. Ar Fresh Air, a craoladh ar KAZU Déardaoin, cuireadh agallamh fada ar an iriseoir imscrúdaitheach Max Blumenthal, údar an leabhair Republican Gomorrah: Inside the Movement that Shattered the Party. Tugadh léargas scanrúil ar an mbealach inar ghlac an eite dheis Chríosaí seilbh ar an bPáirtí Poblachtach le linn réimse George W. Bush. Dhein Blumenthal cur síos ar na hionsaithe binbeacha atá á ndéanamh ar iarrachtaí rialtas Obama dul i ngleic leis an athrú aeráide, a bhfuil tionchar chomh láidir sin ag na Stáit Aontaithe air. Táthar ag caitheamh na gcéadta milliún dollar ag cur i gcoinne an bhille um fhuinneamh glas atá á phlé faoi láthair. Is ag cruinnithe i hallaí pobail i mbailte beaga ó cheann ceann na tíre agus ar chláracha cainte míchlúiteacha na heite deise atá an cath seo á throid. Léirigh Blumenthal chomh maith conas mar a maoiníodh an feachtas ar son Proposition 8 i gCalifornia, foráil a chuir cosc ar an bpósadh idir beirt fhear, nó beirt bhan, ar an mbonn gurb ionann tacú le daoine aeracha agus léirscrios na sochaí. Tá na milliúin dollar á gcaitheamh ag na grúpaí seo chomh maith ar chur chun cinn an chruthaíochtachais, nó an ‘ceapadh meabhrach’ mar a thugtar air uaireanta, an bhréageolaíocht urchóideach sin a mhaíonn nach ann don éabhlóid agus gur cruthaíodh an domhan laistigh de chúpla lá. Ach ba é an cur síos a dhein Blumenthal ar a thuras chuig Alasca an chuid a rug an chraobh leis go cinnte. Lig sé air gur dhuine de lucht leanúna Sarah Palin é chun go bhfaigheadh sé cead isteach ag slógadh toghchánaíochta i Wasila anuraidh. Bhí sé le maíomh ag duine de lucht eagraithe an tslógtha gurb ionann Palin agus an bhanríon bhíobalta Eistir agus go bhfuil cuma na corónach ar Alasca toisc gur roghnaigh Dia é chun an náisiún go léir a shábháil ón olc. Is maith ann do NPR go cinnte.

Advertisements

Responses

  1. […] seachas PBS (teilifís bhocht phoiblí na Stát Aontaithe – an-lag, cé go bhfuil an raidió NPR go maith), nós ciallmhar, réasúnta maidir leis an síntiús a fhaigheann freastalaí (10% seachas an 20% […]

  2. […] Ina shárleabhar faoi eite dheis Chríostaí Mheiriceá, Republican Gomorrah, maíonn an t-iriseoir Max Blumenthal gur cuireadh Palin ar an ticéad chun na hantoiscthigh a shásamh agus – ar údar dothuigthe […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: