santacruznagreine a d’fhoilsigh | 14/09/2009

Cóisirí tae agus saoirse an phreasa

D’aimsíos stáisiún nua raidió tráthnóna a thug léargas gléineach, scanrúil eile ar an gcoimhlint pholaitiúil sa tír seo faoi láthair. Craolann KZSC, raidió pobail do Santa Cruz agus Bá Monterrey, ó champas UCSC. Is féidir le raidió ollscoile a bheith go hainnis ar fad – mic léinn chaochta ag magadh faoina chéile beo ar an aer – ach, ar an gcéad éisteacht ní hamhlaidh atá i gcás KZSC. Ag a sé gach tráthnóna, craoltar Free Speech Radio News, clár nuachta neamhspleách, malartach a chloistear ar suas le 100 stáisiún raidió pobail sna Stáit Aontaithe.

KZSC, stáisiún pobail ón gcampas

KZSC, stáisiún pobail ón gcampas

Anocht, bhí cur síos an-suimiúil ar cheann de ‘chóisirí tae’ Washington, na slógaí agus na mórshiúlta a d’eagraigh coimeádaigh agus an eite dheis Chríostaí chun agóid a dhéanamh i gcoinne pholasaithe Barack Obama ar an gcúram sláinte, an timpeallacht agus naimhde mórálta an phobail srl. (dúirt léirsitheoirí amháin gurb ionann leasuithe Obama ar an gcúram sláinte agus polasaithe Hitler). Bhí dlúthbhaint ag na meáin choimeádacha, go háirithe Fox News, le heagrú na hócáide. I láthair ag an gcóisir tae, bhí tuairisceoir FSRN, Leigh Ann Caldwell, a dhein cur síos bríomhar ar ar tharla di féin agus d’iriseoirí eile nár bhain le Fox a raibh sé de dhánaíocht iontu freastal ar an ócáid. Tugadh faoi thuairisceoirí CNN go fíochmhar agus baisteadh ‘Communist Network News’ orthu toisc go raibh a gcuid tuairiscí ar leasuithe Obama ar an gcúram sláinte réasúnta tomhaiste. Deich mbliana de mo shaol a chaitheas i m’iriseoir, agus bhí cúpla bliain ann nuair a bhíodh orm faire ar CNN i seomra nuachta RTÉ: ní fhéadfainn seirbhís nuachta níos faide ón gcumannachas a shamhlú ná í. Deineadh imeaglú ar Caldwell agus í ag iarraidh tuairisc a chur le chéile: thosaigh na léirsitheoirí ag liúirigh agus ag béicigh uirthi nuair ba léir dóibh nár bhain sí le Fox. Go deimhin, tugadh na gártha molta do thuairisceoir Fox nuair a tháinig seisean ar an láthair mar a bheadh slánaitheoir ann.

Saoirse an Phreasa?

Saoirse an Phreasa?


Ní rabhas chomh saonta sin riamh gur chreideas sa mhiotas seanchaite sin, ‘an tuairisceoireacht neamhchlaonta’: níl a leithéid de rud ann agus seirbhís nuachta nach bhfuil luachanna nó fealsúnacht éigin laistiar di. Tá a chuid luachanna ag Fox News, nach ionann in aon chor iad agus luachanna NPR nó KZSC. Tá sé riachtanach go mbeadh dearcaí éagsúla á léiriú ag na meáin. Ach os a choinne sin creidim gur cheart d’iriseoirí iarracht láidir a dhéanamh a bheith chomh neamhchlaonta agus is féidir: mura ndéanann siad é sin, ní cheart go mbeidís ag tabhairt ‘iriseoirí’ orthu féin. Tá ár ndóthain ‘tráchtairí’ againn ar na meáin chumarsáide. Nuair a ghlacann craoltóir nuachta dála Fox páirt go díreach sa pholaitíocht, faoi mar atá déanta acu leis na cóisirí tae, agus nuair a thosaíonn lucht a leanta ag déanamh imeaglú ar iriseoirí eile, is ionann é sin agus buille an bháis don iriseoireacht mar cheird agus do shaoirse an phreasa mar choincheap.

Advertisements

Responses

  1. […] cainte agus UC Berkeley Bhí postáil ar an mblag seo agam tuairim is mí ó shin faoi na ‘cóisirí tae’, slógaí a d’eagraigh an […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: