santacruznagreine a d’fhoilsigh | 18/09/2009

Seomra na Luibheanna

Ba faoin Food Bin a bhí mo chéad phostáil ó Santa Cruz coicís ó shin nó mar sin. Dúrt ag an am go raibh siopa eile, The Herb Room, cliathánach leis agus go raibh fonn orm filleadh ansin am éigin. Tráthnóna a fuaireas an deis sin: bhí luibheanna agus spíosraí uaim chun dinnéar Meicsiceach a dhéanamh. Leagfadh boladh síoraí na túise ó dhoras an Food Bin amach thú, ach is é boladh na spíosraí, measctha le hoiread na fríde den túis, a thugann do chaincín go doras na gcomharsan. Má tá an Food Bin suaithinseach, tá Seomra na Luibheanna níos suaithinsí fós. Tá níos mó ná 1,000 saghas luibhe ar díol anseo, cúpla céad ón tSín féin, iad ar fad stóráilte i bprócaí beaga gloine anuas ar a chéile. Bhí cat ramhar ina chodladh ar sheilf na luibheanna agus mé istigh ann, é ag crónán go hard, suáilceach. N’fheadar cad déarfadh an cigire sláinte dá bhfeicfeadh sé a leithéid in Éirinn?

Cat na luibheanna sular thit an piobar air

Cat na luibheanna sular thit an piobar air


Thart orm bhí leabhair mhistéireacha le teidil dála Gaia Herbs agus carn irisí dar teideal Mother Earth News. Bhí lánúin óg a bhí ag stealladh Spáinnise in aice liom ag meá piobar bán le cur isteach i gceann de na prócaí. Thit dornán piobarchaor anuas ar an gcat agus dhúisigh as a shuan é. Pobrecito. Lig sé sraoth mór groí agus léim anuas den seilf. Cheapas go leagfadh sé na prócaí ach níor dhein. D’imigh sé leis amach an doras ag sraothartaigh agus pus air. Bí ag caint ar phiobar a chroitheadh ar eireaball coinín!

Luibheanna líonmhara

Luibheanna líonmhara


Dúirt bean an tsiopa liom gur osclaíodh an Herb Room tuairim is fiche bliain ó shin agus go bhfuil lucht leanta dílis acu ó shin. Tagann daoine ó bhailte eile i gContae Santa Cruz chun a gcuid luibheanna a cheannach anseo. Díoltar táirgí áilleachta agus earraí maisíochta chomh maith. Má ídíonn tú an ghlóthach chithfholctha ar fad, tugann tú leat do bhuidéilín folamh agus líonann tú arís sa siopa é. B’iontach liom cé chomh réasúnta agus a bhí na praghasanna: fuaireas cúpla punt de shíolta mustaird, paiprice agus púdar cillí ar $6. Bhí an dinnéar go haoibhinn ar fad.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: