santacruznagreine a d’fhoilsigh | 23/09/2009

Surfáil agus suaimhneas ag an bhFaill Thiar

Tá cáil na surfála ar Santa Cruz. Tá an baile breac le surfálaithe. Taithíonn siad pubanna áirithe, a dtugtar dive bars orthu. Nuair a chloisim an focal dive in Éirinn, cuimhním ar sheomra thar a bheith míshlachtmhar, mar a bheadh cró muice ann. Ní fhéadfaidh mé a rá go bhfuil dive bars Santa Cruz ar na háiteanna is mealltaí ón dtaobh amuigh – agus caithfidh mé a rá gur ón tsráid amháin atá siad feicthe agam. Bíonn cúpla surfálaí lasmuigh i gcónaí, cláir surfála faoina n-ascaill acu, iad ag glaoch dude agus man ar a chéile.

Triúr surfálaithe aníos as an sáile

Triúr surfálaithe aníos as an sáile


Ó Bhóthar na Faille Thiar, West Cliff Drive, is mó a fheictear iad ag surfáil, iad ag iomrascáil le tonnta láidre an Aigéin Chiúin. Bailíonn daoine go minic os cionn an Pleasure Point Beach chun féachaint orthu ar na cláir surfála. Is féidir ceachtanna surfála a dhéanamh ar Thráigh an Phléisiúir nó go díreach páirt a ghlacadh sa lucht féachana a fhanann ann an lá ar fad go dtí go n-imíonn an ghrian faoi. Ní raibh ag éirí go rómhaith leis na surfálaithe agus mé ann. Ba bheag nár bádh cúpla duine acu. Caithfidh sé go rabhadar go léir ar an gcéad cheacht. Bhí ualach surfálaithe ag siúl thar bráid i gcaitheamh an ama, dath na gréine orthu, iad fáiscthe ina gcultacha uisce, an sáile ar sileadh díobh féin agus dá gcláir surfála. Bhí an chuma orthusan gur thuigeadar an cúram: d’fhéach duine acu go tarcaisneach síos ar na tosaitheoirí bochta a bhí ag titim dá gcláir surfála.
Dealbh an tSurfálaí

Dealbh an tSurfálaí


Thuas anseo atá Músaem na Surfála chomh maith, tigh solais de bhrící beaga dearga ag barr na trá. Istigh tá eolas faoi stair na surfála i Santa Cruz agus samplaí de sheanchláir surfála déanta de chrónghiúiseanna, chomh maith leis na cinn nua-aimseartha. Bhí sé leamh go maith, déanta na fírinne. Lasmuigh den Mhúsaem bhí cúpla fear i mbun capoeira, radharc i bhfad ní ba shuimiúla. Braithim gur mó an ealaín a bhain le lucht an chapoeira ná leis na surfálaithe, ach is cinnte go bhfuil scileanna ar leith ag teastáil amuigh ar an uisce chun nach mbeifeá i mbaol do bháite.
Rinceoirí i mbun capoeira

Rinceoirí i mbun capoeira


Soir tamaillín atá Dealbh an tSurfálaí a sheasann do spiorad na surfála i gCalifornia, de réir dealraimh. Tharraing an dealbh ualach turasóirí agus cuid mhaith surfálaithe chomh maith, iad ag glacadh grianghrafanna dá chéile taobh leis an surfálaí ard cré-umha.

Siar uaidh seo, bhí bóthar cúng ag lúbarnáil timpeall an chinn tíre, bláthanna farraige ag fás ar an dá thaobh de agus radharcanna scáfara ó na failltreacha arda. Fuaireas binse beag, faoi scáth crainn, agus shuíos tamall ar mo shuaimhneas ag féachaint síos ar an dTigh Solais, áirse mhór cloiche fúm agus an fharraige cháiteach ag briseadh tríthi. Tá na binsí go léir thart anseo greannta le hainmneacha daoine de mhuintir na háite a cailleadh agus ar theastaigh óna muintir go gcuimhneofaí orthu. Nós álainn, i bhfad níos dearfaí agus níos cumhachtaí ná reilig. Kyushiro Mine, 1897-1993, a bhí greannta ar mo bhinsese, after a long journey, peace. B’fhearr liom a leithéid go mór ná leac fhuar. Rith madra mór dubh trasna na trá thíos fúm, é ag iarraidh breith ar liathróid bhuí, a úinéir á caitheamh isteach sa bhfarraige. Ba bheag nár scuab tonn mhór an madra bocht chun siúil. Lig a úinéir na gártha leis, ach tháinig sé slán sa deireadh, é leathbháite agus creathán fuachta tríd in ainneoin na gréine.

An binse is ansa liom ar an West Cliff Drive

An binse is ansa liom ar an West Cliff Drive


Níos faide ar aghaidh, bhí cuas beag eile lán surfálaithe agus tonnta láidre ag briseadh ar na carraigeacha. Bhí an dream seo thar a bheith ealaíonta, a gcuid clár ag scimeáil go héadrom ar bharr na dtonn, iad mar a bheadh eascúin ag lúbarnáil tríd an sáile. Ba léir gur dream iad seo a thuig a gceird agus a raibh cleachtadh maith acu uirthi. Caithfidh sé go dtéann na fíorshurfálaithe siar agus go bhfágtar an Pleasure Point faoi lucht na gceachtanna.
Surfálaithe i ngleic leis na tonnta

Surfálaithe i ngleic leis na tonnta

Thiar ag deireadh an West Cliff Drive ar fad tá tráigh álainn leathan leis an ngaineamh is míne a d’fhéadfaí a shamhlú, agus coill bheag eoclaipe laistiar di. Tá suaimhneas le fáil ar Bhóthar na Faille Thiar, go háirithe má leanann tú ort go deireadh an bhóthair agus má fhanann tú go mbeidh an ghrian ag dul faoi.

Advertisements

Responses

  1. Mór an spórt an blag a John, Treise leat!

  2. […] amach ar feadh míle sa bhfarraige. Tá tránna agus dumhcha breátha fan an chósta go léir. Mecca surfála is ea an tráigh i gCapitola, tamall ó dheas uainn, nó Lighthouse Beach i Santa Cruz féin. Is […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: