santacruznagreine a d’fhoilsigh | 27/09/2009

Ar an mbus i Santa Cruz … le do rothar

Bus na rothar chugainn

Bus na rothar chugainn


Is mór idir é agus Bus Éireann. Tá busanna Santa Cruz an-tugtha do rothair. Go deimhin féin, tá an chathair ar fad tugtha do rothair chomh maith. Tá lánaí rothair ar go leor de bhóithre na cathrach agus iad cóirithe go maith, ar an mórgóir. Ní bheifeá i mbaol báis orthu ar aon chuma, faoi mar a bheadh i mBaile Átha Cliath, gan trácht ar an nGaillimh nach bhfuil inti ach lána suarach nó dhó. Ní rabhas ag súil le cultúr rothaíochta sna Stáit Aontaithe, ach nach mé a bhí aineolach ar a bhfuil ar siúl i Santa Cruz. Beidh a thuilleadh le rá faoin rothaíocht féin agam i bhfad na haimsire ach fillimis ar na busanna go fóill. Leath na súile orm an chéad mhaidin dom anseo nuair a chonac raca rothar ceangailte de thosach gach bus. Tá slí do thrí rothar ar an raca agus an-éileamh go deo ar an tseirbhís, go háirithe ó mhic léinn agus ó léachtóirí nach mbíonn fonn orthu an cnoc géar dhá mhíle idir lár na cathrach agus UCSC a chur díobh.
Mic léinn ag baint a gcuid rothar den bhus

Mic léinn ag baint a gcuid rothar den bhus

Mura mbíonn tú i do shuí go luath ar maidin, nó cónaí ort in aice le stáisiún an bhus, ní aimseoidh tú slí do do rothar ar an raca. Ní ghearrtar aon táille sa bhreis ar na rothaithe, dar ndóigh. Tá na busanna féin glan agus tagann siad nuair a ghealltar iad, den chuid is mó. Fógraíonn guth réamhthaifeadta mná na stadanna ar fad go huathoibríoch, Bay and High, UCSC Main Entrance agus mar sin de. Is mór an áis a leithéid don ainniseoir bocht nach bhfuil eolas na cathrach aige, mo dhála féin cúpla seachtain ó shin, nó don té nach bhfuil radharc na súl go maith aige. Ceachtanna iomadúla do bhrealsúin Bhus Éireann, nach rithfeadh sé leo áiseanna dá leithéid a chur ar fad agus a bhfuil dearg-ghráin acu ar rothaithe. Ar mo rothar a théim chun na hoibre gach maidin, gach cúnamh an bhus, ach ar a laghad tuigim go bhfuil an raca ann má bhuaileann leisce mé.

Advertisements

Responses

  1. On yer bike, Doctor John! 😉


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: