santacruznagreine a d’fhoilsigh | 05/10/2009

Boladh cumhra agus bluegrass

Rinceoirí na páirce

Rinceoirí na páirce


Mé díreach ar ais ó fhéile bhliantúil bluegrass San Francisco, Hardly Strictly Bluegrass. Ba í seo an t-ochtú bliain den fhéile a reáchtáiltear saor in aisce i gceann de chúinní iomráiteacha na cathrach, Páirc an Droichid Órga. Agus bí ag caint ar láthair nótáilte! Mura raibh grá do chroí agat don bhluegrass crua ba chuma, toisc go raibh raon chomh leathan san stíleanna ceoil agus ceoltóirí le clos ar an láthair le linn an deireadh seachtaine. Cé a cheapfadh, mar shampla, go mbeadh Billy Bragg ag casadh ag féile bluegrass, nó The Chieftains, fiú? Is léir go raibh sainmhíniú an-leathan in úsáid ag lucht eagraithe na féile ach nach cuí an rogha í sin agus fréamhacha an bhluegrass féin i gceol na hÉireann, na hAlban agus Iarthar na hAfraice?
An slua ollmhór ag Stáitse an Bhainseó

An slua ollmhór ag Stáitse an Bhainseó


Ní raibh an oiread san cur amach agam ar an mbluegrass roimh dom imeacht go Páirc an Droichid Órga ach is mó mo chion anois air ná riamh. Bhí anamúlacht thar na bearta le brath sa pháirc ag na bainseónna, na maindilíní agus na fidileacha go léir, gan trácht ar dhrumaí móra agus cnagadh síoraí seasta Iarthar na hAfraice. Ar na réaltaí ba mhó bhí Gillian Welch agus Emmylou Harris féin, ar bronnadh dochtúireacht oinigh sa cheol uirthi le linn na féile. Bhí Emmylou níos fearr fós ná mar a bhí sí nuair a chonac í i mBaile Átha Cliath anuraidh. B’fhéidir gur fearr léi na páirceanna móra seachas an National Stadium. Bíonn stró uirthi ag cuid de na nótaí arda ó am go chéile, ach is cuma faoi sin. Ní dhéanann an ciachán ach cur le paisean agus le briseadh croí na n-amhrán féin. Caithfidh sé go bhfuil Emmylou amach sna seascaidí anois, ach níor dhóigh leat é lena raibh de chroí agus d’anam á gcur sa cheol aici, an ghaoth ag séideadh a cuid gruaige báine agus an clapsholas ag titim ar San Francisco.
An Dr. Emmylou Harris

An Dr. Emmylou Harris


Bhí Gillian Welch thar barr chomh maith, cé go raibh gála gaoithe ag ropadh isteach ón Aigéan Ciúin tríd an bpáirc ag an am. ‘Things are falling apart up here’, a dúirt sí, agus cuid den trealamh á séideadh san aer thar an stáitse. Bhí idir óg agus aosta sa slua, lánúintí óga grámhara agus daoine a bhí ag teannadh amach sna blianta ina measc. Agus ualach mór madraí! Ní fhaca riamh an oiread san acu ar aon láthair amháin. Ar an mórgóir, bhíodar an-séimh ar fad, go deimhin féin ní ba shéimhe ná cuid de na daoine a raibh an iomarca ólta nó caite acu. Ar cheann de na cuimhní a fhanfaidh liom ón deireadh seachtaine, tá boladh cumhra na ndrugaí ar foluain os cionn na páirce ó cheann ceann an lae. Dhein Gillian Welch suntas de chomh maith: ‘there’s a refined, fragrant smell wafting around me’, a dúirt sí, rud a chuir an slua ag liúraigh le háthas.
Fleaige na féile

Fleaige na féile


Duine de bhaincéirí móra San Francisco, Warren Hellman, a íocann as an bhféile seo gach bliain. Bhíodh sé sna Poblachtánaigh ach d’fhág sé iad nuair a chuadar le creideamh. ‘There are two parties in this country: the Democratic Party and the Religious Party’, a dúirt sé. N’fheadar cad a spreagann a fhlaithiúlacht, ach caithfidh sé nach bhfuil aon ghanntanas airgid ar Hellman chun na céadta ceoltóirí a thabhairt le chéile ar aon láthair amháin, gan trácht ar íoc as costais slándála agus leictreachais. B’fhéidir gur mó an meas a bheadh ar na baincéirí sa bhaile dá n-eagróidis cúpla féile mhór cheoil saor in aisce.

Advertisements

Responses

  1. Et le danse du chat?


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: