santacruznagreine a d’fhoilsigh | 10/10/2009

Crónghiúiseanna maorga an champais

Crónghiúiseanna lasmuigh de m'oifig

Crónghiúiseanna lasmuigh de m'oifig

Tá campas UCSC thar a bheith neamhghnáthach ar mhórán slite, ach déarfainn gurb iad na crónghiúiseanna arda, maorga an tréith is suaithinsí dá mbaineann leis (mura gcuirtear na leoin sléibhe san áireamh: a thuilleadh fúthusan ag teacht go luath). Baineann UCSC an-leas as áilleacht na crónghiúise ina ábhar poiblíochta agus is í an chrónghiúis an chéad íomhá a fheictear ar shuíomh Idirlín Roinn na Teangeolaíochta. Sa lá atá inniu ann, ní fhásann an chrónghiúis ach ar chósta lár agus thuaisceart Chalifornia, agus i bpaiste beag d’oirdheisceart Oregon. Crann an-seanda ar fad is ea é, áfach, agus bhaineadh fairsingeacht bhreá leis san am a caitheadh. Dar le leabhar ríshuimiúil a cheannaíos i siopa na hollscoile, The Natural History of the UC Santa Cruz Campus, caoga milliún bliain ó shin bhain na crónghiúiseanna le foraois ollmhór a chlúdaigh an chuid ba mhó de leathsféar thuaidh an domhain. Tuairim is ocht milliún bliain ó shin, nuair a d’athraigh an aeráid sa chuid seo den domhan, a chúlaigh an chrónghiúis go dtí an ceantar réasúnta beag ina bhfásann sí inniu.

An choirt chrón is cúis lena hainm

An choirt chrón is cúis lena hainm

Is í an chrónghiúis an crann is airde dá bhfásann ar chlár na cruinne. Tá cuid de na cinn is airde i gCalifornia 360 troigh ar airde, níos faide ná páirc peile. Fásann an chrónghiúis óg go han-tapaidh ar fad, suas le seacht dtroithe in aghaidh na bliana. Bíonn saol an-fhada ag an gcrónghiúis chomh maith, chomh fada le dhá mhíle bliain uaireanta. Sin fíric a bhain an anáil díom, agus mé ag léamh liom faoi scáth crónghiúise ag am lóin inné. Bíonn coirt nó craiceann an-tiubh ar fad orthu agus is beag an roisín atá ann, rud a fhágann gur rídheacair iad a chur trí thine. Is maith an chosaint í an choirt chéanna: gach lá agus mé ag strácáil liom i gcoinne an chnoic, feicim fógra Fire Danger ar thaobh an bhóthair. Níos minice ná a mhalairt, bíonn ‘high’ nó ‘extreme’ scríofa air, fiú agus sinn i lár Dheireadh Fómhair. Is cosúil go gcuireann an craiceann tiubh naimhde eile an chrainn ó dhoras chomh maith, dála feithidí nó ainmhithe beaga nó móra a chuirfeadh poill ann. Bíonn go leor uisce de dhíth ar an gcrónghiúis agus súnn sí isteach ó cheo na maidine é. Tá cuid acu chomh hard san go suathann siad an ceo san aer os a gcionn agus titeann a thuilleadh braonaíocha uisce anuas orthu.

Crónghiúis na gréine

Crónghiúis na gréine


Bhíodh an-tóir ar an gcrónghiúis dá hadhmad agus faoi dheireadh an 19ú haois, bhí cáil ar Santa Cruz mar láthair ina leagtaí an-chuid crann. Go deimhin, bhí tionscal láidir lómánaíochta san áit. D’úsáidtí go leor den adhmad chun áitheadóireachta: dhéantaí aol de mharmar anseo agus dhóití an marmar in áitheanna a bhfuil rian díobh le feiscint ag bun an champais go fóill. Bhí an-chuid adhmaid de dhíth ar na háitheadóirí chun an splanc a choimeád sa tine agus gearradh an chuid ba mhó de chrónghiúiseanna Santa Cruz go talamh le linn na tréimhse sin.

D'fhéadfadh an smután seo a bheith céad bliain d'aois nó níos mó

D'fhéadfadh an smután seo a bheith céad bliain d'aois nó níos mó

Ach tá teacht aniar sa chrónghiúis: fásann sí arís, go tapaidh agus go tréan, agus mar sin a tharla i gcás na gcrann atá ar fud an champais inniu. Is cosúil gur beag crann buaircíneach air atá ábalta ar athfhás chomh láidir leis an gcrónghiúis. Ní haon iontas go maireann cuid acu dhá mhíle bliain. Roimhe seo, is mó duine a chreid gur thug saol fada na cróghiúise tréithe osnádúrtha nó beannaithe di. Sna 1980í, thóg mic léinn altóirí agus tearmainn i measc na gcrónghiúiseanna san áit a bhfuil College 9 agus College 10 ina seasamh inniu agus bhaist Elfland ar a dtír tairngire. Ag siúl dom faoi scáth na gcrónghiúiseanna inné, rith sé liom gur geall le hardeaglaisí glasa, nádúrtha iad, ag síneadh go maorga i dtreo na spéire, gathanna gréine ag síothlú anuas tríothu. Is áille go mór iad ná teampall ar bith.

Advertisements

Responses

  1. […] meallfaidh iontaisí an tsaoil ó na leabhair thú. Ach tar éis an tsaoil, tá roinnt mac léinn i measc na gcrónghiúiseanna anois a bhfuil ar a gcumas na bunbheannachtaí Gaeilge a úsáid, iad féin a chur in aithne agus […]

  2. […] dtí an cósta le cur ar bháid. Ba bheag nár díothaíodh na crónghiúiseanna ar fad ach mar a scríobhadh anseo cheana, tá teacht aniar sa chrann maorga sin agus foraoiseacha breátha fairsinge ann arís inniu i […]

  3. […] na crónghiúiseanna ar cheann de bhuaicphointí chósta Chalifornia gan aon agó. Bhí seans liomsa a bheith ag obair […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: