santacruznagreine a d’fhoilsigh | 11/10/2009

Páirc náisiúnta Wilder Ranch

Sand Plant Beach i bPáirc Náisiúnta an Wilder Ranch

Sand Plant Beach i bPáirc Náisiúnta an Wilder Ranch

Craoladh clár teilifíse anseo le gairid ar PBS, an stáisiún teilifíse poiblí, faoi pháirc náisiúnta Yosemite i lár Chalifornia, ceann de sheoda nádúrtha an stáit seo, a deirtear. Rianaíodh scéal na bpáirceanna náisiúnta ar fad ar fud na tíre agus thug duine de na staraithe a bhí faoi agallamh ‘an smaoineamh ab fhearr dá raibh ag na Meiriceánaigh riamh’ orthu. Ba í an argóint a bhí aige gurbh éigean do na Meiriceánaigh a n-easpa ailtireachta agus séadchomharthaí stairiúla a chúiteamh ar shlí éigin. Déantar mór-is-fiú anseo d’fhoirgneamh atá níos mó ná céad bliain d’aois, rud nach dtarlódh go brách san Eoraip áit a bhfuil raidhse láithreacha tógtha a théann siar i bhfad sa stair. Níl a leithéid anseo toisc nár fhág na bundúchasaigh rianta fisiciúla mar sin ina ndiaidh agus féachtar ar na páirceanna náisiúnta mar shéadchomharthaí stairiúla na tíre seo.

Failltreacha an Wilder Ranch

Failltreacha an Wilder Ranch

Tá roinnt de na páirceanna sin thart faoi Santa Cruz, ina measc an Wilder Ranch State Park cúpla míle ó thuaidh den chathair. Tá 7,000 acra sa pháirc fhairsing seo, í ag síneadh ó mhachairí réidhe an chósta isteach sna sléibhte agus chomh fada le teorainn UCSC. Síneann raon rothar fan an chósta chomh fada léi agus an seaniarnród de chuid Union Pacific nach n-úsáidtear ach i gcomhair lastais anois, cé go bhfuil pleananna ag comhairle na cathrach í a athoscailt mar líne turasóireachta. Sníonn srutháin (a dtugtar ‘góilíní’ anseo orthu – Wilder Creek, Baldwin Creek) chomh fada leis na hinbhir ar an gcósta. Tá na hinbhir chéanna thar a bheith torthúil. D’fhástaí leitís agus cál iontu san am a caitheadh ach fágadh faoi na plandaí dúchasacha fiáine iad le blianta beaga anuas mar chuid d’athchóiriú na páirce. Meallann an fiántas sin thar n-ais éin agus éisc nach bhfacthas anseo le fada.

Iarnród tréigthe Union Pacific

Iarnród tréigthe Union Pacific

Tá cuid mhaith tránna beaga gainmheacha fan an chósta seo, go leor díobh caomhnaithe agus gan cead isteach ag an bpobal orthu. Snámhann rónta ramhra trí stuanna móra cloiche agus deirtear go mbíonn madraí uisce, míolta móra agus deilfeanna le feiscint chomh maith, cé nach bhfacamarna iad an lá faoi dheireadh. Agus tá ceo iomráiteach lár Chalifornia ann chomh maith. Titeann sé go hobann gan choinne. Chaithfeá geansaí a bhreith leat i gcónaí ar eagla na heagla, go háirithe an tráth seo de bhliain agus an geimhreadh ag teannadh linn.

Cuid d'fheirm mhuintir Wilder

Cuid d'fheirm mhuintir Wilder

Ba leis na Ohlone, bundúchasaigh lár Chalifornia an talamh seo tráth. Cuireadh an saol a bhí acu bunoscionn ar fad nuair a tháinig na Spáinnigh i 1776. Cé go bhfuil cuid de na bundúchasaigh fós ina gcónaí sa cheantar seo, is beag a fhanann dá gcultúr: tá a gcuid teangacha ar fad imithe in éag le caoga bliain nó mar sin. I lár Wilder Ranch tá feirm athchóirithe a tógadh sna 1840í nuair a bhí an ruaig curtha ar na Ohlone. D’úsáidtí ar dtús mar fheirm déiríochta í. Ag an am sin, bhí cáil Santa Cruz ag leathadh i bhfad is i gcéin mar cheantar an-saibhir: bhí na crónghiúiseanna agus crainn mhóra eile á leagan go tiubh chun lománaíochta, agus bhíothas ag déanamh aoil i bhfoirnéisí a bhí ag brath ar sholáthar leanúnach adhmaid. Mheall cáil an tsaibhris muintir Wilder chun an cheantair thart faoi 1870 agus níorbh fhada gur cheannaíodar an fheirm seo. Nuair a thit an tóin as an déiríocht sna 1930í, shocraíodar go ndéanfaidís ranch den fheirm agus chuireadar beithígh ag iníor sna páirceanna.

Amú sa cheo?

Amú sa cheo?

Bhíothas chun tithe a thógaint anseo sna 1970í ach throid muintir Santa Cruz ina choinne sin agus caomhnaíodh an ceantar ina pháirc náisiúnta. Níorbh aon Yosemite é an Wilder Ranch, ach b’fhiú an turas rothair é go siúráilte. Ach níor fhéadas gan cuimhneamh ar na Ohlone, ar baineadh a gcuid tailte díobh an chéad lá riamh. Ar a laghad, luaitear iad san ionad taispeántais agus beidh lá ceiliúrtha ag a sliocht ar an bhfeirm an mhí seo chugainn. Tá scéal na mbundúchasach i gCalifornia ag dó na geirbe agam de réir mar a léim na cuntais faoin léirscrios a deineadh ar na treibheanna agus ar a dteangacha. Beidh a thuilleadh agam faoina scéal i bhfad na haimsire.

Advertisements

Responses

  1. […] Cruz, ar bhóthar iomráiteach an chósta Highway One, tá Páirc Náisiúnta Año Nuevo. Tá na páirceanna náisiúnta ar cheann de sheoda na tíre seo gan aon agó agus ní haon eisceacht é Año Nuevo. Bhí seans […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: