santacruznagreine a d’fhoilsigh | 13/10/2009

Santa Cruz na báistí síoraí

Nach mé a bhí soineanta ag baisteadh Santa Cruz na gréine ar an mblag seo? Tá an stoirm is measa ó 1962 i leith ag réabadh trí chathair Santa Cruz agus lár Chalifornia ar fad, San Francisco san áireamh. Tá sé ag clagarnaigh le cheithre uaire a chloig fichead anuas, tá bóithre faoi uisce, tá daoine á n-aistriú amach as a dtithe agus fágadh gan solas sinn cuid den lá. Agus mé á scríobh seo, tá an ghaoth ag lascadh na fuinneoige agus tá brosna agus cipíní an gheimhridh á séideadh timpeall an chlóis. Tá stró ar an gcrann líomóide lasmuigh den doras tosaigh, na géaga á lúbadh siar agus aniar gan taise gan trócaire. Chuas amach ag bailiú líomóidí tite ó chianaibh agus bádh mé go craiceann. Beidh líomanáid againn as seo go Thanksgiving ar a laghad nó go dtí an Nollaig féin. Agus tá plá bíobalta seangán againn le cúpla uair a chloig anuas. Buaileann siad isteach chugainn go rialta gan choinne, gan chuireadh ach caithfidh sé gur gráin leo an bháisteach mar tá ionradh ar scála míleata á dhéanamh acu ar an seomra folctha faoi láthair. Leagadh na cannaí bruscair lasmuigh cúpla babhta anocht, agus níorbh iad na racúin (ná na seangáin) ba chúis leis. An rud is annamh is iontach; táimid cráite ag na racúin chraosacha chéanna. Pé poll ina bhfuil siad inniu, tá súil agam go bhfuil siad fliuch báite.

Mapa na báistí: féach an paiste dorcha os cionn lár Chalifornia!

Mapa na báistí: féach an paiste dorcha os cionn lár Chalifornia!

Tá na meáin áitiúla ag tuairisciú gur tharla cúpla maidhm talún sna cnoic lasmuigh den chathair inniu. Bhuail ualach pluda faoi cheann de na tithe ar Grizzly Flat Road agus d’fhág duine de mhuintir an tí teanntaithe istigh ann. Dúirt na póilíní go raibh pluda agus smionagar ag teacht anuas an cnoc ina slaoda agus iad ag iarraidh an bhean a tharrtháil. Is cosúil gurb iad na ceantair a dódh i dtinte an tsamhraidh is measa atá buailte, toisc nach bhfuil an talamh láidir a dóthain chun an bháisteach a sheasamh. Níor tharla an oiread sin tinte i gceantar Santa Cruz, ach deirtear go bhfuil cuid de mhórcheantar LA i mbaol ó na maidhmeanna talún. Is maith an ní go bhfuilimse i gcroílár Santa Cruz, i bhfad ó na cnoic agus ón talamh a dódh sna tinte.

Duine á shéideadh chun siúil i lár Santa Cruz

I ngleic leis an gclagar i lár Santa Cruz

Tá an mótarbhealach idir seo agus San Jose, Highway 17, faoi uisce ag mullach an chnoic, áit a bhfuil cúpla log mór sa bhóthar. Fágann sé sin Santa Cruz ina oileán, geall leis. Nach ait an rud é gur chaith ionadaithe tofa Chalifornia an deireadh seachtaine ar fad ag plé na géarchéime uisce a mbítear ag déanamh an oiread sin cainte fúithi? Baineann dhá ghné leis an ngéarchéim chéanna: eapsa báistí, atá ag dul in olcas go mór le blianta beaga anuas a bhuíochas leis an athrú aeráide, agus drochinfreastruchtúr píopaí chun an t-uisce a iompar ó na taiscumair go dtí an pobal. Aimsíodh réiteach sealadach ar an easpa báistí inniu ach go háirithe. Agus tuar na haimsire? Maolóidh an stoirm de bheagán anocht agus imeoidh sí léi isteach faoin tír. Gura fada uainn í. Agus an bhail chéanna ar na seangáin.

Advertisements

Responses

  1. A Jhohn, tá súil agam nach bhfuil tú fliuch báite ar nós na racúin!…. Tá an blag go hiontach ar fad. An bhfuil muid chun aon pictiúirí de santacruznagreine é féin a fheiceáil? Bhí mé ag tnúth le tú a fheiceáil ag surfáil…..
    Ceist amháin – céard é seangán?!

    • A Órla,
      Seangán = ant. Focal an-tábhachtach i Santa Cruz! An ghrian ar ais inniu! Ní fheicfear aon phictiúr de JW ar an gclár surfála…

  2. […] amuigh bíonn gealas sa spéir nach samhlófá le geimhreadh na hÉireann go deo. Ach bhí roinnt stoirmeacha drámatúla garbha againn chomh maith céanna, a réab isteach ón Aigéan Ciúin agus a steall báisteach throm anuas […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: