santacruznagreine a d’fhoilsigh | 17/10/2009

Saoirse cainte agus UC Berkeley

Túr na hollscoile, an campanile, a bunaíodh ar thúr Piazza San Marco sa Veinéis

Túr na hollscoile, an campanile, a bunaíodh ar thúr Piazza San Marco sa Veinéis

Bhí postáil ar an mblag seo agam tuairim is mí ó shin faoi na ‘cóisirí tae’, slógaí a d’eagraigh an eite dheis i gcoinne Barack Obama i Washington agus i hallaí pobail timpeall na tíre ní ba luaithe i mbliana. Ar cheann de na húdair imní a bhí ann faoi ‘chóisir’ Washington, bhí an drochmheas a léirigh na hagóideoirí ar iriseoirí nach raibh ina maidríní lathaigh ag Fox News. Léiriú eile ar fad ar an tsaoirse cainte a fuaireas agus mé in Ollscoil Chalifornia Berkeley an tseachtain seo.

Tá UC Berkeley ar cheann de na hollscoileanna is fearr ar domhan. Tá ceann agus fiche de dhuaiseanna Nobel buaite ag scoláirí dá cuid. An tseachtain seo féin, bronnadh duais Nobel san Eacnamaíocht ar dhuine eile díobh, Oliver Williamson. Agus cé go bhfuil tua brúidiúil na géarchéime eacnamaíochta ag titim ar áirsí uaisle an UC chomh maith céanna le gach aon áit eile, maireann cáil Bherkeley dá scoláireacht fhorásach agus radacach in an-chuid réimsí éagsúla léinn. Tá an Léann Ceilteach á theagasc ann, agus bíonn deis ag mic léinn an Nua-Ghaeilge a fhoghlaim. Go deimhin, níl cúrsa iomlán fochéime sa Léann Ceilteach ar fáil in aon ollscoil eile sna Stáit Aontaithe.

Aoibhinn beatha an mhic léinn...

Aoibhinn beatha an mhic léinn...

cáil na raidiciúlachta ar champas UC Berkeley ó thús na haoise seo caite i leith. Mheall sé intleachtóirí neamhspleácha riamh anall, daoine a cheistigh an tslí ina raibh an pholaitíocht, an cultúr agus an tsochaí féin eagraithe. Síos trí na blianta, chuaigh na mílte mac léinn i mbun agóide san ollscoil agus ar shráideanna na cathrach ar chúiseanna éagsúla: i gcoinne an ollsmachtachais agus an fhaisisteachais sna 1930í, i gcoinne na rialacha nua frith-Chumannacha a achtaíodh sna Stáit Aontaithe sna 1950í, ar son saoirse cainte sna 1960í, ar son chearta do mhná, do mhionlaigh eitneacha agus do dhaoine aeracha sna 1970í. Maireann an traidisiún sin fós.

Mar sin féin, bhí cuma thar a bheith suaimhneach ar an gcampas agus mé ann, fiú ar Sproul Plaza, áit ar tharla go leor de na hagóidí stairiúla. Cé go bhfuil 35,000 míle mac léinn ag freastal ar Bherkeley, ní raibh an campas leath chomh plódaithe agus a cheapas a bheadh sé. Níor bhris réabhlóid amach agus mise ag siúl thart ach bhí blaiseadh den pholaitíocht chomhaimseartha le fáil: póstaeirí crochta d’fhuinneoga ag áiteamh nach ceart margadh a dhéanamh den oideachas ollscoile, bileoga frithchogaidh á scaipeadh ag mic léinn, léirsithe eile beartaithe faoi na ciorruithe airgeadais, brú á chur ar dhuine d’ollúna an dlí toisc gur chosain sé gnéithe áirithe den chiapadh in Guantánamo Bay.

An pholaitíocht chomhaimseartha ar Sproul Plaza

An pholaitíocht chomhaimseartha ar Sproul Plaza

Ach ba é Caifé na Gluaiseachta um Saoirse Cainte ba mhó a tharraing m’aird. Is dócha gurb iad na blianta a chaitheas i m’iriseoir a thug orm suim a chur ann. Bunaíodh an Ghluaiseacht um Saoirse Cainte i mBerkeley i 1964, faoi anáil Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta, nuair a cuireadh srian ar imeachtaí polaitiúla ar an gcampas. D’áitigh na mic léinn go rabhthas ag cur sriain lena saoirse cainte agus gur cheart go bhféadfaidís leanúint dá slógaí agus dá gcruinnithe polaitiúla ar Sproul Plaza. Gabhadh níos mó ná 800 mac léinn le linn móragóide i mí na Nollag 1964. An bhliain dár gcionn, reáchtáil na mic léinn agus na léachtóirí araon sraith agóidí i gcoinne an chogaidh i Vítneam agus i gcoinne an choinscríofa. Íorónta go leor, chuir na hagóidí sin le hiarrachtaí Ronald Reagan go dtoghfaí ina ghobharnóir ar Chalifornia é agus bhí an bua aige i 1966. Níor leasc leis an lámh láidir a úsáid i gcoinne na n-agóideoirí ina dhiaidh sin.

Caifé na Gluaiseachta um Saoirse Cainte

Caifé na Gluaiseachta um Saoirse Cainte

Nuacht na hÉireann ar crochadh i mBerkeley

Nuacht na hÉireann ar crochadh i mBerkeley

Lasmuigh de Chaifé na Gluaiseachta um Saoirse Cainte, bhí painéil mhóra phlaisteacha a raibh suas le fiche ceann de nuachtáin laethúla Bhéarla an domhain crochta orthu, The Guardian, The South China Post agus The Jerusalem Post ina measc. Ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann bhí The Irish Examiner. Ba dheacair dom a shamhlú go mbeinn ag léamh scéalta nuachta na hÉireann ar phainéal poiblí i gCalifornia maidin ghrianmhar i lár Dheireadh Fómhair. Smaoineamh iontach ab ea é nuacht an lae a chrochadh go poiblí mar sin mar léiriú ar thábhacht na saoirse cainte don daonlathas ar fud an domhain. Laistigh bhí cóipeanna de shean-nuachtáin Cheantar na Bá greamaithe de na boird faoi do chupán. Ní bheadh aon easpa léitheoireachta ort ach go háirithe. Ach b’ait liom gur i mBéarla amháin a bhí na nuachtáin, go háirithe i stát ilteangach Chalifornia, ar Easpáinnigh iad beagnach leath an daonra. Ní saoirse cainte go saoirse cainte i dteangacha uile an domhain.

Advertisements

Responses

  1. […] an stáit, bhí agóidí den tsórt céanna ar bun, go háirithe ag UC Berkeley, áit a maireann traidisiún radacach na 1960í go fóill. Bhí ceann d’fhoirgintí an champais faoi léigear ag suas le 40 mac léinn […]

  2. […] na Bá, go háirithe ar an mbá thoir i mBerkeley. Berkeley na gcíréibeanna stairiúla, Berkeley shaoirse na cainte, Berkeley an hatha yoga agus Berkeley an bhia orgánaigh … má tá creideamh, cultas nó […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: