santacruznagreine a d’fhoilsigh | 17/10/2009

The Audacity of Hype? Cuairt Obama ar San Francisco

Tharla go rabhas i gCeantar na Bá ar an lá céanna le Barack Obama le déanaí. Bhí breis póilíní ar shráideanna San Francisco agus daoine i mbun agóide ar son agus i gcoinne an Uachtaráin ar na láithreacha traidisiúnta slógaidh, leithéidí Union Square i gcroílár na cathrach. Is léir go bhfuil Obama teanntaithe idir an eite chlé, a bhfuil an-díomá ar go leor acu nach bhfuil sé radacach go leor, agus an eite dheis, ar dóigh leo gur deachtóir dainséarach é atá ag iarraidh réimse brúidiúil Cumannach a chruthú sna Stáit Aontaithe.

Obama: mí na meala thart le fada

Obama: mí na meala thart le fada

An t-achrann leanúnach faoin árachas sláinte ba chúis le cuid mhaith de na hagóidí: an eite chlé ag iarraidh ar Obama ‘an rogha phoiblí’ a chaomhnú (is é sin, go bhféadfadh duine árachas sláinte poiblí a fháil, seachas a bheith i dtuilleamaí comhlachta phríobháidigh) agus an eite dheis ag fógairt go bhfuil ‘árachas sláinte Cumannach’ beartaithe ag Obama agus go mbeidh daoine a bhfuil árachas príobháideach acu thíos go mór leis an athrú toisc go méadóidh na comhlachtaí príobháideacha a gcuid táillí ballraíochta.

Bhí daoine de chuid na heite deise ag agóid i gcoinne an easnaimh sa bhuiséad poiblí leis. ‘A trillion times no’, a bhí ar phóstaer phlacard duine acu, í ag áiteamh go glórmhar nár mhian léi go gcaithfeadh a cuid garpháistí obair cánacha breise a íoc amach anseo chun an t-easnamh a chúiteamh. I dtuairisc ar cheann de na meáin áitiúla, d’fhógair fear amháin go raibh sé ‘against bigger government and over-regulation and destruction of our health care’.

Cuid de pholaitíocht radacach Bherkeley

Cuid de pholaitíocht radacach Bherkeley

Agus mé ag siúl trí Bherkeley an lá faoi dheireadh, bhí cuid den fhreasúra atá ag Obama le brath ar na sráideanna. Bíonn mangairí sráide de gach aon tsórt ar Telegraph Avenue, iad ag reic gan aon rud faoin spéir, idir burritos blasta Meicsiceacha agus phaimfléidí Marxacha. Bhí fear amháin a raibh greamaitheoirí gluaisteáin ar chlár mór adhmaid roimhe amach. Ina measc, bhí ceann a raibh ‘George W. Obama’ scríofa air, agus an-tóir air, a dúirt sé liom. Is cosúil gur deacair do lucht leanúna a shásamh fiú agus tú sa phost polaitiúil is cumhachtaí ar domhan.

Telegraph Avenue, an áit ar tharla círéibeanna iomráiteacha Bherkeley sna 1970í

Telegraph Avenue, an áit ar tharla círéibeanna iomráiteacha Bherkeley sna 1970í

Tá an cinneadh Duais Síochána Nobel na bliana seo a bhronnadh ar Obama ag tarraingt go leor conspóide anseo leis. Ar an Berkeley Daily Planet, bhí litir fheargach ó Joseph Anderson dar teideal ‘The Audacity of Hype’, imeartas focal searbhasach ar dhírbheathaisnéis an Uachtaráin: ‘It’s a morbid joke right? Barack Obama? Nobel Peace Prize? Not since Henry Kissinger was given “the Peace Prize” in 1973 has the awarding of the Nobel Peace Prize involved such a sad and tragic irony’. Níor thacaigh eagarfhocal an Planet leis an dearcadh binbeach úd: ‘Journalists with a caustic streak had a field day with George Bush, and many of them don’t seem to have gotten over the experience … What the naysayers miss is that world peace in our lifetime isn’t a destination, it’s a journey’. Ach is deacair duaiseanna síochána a chosaint agus Obama ar tí trúpaí breise a chur chun na hAfganastáine.

Ceann de nuachtáin Oirthear na Bá

Ceann de nuachtáin Oirthear na Bá

Vótáil ochtó cúig faoin gcéad de phobal San Francisco ar son Obama in olltoghchán na bliana seo caite. Cathair ‘ghorm’ (sa chiall pholaitiúil) amach is amach is ea í. Dá reáchtáilfí toghchán eile ar maidin amárach, áfach, n’fheadar cé chomh láidir agus a bheadh an tacaíocht sin. B’fhéidir nach iad na sráideanna forásacha mórthimpeall UC Berkeley an léiriú is cruinne ar thuairimí polaitiúla uile Cheantar na Bá, ach is léir go bhfuil an freasúra i gcoinne Obama ag bailiú nirt.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: