santacruznagreine a d’fhoilsigh | 22/10/2009

An díospóireacht faoi chúram sláinte … agus gráinneoga

Ní maith liom spior spear a dhéanamh de scéal tromchúiseach, ach tharla cor áiféiseach i scéal an chúraim sláinte an tseachtain seo. Gan aon agó is é an cúram sláinte an scéal is mó atá ag tarraingt aird na meán anseo le dhá mhí anuas. Tá an dá champa mhóra – lucht tacaíochta ‘na rogha poiblí’ agus lucht an status quo – go mór in adharca a chéile. Go dtí seo, árachas do neacha daonna amháin a bhí ag déanamh tinnis do dhaoine ach cúpla lá ó shin ar NPR, tuairiscíodh go raibh úinéirí peataí ag éirí buartha chomh maith. ‘An bhfuil an cúram sláinte do pheataí ag éirí chomh casta agus chomh costasach céanna le hárachas do dhaoine?’ a cheistigh duine de láithreoirí Morning Edition. Craoladh tuairisc ó chlinic d’ainmhithe in Maryland áit a raibh madra a raibh na glúine ag cur as dó ag dul faoi scian. $3,500 in aghaidh na glúine a chosain an chóir leighis.

Cat ar fheirm in aice le Santa Cruz - an bhfuil árachas aige?

Cat ar fheirm in aice le Santa Cruz - an bhfuil árachas aige?

Tá an cúram sláinte d’ainmhithe ag éirí chomh costasach sin go bhfuil daoine a bhfuil peataí acu ag teacht ar an tuairim gur dheas an rud dá n-íocfadh dream éigin eile as – lucht an árachais, mar shampla. Craoladh agallamh le Susan Markham atá ag obair do Veterinary Pet Insurance, an comhlacht árachais ainmhithe is mó sna Stáit Aontaithe. Bhí scéal brónach an phiscín Minnie ina uirlis éifeachtach mhargaíochta aici agus í ar cuairt ag clinic ainmhithe in Atlanta le déanaí. Bhí Minnie ina peata ag páiste beag, ach sheas an páiste ar chos Mhinnie agus bhris sé í. Dúirt an máinlia le máthair an pháiste go dtiocfadh Minnie chuici féin go hiomlán dá gcuirfí obráid uirthi, ach dhiúltaigh an mháthair an chóir leighis toisc go raibh imní uirthi faoin gcostas agus cuireadh Minnie bhocht ina codladh go buan. D’fhág Susan cúpla bróisiúr ag an gcuntar – cúpla pictiúr deas de leithéidí Mhinnie ar an gclúdach, is dócha – agus d’imigh sí léi.

Harriet, an ghráinneog shíocóiseach

Harriet, an ghráinneog shíocóiseach

Ansin, chualamar scéal Harriet, peata gráinneoige atá ag Kristin Zorbini Bongard ó Wisconsin. Cheannaigh Kristin árachas sláinte dá gráinneog i mbliana agus is í a bhí buíoch de. Cuireadh obráid ar Harriet, ach lean sí de bheith ag tochas na créachta arís agus arís eile agus ar deireadh scaoil sí na greamanna. B’éigean Harriet a chur ar dhrugaí frithshíocóiseacha, an saghas druga a thabharfaí do dhuine a bheadh ag imeacht as a mheabhair. Bhí na dochtúirí den tuairim gurb í Harriet an chéad ghráinneog riamh a raibh an tsíocóis uirthi. $80 sa bhliain atá ar árachas bunúsach gráinneoige, ach chosain cóir leighis Harriet beagnach $3,000 sa deireadh agus b’éigean do Kristin $1,900 de sin a íoc í féin. Is gá pócaí móra chun na gráinneoga a choimeád slán. Ansin, thosaigh Kristin ag déanamh aithrise ar ghnúsachtaigh gráinneoige, beo ar NPR. Ba mhór idir Morning Edition agus Adhmhaidin an mhaidin áirithe sin.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: