santacruznagreine a d’fhoilsigh | 09/11/2009

Droichead an Gheata Óir

Droichead an Gheata Óir

Uaireanta, níl aon dul as ach a bheith i do thurasóir cruthanta. B’amhlaidh dúinne agus sinn ag triail ar Dhroichead an Gheata Óir. Bhí an bus a thug ann sinn lán go béal le turasóirí ó na cheithre hairde: déarfainn nár chualamar an oiread teangacha á labhairt cheana ar aon bhus. Bhí Seapánaigh ann gona gceamaraí móra troma, Sualannaigh a raibh t-léinte den nGeata á gcaitheamh acu cheana (an tarna turas acu ann, b’fhéidir?), cúpla Éireannach eile, dar ndóigh, agus a lán lán eile.

Droichead 2

4,200 troigh ar fhaid ...

Nuair a deirim gur baineadh an anáil díom arís, ní haon áibhéil é. Is mó iontas atá feicthe agam le cúpla mí anuas sa tír seo ach ba é Droichead an Gheata Óir ba mhó a thaitin liom go dtí seo. Tá smut de le feiscint ó aon cheann de chnoic iomadúla San Francisco, ach caithfear seasamh faoina bhun chun a thoirt agus a mhaorgacht a bhlaiseadh i gceart. Cuireadh tús leis i 1933, an chéad droichead ollmhór crochta ar domhan agus níor ghlac sé ach cúig bliana ar bhuíon ollmhór oibrithe, a raibh Éireannaigh ina measc, é a thógáil. Is féidir leis gaoth céad míle san uair a sheasamh agus níor thit sé sa chrith talún mór i 1989 ná in aon chrith eile (agus tarlaíonn mionchreathanna go minic anseo). Go dtí 1959, ba é an droichead ab fhaide ar domhan é. Ní raibh aon tsúil ag na péintéirí go mbeadh an dath rua air go deo. Rua an fochóta a bhí le bheith air sula gcuirfí péint liath anuas ar an ndroichead, ach thaitin an rua chomh mór sin le muintir na cathrach gur fágadh ann go buan é. 5,000 galún péinte sa bhliain a theastaíonn chun an droichead a choimeád friseáilte.

Droichead 4

Cuid den mhogall miotail faoina bhun

Is féidir siúl thairis chomh fada le Marin County agus tuaisceart Chalifornia, nó é a thrasnú ar do rothar, fiú. Bhí sé ag éirí beagáinín ródhéanach dúinne an lá úd ach siúlófar arís é. Ba bhreá liomsa turas báid a dhéanamh faoina bhun. Bíonn an-tóir ar a leithéid ach ní mór a bheith san airdeall ar cheo iomráiteach San Francisco. Is iomaí turasóir bocht a chaith uair a chloig chostasach ar bhád ag iarraidh an droichead a fheiscint trí scailp cheoidh agus nach bhfuair de luach saothair ach slaghdán trom.

Droichead 3

Árthach ó Honolulu?

Tá cur síos ag an scríbhneoir Duibhneach, Tomás Ó Cinnéide ar an ndroichead ina leabhar Ar Seachrán. I 1952 a chuaigh Tomás go San Francisco agus tá cuntas breá ar na sé bliana déag a thug sé ann sa leabhar seo: ‘Ar lá dár gcionn thug cara dom amach go dtí Droichead an Gheata Óir mé, an áit ar baineadh an leathadh as mo shúile. Ní hamháin go ndeaghas trasna air ach shiúlaíos cuid de, i dtreo is go mbeadh sé le rá agam nuair a raghainn abhaile go hÉirinn. Is dócha gurb é an droichead is deise ar domhan é. Rud eile a chuir iontas orm na hárthaí móra ag teacht aniar ó Honolulu. Ní bhíonn a leithéid d’árthaí in aon chor timpeall na hÉireann’. Faoi mar a scríobh Tomás go minic ina leabhar: ‘b’fhada ón nGráig é’.

Advertisements

Responses

  1. John, conas ata tu? Nil mo chuid gaielge ro mhaith, ach tuigim fhormhoir do blag. Ta na grianghriaf go h-iontach! Ta an aimsir anseo i mbaile atha cliath go dona! go maih leisceail mo grammar! Eanna x

  2. Haigh John, Is fada ón Ghráig tú féin! Tá do chuntas go breá. Meabhraíonn sé mo chuairt ar an áit dom féin. Súil agam go bhfuil neart teasa ann na laethanta duairce seo i nGaillimh. Chím nach bhfuil San Francisco róthe agus mé ag scríobh, 49F! Ní dóigh liom gur thit aon sneachta mór go fóill. Súil agam go bhfanfaidh sé mar sin go mbaine mé ceann scríbe amach.

  3. […] seomraí leapan agus cairpéidí leamha ar fuaid na cruinne. Cé nach bhfuil oiread agus smut den droichead iomráiteach féin le feiscint ó aon cheann de cheithre chúinní an tí, tá suáilcí go leor aige mar sin […]

  4. […] siúlta agam le blianta beaga anuas. Bhí cónaí orm i gcúpla ceann díobh leis. Ach ba dheacair San Francisco a shárú ó thaobh saoirse agus spleodair. Ritheann abairt as Flesh and Blood, ceann […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: