santacruznagreine a d’fhoilsigh | 16/11/2009

Na comharsana ó thuaidh

Tharla go rabhas i gCeanada ar feadh cúpla lá an tseachtain seo caite chun freastal ar chruinniú de ghréasán taighde a bhfuilim páirteach ann in Ollscoil Ottawa. Bhíos i bpríomhchathair Cheanada go minic cheana, agus i gcathracha móra eile na tíre sin, Montréal agus Toronto, agus cuirim suim i ngnóthaí Ceanadacha go pearsanta agus i mo chuid taighde. Ach toisc nár leagas cois sna Stáit Aontaithe riamh cheana go dtí dhá mhí ó shin, ní fhéadfainn comparáid a dhéanamh idir an dá thír go dtí anois.

Stephen Harper ... cé?

Is beag eolas atá ag an Éireannach ar Cheanada i ndáiríre, cé gur dócha go mbeidh tuiscint mhaith acu ar na Stáit Aontaithe, nó ar a dtiteann amach ar an dá chósta ar a laghad. Cén duine in Éirinn nach bhféadfadh Barack Obama a aithint, nó Ted Kennedy, nó an iliomad pearsan eile ó shaol na scannánaíochta nó na teilifíse? Ach luaigh an t-ainm Stephen Harper in aon phub ó cheann ceann na hÉireann agus ní bhfaighidh tú mórán airde. Nó Jean Chrétien. Nó Brian Mulroney. Nó go leor Ceanadach eile ach an oiread. Ní hé nach bhfuil ceangal láidir idir sinne agus Ceanada – d’imigh na céadta míle Éireannach go Ceanada tar éis an Ghorta agus tá blas na hÉireann fós ar chaint na ndaoine i dTalamh an Éisc – ach is fearr go mór an cur amach atá againn ar an bhfathach ó dheas seachas an fathach ó thuaidh. Dála an scéil, is beag é eolas an Mheiriceánaigh ar Cheanada chomh maith, bunaithe ar mo thaithí (shrianta) go dtí seo. Is cumhachtaí go mór an fathach ó dheas, cé gur lú é go fisiciúil ná an fathach ó thuaidh. Dúnann an chumhacht an tsúil agus an chluas go minic.

Ceanada: an dátheangachas institiúideach

Mar sin, gach seans nach bhfaighfear freagra rófhada ar an gceist: cé na difríochtaí idir Ceanada agus Na Stáit Aontaithe? Ach is mór iad na difríochtaí céanna. Ar dtús, tá an dátheangachas institiúideach, seachas an dátheangachas drogallach, neamhoifigiúil atá anseo i gCalifornia. Ón gcéad nóiméad a shroicheann tú talamh Cheanada, meabhraítear duit gur tír dhátheangach í, Fraincis agus Béarla. Ón gcéad nóiméad a fhilleann tú ar na Stáit Aontaithe, meabhraítear duit gurb é an Béarla an rí. Tá ceangal láidir bunreachtúil ar rialtas Cheanada tacú leis na teangacha mionlaigh – an Fhraincis lasmuigh de Québec, na teangacha bundúchasacha ó thuaidh – ach ní luaitear teangacha in aon chor i reachtaíocht Mheiriceá. Go deimhin, tá feachtas darb ainm US English ag stocaireacht chun go ndéanfar teanga oifigiúil den Bhéarla – agus den Bhéarla amháin. Dar leo, is bagairt do Na Stáit Aontaithe í an Spáinnis. Tá an Spáinnis láidir go leor sa chuid seo de chósta láir Chalifornia, ach is ar bhonn ad hoc amháin a chaitear léi: comharthaí dátheangacha i gcomhlachtaí áirithe ach neamhaird oifigiúil. Tíortha an-ilchultúrtha iad Ceanada agus Na Stáit Aontaithe araon ach ó deineadh na hionsaithe ar Nua-Eabhrac i Meán Fómhair 2001, is fuaire an fháilte a fheartar roimh na hinimiricigh – agus a gcuid teangacha – ó dheas.

Westminster? Ní hea ach Ottawa

Tá rialtas Cheanada an-éagsúil chomh maith. Anois a chaithfidh mé an rún dorcha faoi Stephen Harper a sceitheadh: is é an Príomh-Aire é. Agus is Príomh-Aire coimeádach é a bhíodh mór le George W. ach nach bhfuil chomh ceanúil céanna ar Obama. Os a choinne sin, is tír níos liobrálaí é Ceanada ar mhórán slite: mar shampla, ceadaítear do bheirt den inscne chéanna pósadh, cé go bhfuil na Meiriceánaigh fós ag bruíon go fíochmhar faoin ábhar sin. Tá go leor de chóras riaracháin Cheanada bunaithe ar Westminster, agus tá leagan níos nua-aoisí de Theach na dTeachtaí (sea, tugtar an House of Commons air i mBéarla Cheanada) suite go maorga ar Chnoc na Parlaiminte i lár Ottawa. Tá Ceanada fós ina bhall den Chomhlathas – agus Banríon Shasana ar chuid de na nótaí bainc – cé go raibh an-phlé ar bun faoi sin agus mé ann toisc go raibh Prionsa na Breataine Bige ar cuairt oifigiúil. Agus tá go leor difríochtaí beaga eile ann chomh maith: celsius seachas fahrenheit, ciliméadair seachas mílte, CBC (an craoltóir poiblí, bunaithe ar an mBBC) seachas PBS (teilifís bhocht phoiblí na Stát Aontaithe – an-lag, cé go bhfuil an raidió NPR go maith), nós ciallmhar, réasúnta maidir leis an síntiús a fhaigheann freastalaí (10% seachas an 20% áiféiseach ó dheas). Ní hionann an Béarla a labhraítear ná a scríobhtar ach an oiread: loonie (dollar) seachas buck, return seachas round-trip, railway seachas railroad, washroom seachas restroom, colour seachas color, centre seachas center, cheque seachas check agus a thuilleadh nach iad. Ansin, tá an défhoghar clúiteach sin a chloistear i bhfocail ar nós about agus house a dhealaíonn tuaisceart agus deisceart gan cheist agus a mbíonn Meiriceánaigh ag magadh faoi go minic.

Cé go bhfuil gach cine faoin spéir ag cur faoi sna Stáit Aontaithe, feictear domsa go bhfuil glacadh níos oscailte leis an éagsúlacht i gCeanada. B’éigean do na Béarlóirí agus na Frainciseoirí comhréiteach polaitiúil a dhéanamh chun go mairfeadh an tír agus b’fhéidir gurb shin ba chúis leis an gcaoinfhulaingt bhreise ó thuaidh den teorainn, cé go gcaithfear a rá nach aon útóipe é Ceanada ach an oiread.

Advertisements

Responses

  1. An tú a thóg na pictiúirí deasa sin ar fad???

    • Is mé a thóg 95% acu. Ní gá dom a rá nár shiúil Stephen Harper ná Barack Obama thar bráid chun go bhfaighinn grianghraf díobh!

  2. Tír suimiúil Ceanada.Bhí mise ag phlé le cúrsaí cánach tráth agus ba eiseamlair maith é Canada ó thaobh dea – chleachtas i gcúrsaí cánach.Ansin thainigh a meathlú sa gheilleagair i SAM agus san Eoraip agus arís ní raibh an fadbh cheanna acu i gCanada mar bhí an rialachán airgeadaisníos níos fearr acu ná i SAM agus san Éoraip.Tá daoine óga in Éirinn anois ag dul ar imirce go Canada.

  3. Cinnte tá Ceanada ag mealladh na nÉireannach anois. Maidir leis na difríochtaí idir é agus SAM, déarfainn go bhfuil iarthar Cheanada i bhfad níos cosúla leis an dtaobh ó dheas. An cultúr Francach a dhealaíonn go leor d’oirthear Cheanada amach ó na Stáit Aontaithe i ndáiríre. Níor éirigh liom dul go hiarthar Cheanada fós ach ba mhaith liom an turas a dhéanamh am éigin. Tá Vancouver an-fhada ó BhÁC, ach níl sí chomh fada sin ó Chalifornia.

  4. […] déanann idir chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha neamhaird di níos minice ná a mhalairt: ní haon Cheanada é seo, mar a meabhraíodh dom agus mé ar cuairt ann i mí na Samhna. Scéal eile ar fad is ea meath […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: