santacruznagreine a d’fhoilsigh | 22/11/2009

Agóid na dtáillí – ach cén sprioc atá léi?

Chuaigh mic léinn UCSC i mbun agóide agus léigir an tseachtain seo. Níorbh é 1968 an athuair é, ach bhí boladh na troda le brath i measc na gcrónghiúiseanna. Údar na hagóide? Méadú 32 faoin gcéad i dtáillí teagaisc agus clárúcháin do mhic léinn ar fuaid champais uile an UC. Gan aon agó, buille trom is ea an t-ardú do mhic léinn reatha, a mbeidh orthu é a íoc an bhliain seo chugainn, agus do scoláirí iarbhunscoile a mbeadh rún acu teacht chun na hollscoile amach anseo.

Agóid ag Kerr Hall (pic. ón Santa Cruz Sentinel)

Dúnadh an bealach isteach chun na hollscoile ar an gCéadaoin, nuair a chruinnigh tuairim is 500 mac léinn ag na geataí. D’éirigh leo trácht Santa Cruz a chur ina gcíor thuathail, cuireadh stop le seirbhísí bus chun na hollscoile, agus b’éigean go leor léachtaí agus ranganna a chur ar ceal nuair nár fhéad mic léinn freastal orthu – nó má roghnaíodar an agóid seachas an seomra ranga. Déardaoin, ghlac na céadta mac léinn, maraon le roinnt den bhfoireann acadúil agus riaracháin, seilbh ar cheann de dheich gcoláiste UCSC, Kerr Hall agus chuir fúthu ann i gcaitheamh na hoíche. Ní nach ionadh, b’éigean na ranganna go léir a chur ar ceal agus shocraigh na húdaráis foirgneamh eile in aice láimhe a dhúnadh chomh maith, ‘ar mhaithe le sábháilteacht’.

Póstaer agóide ag UC Berkeley

Ar fuaid an stáit, bhí agóidí den tsórt céanna ar bun, go háirithe ag UC Berkeley, áit a maireann traidisiún radacach na 1960í go fóill. Bhí ceann d’fhoirgintí an champais faoi léigear ag suas le 40 mac léinn ansiúd aréir, agus tuairim is dhá mhíle duine bailithe le chéile lasmuigh chun tacú leo. Bhí ráflaí ag guairdeall thart i Santa Cruz inné go gcuirfí ceann eile d’fhoirgintí an champais faoi léigear ach níor tionóladh ach agóid shíochánta sa deireadh. Ní haon Bherkeley é UC Santa Cruz, is cosúil.

Tacaíocht á lorg don léigear

Tá easnamh níos mó ná $800 milliún ar an UC trí chéile de bharr ciorruithe i gcaiteachas stát Chalifornia ar an oideachas tríú leibhéal. Tuigim do na mic léinn agus táim cinnte go mbeinn féin ina measc dá mbeadh an bhróg ar an gcois eile. Is iomaí agóid a rabhas páirteach inti san am a caitheadh. Aontaím go gcaithfidh daoine a nguthanna a ardú go glórach nuair a bhaintear stangadh astu chun gur féidir leo a míshástacht a chur in iúl. Ach táim den tuairim láidir go bhfuil an sprioc mhícheart roghnaithe ag na hagóideoirí. Ba cheart gur i Sacramento, seachas i mBerkeley nó i Santa Cruz a bheidís i mbun léirsithe, toisc gurb é Sacramento, áit a suíonn Seanad agus rialtas Chalifornia, bun agus barr na ndeacrachtaí airgeadais seo.

Áras Aontas na Mac Léinn i UCSC

Tá polaitíocht Chalifornia ina cíor thuathail le fada, ar roinnt cúiseanna. Baineann rialacha amaideacha beatha na ngéag den bpolaitíocht chéanna: caithfear mórán dhá dtrian a ghnóthú chun an buiséad a cheadú, rud a fhágann gur féidir leis an mionlach Poblachtánach bac a chur ar aon fhoráil a bhfuil sé d’aidhm aici cánacha breise a ghearradh. Fágann an tsáinn seo go mbíonn rialtas Chalifornia geall le bancbhriste i gcónaí. Anuas air sin, ceadaíonn bunreacht Chalifornia córas liobrálach achainíocha, rud a fhágann gur féidir le líon réasúnta beag daoine – idir 5 agus 8 faoin gcéad den bpobal – achainí a dhéanamh chun dlíthe de chuid an stáit a leasú nó a chur ar ceal, nó dlíthe as an nua a mholadh. Níl le déanamh acu ach dóthain sínithe a bhailiú. Fágann an daonlathas bréagach seo teannas síoraí idir an Seanad agus an pobal. Ní féidir oideachas ollscoile den scoth – ná, go deimhin, aon tseirbhís phoiblí eile – a chur ar fáil mura bhfuil dóthain teacht isteach ag an stát chuige toisc go bhfuil cánacha ró-íseal. Má tá lucht agóide Santa Cruz, Berkeley agus ollscoileanna eile an UC ag iarraidh an t-oideachas ollscoile a chosaint (agus dála an scéil, aontaímse leis an bhfealsúnacht sin), tugaidís a gcuid póstaer agus a nguthanna feargacha chomh fada le geataí an tSeanaid i Sacramento, an áit ar thit an tua i ndáiríre. Agus déanaidís a machnamh ar an gcóras polaitiúil atá cruthaithe acu féin agus ar na polaiteoirí atá tofa acu le blianta beaga anuas.

Advertisements

Responses

  1. Chuir póstaer agóide UC Berkeley SAVE OUR UC mé ag gáire nó le comhthéacs Chríocha Gafa na hÉireann – mar a chuireann Rónán Mac an Bhuí orthu – is ciall eile ar fad a bheadh ag an phóstaer. Ní i bhfad a d’fhanfadh sé in airde ar Bhallaí Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste go háirithe nuair a bhí ann den Royal Ulster Constabulary [RUC].

    • Sin míniú nár rith liom a Mhíchíl! An-deas a fheiceáil go bhfuil tú ag léamh an bhlag. Bain taitneamh as na scéalta ó Santa Cruz na Gréine – agus corráit eile! John

  2. Léas an do bhlag agus bhaineas an-taithneamh as.Tá súil agam go mbeidh am bhreá agat i gCalifornia.

  3. Tá an chuma ar Rí na Rónta gur shnámh sé ó Thrá Bhán an Bhlascaoid Mhóir! Grianghraif bhreátha a John. Ar chuimhnigh tú riamh a bheith id’ iriseoir físe?

    • Bhuel a Hugh, rith an smaoineamh céanna liom féin. Mo chlár taistil féin ar TG4, b’fhéidir?!

  4. […] an obair in am. Bhuail fliú na muc cúpla duine díobh agus chailleamar rang nó dhó de bharr agóidí i gcoinne táillí breise agus laethanta saoire poiblí. Agus mar a tharlaíonn sa bhaile, bhí mic […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: