santacruznagreine a d’fhoilsigh | 30/11/2009

Tá sí ar ais – gura fada uainn í

Tá Sarah Palin ar ais. An bhean a scoilt na Poblachtánaigh ina dhá leath agus a chuir tús le tionscal scigaithrise ar leith, tá sí ar camchuairt na tíre faoi láthair lena leabhar nua Going Rogue: An American Life. Níl an ráiteas sin fíor ar fad: ba chirte dom a rá go bhfuil sí á reic i gcathracha éagsúla i stáit éagsúla a vótáil go láidir ar son John McCain. Go bhfios dom, níl oiread agus cathair amháin i gCalifornia ar a liosta aici, seachas San Diego coimeádach, b’fhéidir. D’fhéadfaí a rá nach é an stát seo an chloch is mó ar phaidrín Sarah Palin, ach amháin gur dócha gurb é an paidrín a rud deireanach a bheadh ar iompar aici.

Is cosúil – agus caithfidh mé a admháil nach bhfuil sé léite agam fós – go gcaitheann Palin anuas go fíochmhar ar fheachtas McCain ina dírbheathaisnéis nua. Ní haon iontas é sin. Fear cróga is ea John McCain, ach theip ar a chuid misnigh agus é i ngleic le gobharnóir guítheach gustalach Alasca. Ina shárleabhar faoi eite dheis Chríostaí Mheiriceá, Republican Gomorrah, maíonn an t-iriseoir Max Blumenthal gur cuireadh Palin ar an ticéad chun na hantoiscthigh a shásamh agus – ar údar dothuigthe éigin – toisc gur creideadh go meallfadh sí na mná le Hillary Clinton a thréigint. A mhalairt ar fad a tharla: ba líonmhaire iad na fir – 15 faoin gcéad níos mó díobh – ná na mná a chreid go raibh Palin cáilithe le bheith ina huachtarán agus an feachtas uachtaránachta faoi lánseoil. Spreag ainmniúchán Palin díospóireacht theasaí i measc na bhfeimineach sin a bhí ag iarraidh tacú le mná sa pholaitíocht – ach nárbh í Palin an sórt mná a theastaigh uathu ar an ticéad.

Lacáiste mór cheana féin

Ar aon chuma, tá a dtuairim féin den dírbheathaisnéis nochtaithe cheana ag siopaí leabhar Santa Cruz. Fiú sular fhógair Palin a leabhar go histéireach ar sheó Oprah Winfrey le déanaí, díreach in am do mhargadh mór na Nollag, bhí lacáiste 40 faoin gcéad curtha ag siopa Borders air. Slabhra is ea Borders agus ní bhítear ag súil le ráitis pholaitiúla uaidh, ach d’inis an lacáiste céanna a scéal féin. Tá teachtaireacht neamhbhalbh i dtaobh Palin ag Bookshop Santa Cruz, ceann de na siopaí leabhar neamhspleácha is iomráití sa taobh seo tíre. Díreach laistigh den doras, tá seilf lán cóipeanna de Going Rogue agus fógra mór taobh léi a dhéanann cur síos ar chuid de ráitis mhíchruinne, aineolacha Palin agus í ag iarraidh dreapadh go duaisiúil go barr dhréimire na polaitíochta domhanda. Ina measc, tá an ráiteas iomráiteach úd faoin radharc atá ó Alasca ar an Rúis, radharc a d’fhág go raibh greim ag Palin ar an bpolaitíocht idirnáisiúnta, mar dhea.

Is breá an radharc é!

Agus an pièce de résistance? Gach duine a cheannaíonn Going Rogue in Bookshop Santa Cruz, gheobhaidh siad paca beag cnónna a bhfuil Sarah Palin’s just plain NUTZ scríofa orthu, chomh maith le scigphictiúr di féin. Dar leis an siopa leabhar, tá na cnónna ar fáil to those who can stomach a 1 ounce bag of walnuts, but can’t stomach 432 pages of Sarah Palin’s writing. Seo an siopa a chroch clog i lár an tí nuair a toghadh George W. Bush den dara uair, ag comhaireamh na laethanta go dtí go mbeadh air éirí as oifig i 2008.

Cnónna craiceáilte

Agus ní hé Bookshop Santa Cruz amháin atá i mbun scigaithrise ar bhean Alasca. D’fhoilsigh The Nation, iris de chuid na heite clé, a leagan féin den leabhar dar teideal Going Rouge: Sarah Palin – An American Nightmare. Is mar a chéile iad na clúdaigh, beagnach, seachas go bhfuil splanc scanrúil mar a bheadh tromluí ann ag lasadh na spéire laistiar di sa leagan malartach. Dála an scéil, nílim ag súil go mbeidh cóip de Going Rogue in íochtar stoca na Nollag ach tá an paca cnónna ite agam cheana. Is féidir na cnónna a cheannach ar $3.98c agus Going Rogue a fhágáil ar an tseilf i do dhiaidh. Ach b’fhéidir go gceannóidh duine éigin Going Rouge dom fós.

Advertisements

Responses

  1. Fáilte i measc na blagadóirí. An Druma Mór a tharraing m’aird ort. Tá nasc curtha agam leis na liosta blaganna a fhoilsím tríd google reader

  2. Go raibh maith agat a Aonghuis agus fáilte romhat go Santa Cruz na gréine!

  3. […] ní leasc le Bookshop ráiteas polaitiúil a dhéanamh ó am go chéile. Mar a scríobhas anseo cheana, bhí máilín cnónna a raibh JUST PLAIN NUTZ orthu á dhíol le gach cóip de bheathaisnéis […]

  4. […] leor sa chuid seo den domhan chomh maith agus tá cur síos ar <a href="“>roinnt díobh ar an mblag seo cheana. Ach níl uaim inniu ach cuimhneamh ar na suáilcí. Céad slán le Santa […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: