santacruznagreine a d’fhoilsigh | 06/12/2009

An traein mhall agus an tUachtarán Moslamach

An traein i stáisiún Van Nuys gar do LA

An té a admhaíonn gur mhaith leis taisteal ar thraein i dtír seo an ghluaisteáin, spreagfaidh sé an-amhras go deo i measc a chairde. B’amhlaidh a bhí i mo chás-sa agus mé ag prapáil do thuras iarnróid ó dheas go LA le déanaí. Cé gurbh iad na hiarnróid a thóg na Stáit Aontaithe, níl fágtha anois ach creatlach de ghréasán stairiúil a shíneadh isteach i ngach baile sa tír tráth dá raibh. Agus meabhraítear duit arís agus arís eile nach fiú duit do chuid ama a chur amú, gur súmaire ar an sparán poiblí é Amtrak, go mbíonn na traenacha an-mhall, go dteipeann orthu go minic agus nach fiú an tairbhe an trioblóid i ndáiríre. Ach má screabhann tú an t-uachtar seo de bheagán, ní fada go dtuigfidh tú nár leag lucht na cnáimhseála cois i dtraein riamh.

Stáisiún Diridon, San José

Má tá fírinne leis an gcnáimhseáil, níor léir dúinne í agus sinn inár bpaisinéirí ar an Coast Starlight go Cathair na nAingeal. Ceann de mhórthurasanna traenach Mheiriceá is ea an Starlight, a fhágann Seattle ag a 9.45 ar maidin agus a shroiseann LA ag a 9 a chlog istoíche an dá dar gcionn. Is cinnte nach é an luas bua mór na traenach seo – d’fhéadfaí tiomáint níos tapúla gan aon agó – ach maidir le compord, ní fhéadfaí an Starlight a shárú. Ar chostas an-réasúnta ar fad, chuireamarna seomra beag in áirithe ina bhféadfaí leapacha a dhéanamh den dá shuíochán. Roomette a thugtar ar do chófra beag de sheomra agus go deimhin, is gá béim a chur ar an -ette. Ní haon phálás é, ach déantar an-teindeáil ort mar sin féin. Thíos staighre, tá pictiúrlann agus seomra lán le cluichí físe do dhéagóirí a mbuaileann leadrán iad. Thuas staighre tá parlús breá compordach a bhfuil fuinneoga sa tsíleáil ann chun gur féidir taitneamh a bhaint as na radharcanna. Ar chostas $5 is féidir fíonta agus cáiseanna a bhlaiseadh sa pharlús ag a trí a chlog gach lá.

Parlús na traenach

Faigheann tú tae, caife agus buidéilín seaimpín saor in aisce i do roomette, chomh maith le trí bhéile sa ló. Crannchur is ea gach béile: cuireann tú do bhord in áirithe roimh ré, glaotar ort go dtí an seomra bídh agus cuirtear i do shuí le paisinéirí eile thú. Bhí comhluadar lóin thar a bheith suimiúil againne ar an tslí ó dheas: lánúin aosta ó Seattle a bhí ag triail ar a gclann i San Diego. Ba Phoblachtánaigh go smior iad, beo ar Fox News ar mhaithe lena gcuid eolais ar an saol. Bhí áthas orthu a chlos gur Éireannaigh sinne, cé gur léir go raibh amhras orthu faoi bheirt fhear ag taisteal le chéile. You Irish weren’t like the other immigrants, a dúirt Phyllis linn tar éis an réamhchúrsa. You guys wanted to learn our language and become real Americans, not like the immigrants nowadays. Is cinnte gur chaitheamar uainn ár dteanga ceart go leor, a dúrtsa liom féin faoi m’anáil. The health care reform is a federal conspiracy, a d’fhógair Brad ansin, é ag éirí beagáinín dearg san aghaidh. It’s all about controlling our lives. Tháinig an príomhchúrsa ar deireadh thiar. Barack Obama a tharraing an racht ba mhó. All these bloody liberals, a dúirt Brad go mífhoighneach, a scian á sá go doimhin aige sa smut feola ar an bpláta roimhe. D’fhógair Phyllis go bródúil gur oibrigh sí ar fheachtas Ronald Reagan do phost ghobharnóir Chalifornia sna 1970í. We need more of his type now, a dúirt sí go cumhach, ag stánadh orainn lena súile beaga gorma. Who would have thought, when those planes flew into the Twin Towers, that our next President would be a Muslim? Shocraíomar gach an mhilseog a ithe. Bheadh tae ar fáil sa roomette. Agus sinn ag fágáil an tseomra bídh, labhair fear óg a bhí ina shuí leis féin trasna uainn agus ar léir go raibh cluas aige lenár gcomhrá. Plurality, guys, that’s what it’s all about in this great democracy of ours, a dúirt sé agus leathmheangadh tuisceanach air.

An Starlight ag sní trí ghleann San Luis Obispo

Níorbh fhada gur tháinig am dinnéir agus b’sheo linn go sceitimíneach chun an tseomra bídh go gcífimis cén comhluadar a bheadh againn an uair seo. Trasna uainn bhí Suzanna, béaldath ar dhath na fola uirthi, í ag taisteal ina haonar ó Oregon go Santa Barbara ar cuairt ar a neacht. Cuireadh Jan inár suí linn tamall ní ba dhéanaí, taistealaí aonair eile. January is my full name even though I was born in March, a dúirt sí. Bhí an chuma ar Jan bhocht gur ghaibh sí trí thrioblóidí go leor ina saol. Níor tarraingíodh anuas an pholaitíocht in aon chor an uair seo ach dúirt Jan go neirbhíseach tar éis tamaill go raibh sí ag teacht chuici féin ó dhrochstróc agus nach raibh sí ábalta ar thiomáint níos mó. Bhí dúil ag Suzanna i dteangacha agus an-suim aici a chlos go raibh an Ghaeilge á múineadh agamsa. Bhí cara le Jan ag gabháil de ranganna Gaeilge in Oakland.

Luí na gréine ar an Aigéan Ciúin

Bhainfeadh na radharcanna ón traein seo an anáil díot, go háirithe agus an Starlight ag sníomh tríd an ngleann i dtreo chósta an Aigéin Chiúin agus cathair San Luis Obispo. Chonaiceamar luí na gréine laistiar de na rigí ola san aigéan amach ó Santa Barbara. Lean an Starlight uirthi tríd an oíche go dtína ceann scríbe i gCathair na nAingeal. Ní haon roicéad í, ach mura bhfuil deabhadh ort is fiú go mór luí siar i do roomette tamall, fíon a ól sa pharlús agus aithne a chur ar Mheiriceánaigh cúpla uair sa ló sa seomra bídh. N’fheadar éinne cé a bhuailfeadh leat sa seomra bídh nó sa pharlús. Is fada ó Iarnród Éireann na gceapairí lofa é an Starlight go deimhin.

Advertisements

Responses

  1. M’anam go bhfuil tú ag cruinniú ábhar leabhair a là Steinbeck anseo, a John. Treise ort.

  2. Bhuel, a John, tá sé suimiúil ceart go leor. Níor chuala muid trácht ar bith ar Suzannah ná ar January go dtí gur cuireadh sa bhlag iad. Céard faoi na hiontais i gCathair na nAingeal. An truip ar an rotha mhór agus cé Santa Monica gan trácht ar an gcuairt ar an Huntingdon agus ar a Downtown! Gáirdín na Rós anyone?

    • Le scríobh fós agam, a Lillis. Scéal eile le hinsint agam faoi Mhary agus Frank ar an tslí abhaile: chomh láidir sin ar son Obama agus a bhí lanúin Seattle ina choinne. Ní leabhar taistil amháin a bheidh agam de bharr na tréimhse seo i gCalifornia ach péire ar a laghad!

  3. Aontaoim le hÀongus, d`fheadfa a bheith i d`úrscealaí taistil.Cuir síos deas ar thuras suimiúil.Thóg mó mhac carr ar chios cúpla samhraidh ó thoin agus taisteal se fein is a chara trásna na tíre ó San Francisco go Washington chun bualadh leis na fíor Mhéiriceánaigh.Cheapadar go raibh na Méiriceánaigh an-chairdiúil, go raibh scéal le h-insint acu go léir agus gur chuireadar an- suim sna cuairteoirí.Tá na Meiriceánaigh an – dearfach agus níl siad comh siniciúil in aon chor leis na Gaeil.Bhí mise i Nua Éabhrach an bhliain seo cháite agus bhí diomá orm. Ní raibh muintir Nua Éabhrach cairdiúil agus sciobfadh na tíománaithe tacsí an tip as do láimh, ach dár le mo mhac ní fíor Mheiricánaigh in aon chor muintir Nua Éabhrach.

    • Bhí Fíor-Mheiriceánaigh go leor ar an dtraein chomh maith, Meiriceánaigh shoiniciúla agus dhearfacha araon! Deirtear liom gurb í an tsoiniciúlacht an rí i Nua-Eabhrac ceart go leor ach caithfidh mé a rá go raibh muintir San Francisco an-lách ar fad liomsa go dtí seo. Is beag duine ar bhuaileas leis go dtí seo nach raibh fiosracht air faoi Éirinn, nó baint éigin aige lenár dtírín beag báite féin.

  4. Is cuimhneach liom an turas sin a dheanamh ta dha bhliain o shin, ni bhualfadh an diabhal na radharcanna, ach d’fheadfa do shaol a chaitheamh ag deanamh staideir ar chuid de na daoine a bhionn ar an iompar poiblí i SAM!

    • D’fhéadfá go deimhin a Pheadair. Go leor nótaí déanta agam le linn an turais sin – níl ar an mblag ach sampla den chuid is áiféisí den chomhrá! Súil agam go bhfuil tú go maith in Albain.


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: