santacruznagreine a d’fhoilsigh | 14/12/2009

Macy’s na madraí mealltacha

Macy's, Union Square

Thugamar cuairt na Nollag ar San Francisco an deireadh seachtaine seo. Bhí bús daoine agus bús báistí romhainn. Ar cheann d’iontaisí na tíre seo tá an aire an-mhaith a thugann daoine dá bpeataí. Chonaiceamar tuairiscí nuachta cheana faoin imní a bhí ar dhaoine go dtiocfadh fliú na muc ar a gcuid cat. Ach meabhraíodh an taobh eile den chion sin dúinn in aice le Union Square i gcroílár na cathrach áit a bhfuil ollsiopa clúiteach Macy’s lonnaithe. Agus bí ag caint ar mhadraí i bhfuinneog…

Cat tréigthe

I bhfuinneog Macy’s tá roinnt de chait agus de mhadraí tréigthe na cathrach ar taispeáint agus is mór an díol trua iad. B’fhéidir gur sleamhain an iarracht í seo dul i bhfeidhm ar shiopadóirí maoithneacha ach tá an feachtas seo ar bun ag an gCumann um Fhóirithint ar Ainmhithe le cúpla bliain anuas agus ag éirí go maith leis, is cosúil. In ainneoin na díle, bhí na sluaite cruinnithe ar chúinne O’Farrell agus Stockton agus iad féachaint isteach go grámhar i súile na madraí bochta agus na gcat uaigneach a bhí teanntaithe sa bhfuinneog rompu. Stán coileán beag ar ais go cumhach orainn óna stáitse beag sa chéad fhuinneog, ceol anamúil Nollaigiúil á sheinnt trí challairí móra ar barr na fuinneoige. In aice leis, bhí puisín ina chodladh istigh ina tigín beag beann ar na páistí a bhí ag lascadh na gloine chun é a dhúiseacht. Sa chéad fhuinneog eile, d’fhéach cat beag glas amach orainn go fiosrach, a béal ar leathadh aici faoi mar go raibh sí ag meamhlaigh, babhla beag bídh lena taobh agus luch bhréagach coganta go smior aici.

Madra i bhfuinneog

Chraith duine d’fhoireann Chumann na nAinmhithe bosca airgid faoinár srón agus sháigh a comhghleacaí cróga bileoga faoin gCumann isteach inár láimh. Cad a d’fhéadfadh duine a dhéanamh ach a lámh a chur ina phóca agus dollar a chaitheamh isteach sa bhosca? B’fhurasta é sin ná cat a chrochadh abhaile linn go Santa Cruz go cinnte.

An raibh an cat seo dána i mbliana?

Ní hiad páistí San Francisco amháin a gheobhaidh deis a gcuid peacaí a shéanadh agus iad ag scríobh chuig Daidí na Nollag. Dar leis an gCumann, beidh seans ag madraí agus cait a gcuid suáilcí a léiriú chomh maith. Tá an teachtaireacht seo scríofa ar a shuíomh Idirlín: Special wishes for a loving companion tucked in winged envelopes swirl their way through the window as pets prance and play below. Santa’s letters will arrive at Santa’s mailroom, where the jolly man himself will be checking his list to find out which dogs and cats have been naughty or nice. Tá a fhios ag madraí an bhaile gur i Meiriceá amháin a tharlódh sé. Ach nach ait gur gá feachtas mar seo sa tír chéanna ina bhfuil reiligí do chait agus ionaid aclaíochta do mhadraí? Is léir go bhfuil an-chion ag na Meiriceánaigh ar a gcuid peataí ach go dtréigtear iad chomh minic céanna.

Advertisements

Responses

  1. Is deas an rud meas ar pheataí ach i dtír ina bhfuil 60m daoine gan árachais sláinte a chosnaíonn timpeall €12.5m don bhliain, caithfear ach go bhfuil a gcuid príorachtaí trína chéile ag na Méiriceanaigh.

  2. Argóint mhaith a Sheáin. B’fhéidir gur mhaith leat é seo a léamh:
    https://santacruznagreine.wordpress.com/2009/10/22/an-diospoireacht-faoi-churam-slainte-agus-grainneoga/


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: