santacruznagreine a d’fhoilsigh | 16/12/2009

Dinnéar amh i gCaifé an Bhuíochais

Fáilte isteach go Caifé an Bhuíochais

An ceol stráinséartha agus boladh láidir na tiúse is túisce a thugann le tuiscint go bhfuil tú i gceann de shiopaí deoranta Cheantar na Bá, go háirithe ar an mbá thoir i mBerkeley. Berkeley na gcíréibeanna stairiúla, Berkeley shaoirse na cainte, Berkeley an hatha yoga agus Berkeley an bhia orgánaigh … má tá creideamh, cultas nó ceapaire as an ngnáthach uait, bí cinnte gur anseo a gheobhaidh tú é. Agus is geall le creideamh an chaint a chuirfear ort nó an biachlár a shínfear chugat i gcuid de bhialanna aduaine na cathrach, mar a fuaireamarna amach in Café Gratitude ar Shattuck Avenue.

An té nach bhfuil buíoch...

Tá formhór an bhia atá á dhíol i gCaifé an Bhuíochais beo, amh, áitiúil agus veigeánach. Tá bia amh in ainm is a bheith an-sláintiúil go deo, tá argóintí maithe sláinte agus eiticiúla ann ar son táirgí ainmhithe a sheachaint agus dar ndóigh, is fearr go mór bia a fhástar go háitiúil a ithe nuair is féidir. Thabharfadh an mana a bhí greamaithe leis an bhfalla lasmuigh leid duit go raibh eispéireas eipiciúrach thar a bheith difriúil romhat: What are you grateful for? Cé gur tógadh mise i dtigh ina mbítí ag seachaint na feola go rialta, níor leagas cos i mbialann amh riamh cheana. Níl a leithéid in Éirinn fós, go bhfios dom. Agus cé go dtugaim glasránaí orm féin i nGaeilge (tá an ghráin agam ar an bhfocal oifigiúil is déanaí, veigeatóir) ní raibh aon tsúil agam leis an mbia breá a chuirfí romham.

Géill don áilleacht

Laistigh, ba bheag nár leag an tiús amach sinn. Bhí ceol na míolta móra – an saghas sin a chuireann fonn baile ormsa i gcónaí – á sheinnt go hard. Romhainn amach, bhí pictiúr mór ildaite de chailín beag ag féachaint isteach i lochán agus an cheist – Can you surrender to how beautiful you are? – scríofa os a cionn. Ba léir go raibh Declan ag éirí an-amhrasach cheana féin agus gan sinn ach díreach suite. Tugadh chugainn an biachlár. D’fhéadfaimis tosú le deoch a chuirfeadh brí ionainn in athuair: I am worthy: blood tonic, déanta de chál, sinséar, úlla agus biatas. Nó cad faoi I am succulent: sweet, sour and savoury, déanta de sheadóg, úlla, miontas agus soilire? Nó go deimhin I am luscious: raw chocolate smoothie, meascán de bhainne cnó coill, figí, dátaí, cacó amh agus fanaile. Ina dhiaidh sin, don réamhchúrsa, d’fhéadfaimis I am abundant a roghnú: one plate…8 affirmations: I am Happy, Giving, Exciting, Honoring, Opulent, Relishing, Insightful, and Thriving! Rogha as cuimse. Ceol aduain drumaí a bhí á chasadh anois, níos fearr ná na míolta cráiteacha ar a laghad. Don phríomhchúrsa, bhí rogha idir pizza amh darb ainm I am passionate (arán amh déanta de shíolta lus na gréine, anlann basail agus síolta cnáibe anuas air, chomh maith le cáis bhréagach cnónna caisiú), nó enchilada speisialta an lae (glasraí beo, amha ar tortilla bog, uachtar caisiú, rís dhearg) a raibh I am elated mar theideal air. Ar bís go deimhin! Roghnaíos féin an pizza sa deireadh, chomh maith le I am worthy. Bhí burgar beo na gréine, I am cheerful: live sunburger agus I am loved, latte déanta de bhainne cnó coill, ag Declan drogallach.

Pizza amh, éinne?

Bhí deasghnáth eile le comhlíonadh sula bhféadfaimis blaiseadh de na hiontaisí, áfach. Thug an freastalaí chugam mo pizza agus mo dheoch agus dúirt You are passionate and you are worthy liom go sollúnta. Cheapas go dtitfeadh an t-anam as Declan ach b’éigean dó guaim a choimeád air féin an fhaid is a déarfadh an freastalaí You are cheerful and you are loved leis-sean. Ach bhí an bia ar fheabhas ar fad, rud a chuir iontas ar an mbeirt againn. Ní hé nach raibh bia veigeánach ite agam cheana ach is cinnte nach maith liom arán amh a ithe agus bhí imní mo chroí orm go ndéanfadh an pizza breoite mé. Ach bhí an t-arán agus an t-anlann an-bhlasta ar fad. Dar ndóigh, ní úsáidtear giosta agus ní bhácáiltear san oigheann é: arán cothrom, briosc is ea é, déanta de shíolta lus na gréine measctha le cairéid, cál agus luibheanna, a thriomaítear amach in imeacht cúpla lá. Níor ghearánta chugam agus mo dheoch rua á hól agam ach an oiread ach bhí caife Declan go hainnis ar fad, blas láidir cnónna air agus gan an t-uisce te ach ar éigean. I am poisoned, a dúirt sé faoina anáil nuair a bhí an freastalaí as radharc.


Freagraí

  1. Spéisiúl. Ní raibh Declan buíoch, mar sin?

    • Ní raibh ná baol air! Ní fhéadfainn bialann mar seo a shamhlú in Éirinn ach cá bhfios cén fiontraí fuinniúil a chuirfeadh a leithéid ar bun?

      • Tá amhras orm an mbeadh an gnó ann dó. Tá corr áit ann a bhfuil bia orgánach nó gan feoil ann, ach…

  2. Cheapfainn go mbainfeadh áiféis na ráiteas úd ó blas an bhídh. Níl an idé-eolaíocht in-ite, dar liom.

    • Bhí an seó thar fóir ceart go leor ach ní fhéadfainn an bia a lochtú — agus tá idé-eolaíochtaí níos measa sa tsaol!

  3. Cad faoi Thábhairne an tSeachtú Ga? Dheinis dearmhad é sin a lua….cúpla bon mot a scríobhais síos nuair a thánamar abhaile más buan mo chuimhne.

    • Pictiúirí den tábhairne áiféiseach chéanna caillte agam, a Lillis, agus mo chuid nótaí imithe amú orm chomh maith. Ach scríobhfar cúpla píosa ar na smutrónta go cinnte…

  4. Dála an scéil, bhuaileas le bean as San Francisco ar thraein le déanaí a raibh taithí mhaith aici ar an mbialann chéanna agus aithne aici ar dhaoine a chaith seal ag obair inti. Cé go raibh cuma an reiligiúin ar an bhfealsúnacht a bhí á cur chun cinn, ní raibh ar bun ach aisteoireacht soiniciúil dar léi. Mhol sí go n-osclófaí bialann eile trasna an bhóthair a dtabharfaí Café Attitude uirthi!

  5. Caithfidh mé a insint duit faoin dinnéar ámh a bhí agam féin roimh Nollaig anseo i nGaillimh, John (i dTigh Nimmo – cén áit eile, dar ndóigh?). Táim ag súil go mór le thú a fheiceáil nuair a fhillfidh tú, cé go n-aireoidh mé uaim do bhlag!

  6. Ag súil leis an scéal sin a chloisteáil, a Jeannine. Níl fágtha agam ach mí anseo. Deacair a chreidiúint.

  7. […] ar chlár na cruinne ar fáil duit agus gach aon sórt duine ann. Ní gá ach bualadh isteach ag Caifé an Bhuíochais má tá aon amhras ort! Is maith is cuimhin liom agus mé ar mo chéad turas ann go raibh fear ag […]


Freagra

Ranganna