santacruznagreine a d’fhoilsigh | 21/12/2009

An Nollaig i Santa Cruz

Soilse na Nollag inár gcrann líomóide

Cheapas gur mhó an chipeadraíl a dhéanfaí den Nollaig anseo ná mar a dhéantar sa bhaile di ach táim den tuairim anois gur deacair buachtaint ar na hÉireannaigh an tráth seo de bhliain. Dar ndóigh, tá na crainn Nollag in airde agus soilse ildaite, splancúla crochta lasmuigh de roinnt de thithe Santa Cruz ach ní fhaca fós aon taispeántas soilseach chomh háiféiseach céanna le cuid den mhór is fiú a chífeá ar an mbóthar idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh mí na Nollag. Dar ndóigh, ní hionann Baile na Croise Naofa agus fairsinge mhór na tíre seo – ná California, fiú – ach siúráilte glan is ciúine é ceiliúradh na Nollag anseo ná Thanksgiving ná Oíche Shamhna féin.

Ar cheann d’iontaisí na Nollag i Santa Cruz tá gur annamh a chloisfidh tú ‘an Nollaig’ féin á rá an tráth seo de bhliain, lena mbíonn de Happy Holidays á nguí ag gach éinne ar a chéile. Nach ait an rud é nach féidir an Nollaig a lua i dtír nach dtoghfadh ach Críostaí gníomhach ina Uachtarán? Ní hé go bhfuilim ag gearán toisc gur beag í mo dhúil i ndáiríre in iomarcaíocht áiféiseach na Nollag. Go deimhin féin, uaireanta móidím go gcaithfidh mé Nollaig amháin de mo shaol i dtír nach ndéanann ceiliúradh dá laghad uirthi ach is dócha go gcaithfinn triail ar an gCóiré Thuaidh féin chun an mhian sin a shásamh. An Nollaig in Pyonyang, éinne?

Paráid na mBád i gcuan Santa Cruz

Ar cheann d’imeachtaí na Nollag anseo tá paráid na mbád i gcuan Santa Cruz, a reáchtáiltear ag tús mhí na Nollag. Bailíonn na sluaite ar na céanna chun féachaint ar na céadta bád agus gleoiteog a lastar ó bhord go crann le soilse ildaite agus a sheolann suas agus anuas an cuan go mall, réidh. Leadránach go maith, a cheapfá, ach ba dhraíochtúil an radharc é, cé go raibh fuacht millteach ann an oíche áirithe sin agus fortún á dhéanamh ag Spáinniseoir óg fiontraíoch a raibh pota mór lán seacláide te á reic aige linn.

Traein na Nollag i lár an bhaile

Ócáid Nollaigiúil eile is ea an traein shoilseach a thaistealaíonn tríd an mbaile ar ráille i lár na sráide. Cuid de sheaniarnród Union Pacific é seo, nach n-úsáidtear ach i gcomhair traenacha speisialta nó lasta anois, traein na Nollag ina measc. Fágann sí cé Santa Cruz dhá uair sa ló agus imíonn timpeall an bhaile ar feadh uair a chloig nó mar sin. Is mórthaibhseach an radharc é an t-inneall mór groí a fheiscint agus a chloisint ag treabhadh trí lár an bhaile, gach aon bhleaist adhairce uaidh agus gach aon scréach ó na páistí histéireacha laistigh.

Bíonn ceolchoirmeacha Nollag ar siúl anseo chomh maith, dar ndóigh. Cúpla oíche ó shin i Seipéal an Mhisiúin, an séipéal Caitliceach ar an tSráid Ard in aice linne, bhí carúil Ghaelacha á gcanadh in ard a ngutha ag grúpa nuabhunaithe darb ainm Cór Ainglí. Mary McLaughlin, bean as Doire a chaitheann leath na bliana ag staidéar an cheoil i Luimneach agus an leath eile ag múineadh an cheoil agus na Gaeilge i Santa Cruz, a bhunaigh an cór. Tá Gaeilge líofa ag roinnt de na baill ach b’éigean na fuaimeanna a mhúineadh don chuid eile díobh. Maith thú a Mhary!

Cór Aerach San Francisco

Agus i seipéal eile ar an tSráid Ard an tseachtain seo – Séipéal Pobalda Chríost, ceann de na creidimh liobrálacha Phrotastúnacha – bhí ceolchoirm den scoth ag Cór Aerach San Francisco, an t-ochtú Nollaig dá leithéid i Santa Cruz. Ní dócha go gcuirfí fáilte chomh croíúil céanna rompu sa Mhisiún. Chuala go mbeadh grianstad an gheimhridh á cheiliúradh anseo chomh maith ach níor éirigh liom freastal ar aon cheann de na hócáidí sin faraor. Lasmuigh faoi na crónghiúiseanna áille a tharlaíonn na searmanais de ghnáth ach bhí sé ag stealladh báistí ar feadh an tráthnóna rud a fhágann gur dócha gur bádh ailtéarnaigh an ghrianstad go craiceann. Grianstad faoi mhaise agus Nollaig faoi shonas daoibh.

Advertisements

Responses

  1. Scéal deas faoin Nollag i Santa Cruz.Is doigh liom go bhfuil ceiliúradh na Nollag níos fearr in Éirinn na thar lear.Bhíos i Nua Éabhrach an bhliain seo cháite agus ní raibh aon tsráid comh mhaisithe le Sráid Grafton.Seans go mbeidh níos lua béim ar an craoisearacht in Éirinn i mbliana taréis Ré an Tíogair a bheith thart agus níos mó bhéime ar an Nollag traidisiúnta.Ní doigh liom go mbeidh aoinne in Éirinn brónach taréis 2009.Táim ag tsnúth le 2010 agus sinn cleachtaithe anois ar an gculú éachnamaíochta.Nollag shona duit a John agus athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise duit agus do cháirde in Santa Cruz.

  2. Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise duit féin a Sheáin agus go raibh maith agat as súil a chaitheamh ar mo bhlaigín beag.

  3. […] sliabh ó Felton chomh fada le cé Santa Cruz agus an boardwalk clúiteach. Seo an tslí ar ghaibh traein na Nollag le déanaí. Is iarnród caol í an dara líne a leanann uirthi ó thuaidh ó Felton chomh fada le […]


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Ranganna

Molann %d blagálaí é seo: