santacruznagreine a d’fhoilsigh | 28/12/2009

Smutrónta abú!

Tamall lastuaidh ó Santa Cruz, ar bhóthar iomráiteach an chósta Highway One, tá Páirc Náisiúnta Año Nuevo. Tá na páirceanna náisiúnta ar cheann de sheoda na tíre seo gan aon agó agus ní haon eisceacht é Año Nuevo. Bhí seans linn cuairt a thabhairt ar an bpáirc an tseachtain seo chun lán ár súl a bhaint as na rónta millteacha a chruinníonn ann i gcaitheamh an gheimhridh.

Smutrón ag crú na gréine

Tá Año Nuevo ar cheann de na háiteanna is mó ar domhan a dtagann an t-arrachtach ar a dtugann an Béarla elephant seal i dtír. B’shin an chéad deacracht a bhí agam agus mé ag iarraidh méar a chur le méarchlár chun an scéilín seo a scríobh: cén Ghaeilge a chuirfinn ar elephant seal? Dar le focal.ie, ‘rón eilifintiúil’ is ea an téarma oifigiúil. Níl trácht ar na rónta céanna in aon fhoclóir eile agus mar sin ní raibh mórán de rogha agam. Ní hé nach áis an-luachmhar é focal.ie – go deimhin, chaillfí go leor dínn dá héagmais – ach ní maith liomsa ‘rón eilifintiúil’. Tá sé rólitriúil. Ní dóthain samhlaíochta ann. Tharla go raibh mo chara agus mo chomhghleacaí Lillis Ó Laoire liom in Año Nuevo agus thapaíos an deis chun mo ghéarchéim bheag téarmaíochta a phlé leis.

Rón ag búirthigh

Sínte romhainn ar an trá ar aghaidh oiléan Año Nuevo lá breá gréine i ndeireadh na Nollag, ba léir gur cuma sa diabhal leis na rónta cad a thabharfaí orthu i nGaeilge. Ach in ainneoin go raibh cosc orainn dul i ngiorracht dóibh – ní foláir fanacht siar chúig troithe fichead ar a laghad – ní fhéadfaí gan aird a thabhairt ar an smut fada gránna de chaincín a bhí orthu. Eilifintiúil go deimhin – ach nach ndéanfadh an smut céanna an chúis dá dteideal nua Gaelach? Smutrónta Año Nuevo abú!

Aire! Smutrónta!

Ainmhí ríshuimiúil is ea an smutrón: caitheann sé an chuid is mó dá shaol ar an bhfarraige agus is féidir leis tumadh ar feadh cúpla uair a chloig gan aon anáil a tharraingt. I mí na Nollag a thosaíonn séasúr an tsíolraithe in Año Nuevo nuair a thagann na rónta fireanna i dtír. Téann siad ag bruíon le chéile go dtí go mbíonn an bua ag an rón is tiarnúla. Tagann na rónta baineanna i dtír ansin agus beireann siad coileáin na bliana seo caite ar an trá. Is beag difear atá idir na cinn óga agus na gnáthrónta glasa atá againn in Éirinn toisc nach bhfásann an smut go ceann cúpla bliain. Ach is arrachtaigh amach is amach iad na rónta fásta fireanna. Bíonn roinnt díobh chomh trom le 5,000 punt meáchain. Agus is scáfar an radharc iad nuair a théann siad in adharca – nó smutaíocha – a chéile ar an trá, rud a dheineadar cúpla babhta dúinne.

Rí na rónta

Céad bliain ó shin, ba bheag smutrón a bhí fágtha lena raibh de sheilg á dhéanamh orthu ar mhaithe lena mblonag. Faoi lár na haoise seo caite, áfach, tosaíodh ar iarrachtaí iad a chaomhnú agus táid ag bláthú leo ó shin ar chósta Chalifornia. Tá suas le 160,000 díobh ann inniu. Mheabhróidís scéal na mBlascaodach duit agus na héachtaí seilge a dhein Tomás Ó Criomhthain ag seilg rónta. Chualamar scéilín scanrúil faoi oileán eile agus a chuid rónta le linn ár gcuairte. Amach ón gcósta tá Oileán Año Nuevo. Níl fágtha ann anois ach na mílte rón agus fothrach nó dhó, ina measc fothrach an tí solais a bhí in úsáid go dtí lár na haoise seo caite. Bhíodh cúpla fear ina gcónaí ann mar choimeádaithe agus saol uaigneach go leor acu, ní foláir. Oíche amháin, réab na rónta doras an tí isteach. Caithfidh sé gur thit an t-anam as na coimeádaithe bochta. Cé go raibh eagla ar mhuintir an Bhlascaoid roimh a gcuid rónta beaga féin, ní dócha gurbh éigean dóibh uafás mar sin a fhulaingt riamh. Is é an rón an rí in Año Nuevo go deimhin.


Freagraí

  1. B’fhiú an téarma sin a chuir faoi bhráid an choiste Téarmaíochta. Is deise i bhfad é.

    Logainm spéisiúil freisin. Ar tháinig Eorpaigh ar an bhfód don chéad uair Lá Caille?

  2. Seans go gcuirfidh mé ar aghaidh chuig an gCoiste é. Ceann de na lochtanna a bheadh agam ar théarmaíocht na Gaeilge ná go mbíonn coistí á ceapadh taobh thiar de dhoirse dúnta — ach nach mbíonn aon bhealach acu chun na téarmaí nua a thástáil leis an bpobal! Fáilte roimh thuairimí ó dhaoine eile faoi seo…

    • Bhuel, tríd focal.ie tá sé measartha éasca dul i dteagmháil leo. Agus éisteann siad (uaireanta!)

      • Bhuel a Aonghuis, tá an téarma ‘smutrón’ curtha faoi bhráid an Choiste Téarmaíochta agam. Coimeádfaidh mé ar an eolas thú!

      • A Aonghuis, tá áthas orm a rá gur ghlac an Coiste Téarmaíochta leis an téarma nua ‘smutrón’. Táim féin agus Lillis thar a bheith sásta!

      • Faoi mar a dúirt Lillis: suas leis na smutrónta agus síos leis na rónta eilifintiúla!

  3. Chonaic mé d `alt faoin Straitéas fiche bhliain i mBeo agus thaith sé go mór liom.

  4. John, a chara,
    Is mé atá ag baint taitnimh as do bhlag. Dea-scríofa agus so-léite, is maith ann é! Nach iontach an chaoi gur féidir leat páirt a ghlacadh i saol na Gaeilge, is cuma cá bhfuil tú ar chor ar bith- buíochas leis an teicneolaíocht nua. Fiú nuair atá tú i bhfad i gcéin i Santa Cruz is féidir leat a bheith i lár an aonaigh ó thaobh do smaointe a scaipeadh agus ó thaobh fanacht i dteangmháil le lucht na Gaeilge. Bain spraoi as an tréimhse atá fós romhat thall agus go dtuga Dia slán go ceann scríbe thú agus tú ag filleadh abhaile i Mí Feabhra. Eithne

    • Míle buíochas as do thuairim a fhágáil, a Eithne. Is mé atá sásta go bhfuil tusa sásta le Santa Cruz na Gréine. Tá an ceart agat gur iontach an bealach é an blag chun fanacht i dteagmháil leis an mbaile. Scaip an scéal!

  5. Go maith. Táimse sásta freisin. Sin an bua a bhaineann le ré seo an idirlín – is féidir leis an fear ar an dtalamh moladh a chuir i dtreo na coistí go héasca.


Freagair johnmodonoghue Cealaigh an freagra

Ranganna