santacruznagreine a d’fhoilsigh | 14/02/2010

Céad slán le Santa Cruz na gréine

I 1987, scríobh an t-iriseoir Breandán Ó hEithir: ‘Nuair atá tú ar tí áit a bhfuil cion agat uirthi a fhágáil ar feadh tamaill féin, tosaíonn tú ag féachaint air ar bhealach áirithe. Seasann tú, éisteann tú, bolaíonn tú, d’fhonn oiread agus is féidir a thabhairt leat i do chéadfaithe agus i do chuimhne’. Mar sin atáimse faoi láthair agus gan ach cúpla lá fágtha agam i Santa Cruz na gréine. Chun clabhsúr a chur ar an mblag seo sula gcrochfaidh mé na seolta, shocraíos go mbreacfainn síos arís roinnt de shuáilcí an bhaile seo mar a chonac féin iad le cúpla mí anuas.

Luí na gréine ar Natural Bridges Beach

Ní gan údar maith a tugadh Santa Cruz na Gréine ar an mblag seo. Is é an fómhar, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair go háirithe, an séasúr is grianmhaire agus is teo den mbliain go léir sa chuid seo de Chalifornia. Bhí seans liom leaindeáil san aimsir sin agus síorthaitneamh gréine ó cheann ceann an lae a bheith agam go ceann dhá mhí. Cé go raibh aimsir mheasctha againn ón tSamhain i leith, bhí go leor laethanta grianmhara ann chomh maith agus fiú mura mbíonn an ghrian amuigh bíonn gealas sa spéir nach samhlófá le geimhreadh na hÉireann go deo. Ach bhí roinnt stoirmeacha drámatúla garbha againn chomh maith céanna, a réab isteach ón Aigéan Ciúin agus a steall báisteach throm anuas ar shléibhte Santa Cruz. Deineadh go leor díobhála cúpla babhta: bóithre scuabtha chun siúil, crainn tite ar thithe, maidhmeanna pluda ag réabadh anuas an sliabh. Bíonn aimsir drámatúil sna Stáit Aontaithe, fiú i gCalifornia na gréine.

Ceann de mhórshuáilcí Santa Cruz is ea go bhfuil sé suite ar Bhá Monterey, fairsingeacht mhór farraige san Aigéan Ciúin. Baineann Santa Cruz an-leas as an tíreolaíocht: tá an boardwalk ann agus an ché a shíneann amach ar feadh míle sa bhfarraige. Tá tránna agus dumhcha breátha fan an chósta go léir. Mecca surfála is ea an tráigh i gCapitola, tamall ó dheas uainn, nó Lighthouse Beach i Santa Cruz féin. Is fearr liomsa Natural Bridges ná aon cheann eile díobh. Níl áit níos suaimhní le suí agus féachaint ar dhul faoi na gréine. Agus is ag Natural Bridges a chruinníonn na bleachtfhéileacáin cháiliúla chomh maith.

Bhí na crónghiúiseanna ar cheann de bhuaicphointí chósta Chalifornia gan aon agó. Bhí seans liomsa a bheith ag obair istigh ina lár; síneann cuid d’fhoraois mhór crónghiúiseanna anuas chomh fada le campas UCSC. Ní gá ach siúl ar feadh cúpla nóiméad ó Stevenson College agus féadfaidh tú suí i ngarrán ciúin suaimhneach, crónghiúseanna arda ag síneadh uait in airde isteach sa spéir, radharc agat ar áilleacht Bhá Monterey thíos fút. Tá California ar cheann de na háiteanna is ilghnéithí ar domhan ó thaobh na héiceolaíochta agus cé go bhfuil go leor den éagsúlacht sin i mbaol a scriosta, tá an chrónghiúis ar cheann den iliomad iontaisí atá fós ann.

Crónghiúiseanna ar Bear Mountain

Cé go bhfuil cáil na heasláinte ar Mheiriceá, agus údar maith leis sin, tá cuid den bhia is sláintiúla agus is fearr le fáil i gCalifornia agus i Santa Cruz féin. Mar chuid de thraidisiún ailtéarnach an bhaile seo, tá feachtas láidir ar son bia orgánach a fhás go háitiúil. De bharr na gréine, bíonn raidhse glasraí agus torthaí ar fáil ó cheann ceann na bliana: mónóga milse ó Watsonville, sú craobh ó Salinas, oráistí breátha súmhara ó Fresno agus dar ndóigh fómhar na bpuimpcíní ar Highway One. Bíonn margadh feirmeoirí amuigh faoin aer i lár Santa Cruz ar an gCéadaoin agus nuair a thánag anseo ar dtúis reáchtáiltí margadh orgánach ag feirm UCSC dhá lá sa tseachtain. Agus leagtar béim láidir ar tháirgí orgánacha, áitiúla i gcuid de shiopaí an bhaile chomh maith. Ba é an Food Bin an chéad scéilín ar an mblag seo, siopa nach ndíolann ach táirgí áitiúla, agus tá New Leaf ann chomh maith, gnó a bhfuil an fhealsúnacht chéanna aige agus scoth an bhídh ar díol ann.

Siopa leabhar den scoth

Tá cion agam ar go leor áiteanna anseo. Ina measc tá na caiféanna beaga ar Pacific Avenue dála Lulu’s at the Octagon, Delmarette nó Asana. Bhí scéalta suimiúla faoi Éirinn – agus seacláidí fíorchostasacha – ar fáil ag Donnelly’s Chocolates ar Mission Street. Ar cheann de na pubanna ba réchúisí agus ba chompordaí ar an mbaile tá an 515 ar Cedar Street agus tá taquería maith, gona margaritas géarbhlasta agus tacos móra méitheacha, laistiar den Palomar ar Pacific. Os ag caint ar Mheicsiceo mé, má tá ceacht Spáinnise saor in aisce uait, níl le déanamh ach léimt ar bhus a 71 go Watsonville agus blaiseadh de chuid de dhátheangachas Santa Cruz. Bus na Spáinnise a thugaimse uirthi. Is minic nach gcloisfear aon teanga eile á labhairt ar bord. Ach déarfainn gurb é Bookshop Santa Cruz an áit is mó a bhfuil cion agam uirthi. Níl sárú an Bookshop ar fáil más mian leat uair a chloig a chaitheamh ag brabhsáil leat ar do shuaimhneas.

Ceann de charrcháblaí clúiteacha San Francisco

Suáilce eile de chuid Santa Cruz is ea a chóngaraí is atá sé do Cheantar na Bá. Is breá liomsa cathracha móra agus tá go leor díobh siúlta agam le blianta beaga anuas. Bhí cónaí orm i gcúpla ceann díobh leis. Ach ba dheacair San Francisco a shárú ó thaobh saoirse agus spleodair. Ritheann abairt as Flesh and Blood, ceann d’úrscéalta Michael Cunningham liom nuair a bhím ann. Ag caint ar phub thar a bheith rechúiseach a bhí an Cuinneagánach nuair a scríobh sé: ‘It was the kind of bar you could walk into with a snake around your shoulders and no-one would bat an eyelid’. Mar sin atá San Francisco. Níl aon rud, dá aite é, as alt inti. Tá gach aon rogha ar chlár na cruinne ar fáil duit agus gach aon sórt duine ann. Ní gá ach bualadh isteach ag Caifé an Bhuíochais má tá aon amhras ort! Is maith is cuimhin liom agus mé ar mo chéad turas ann go raibh fear ag rince go sona sásta lena chat beag riabhach ar thaobh na sráide sa Chastro, an t-ainmhí ar éill aige agus babhla beag bainne ar an gcosán roimhe. Ba chuma sa diabhal le héinne faoi agus bhí sé féin agus an cat chomh sásta céanna. Ní raibh an seó beag sráide sin as alt in aon chor. A mhalairt glan…

Tá duáilcí go leor sa chuid seo den domhan chomh maith agus tá cur síos ar roinnt díobh ar an mblag seo cheana. Cén léiriú is fearr ar éidreoir Mheiriceá ná Sarah Palin féin? Ach níl uaim inniu ach cuimhneamh ar na suáilcí. Céad slán le Santa Cruz na gréine agus go raibh maith agaibh as na smaointe fánacha seo a léamh le cúig mhí anuas agus tuairimí a fhágaint ar an mblag seo. Tá go leor nár éirigh liom a fheiscint in aon chor ach b’fhéidir go bhfillfidh mé uair éigin. Mar a scríobh Ó hEithir faoi Pháras: ‘Ceann de na rudaí is sainiúla ina thaobh ná nach mbeadh a dheireadh feicthe go deo agat. Dá gcuirfeá romhat é a shiúl mar shlí bheatha, thiocfadh na séasúir aniar aduaidh ort agus níór mhór duit filleadh agus filleadh agus filleadh an athuair’.


Freagraí

  1. Slán abhaile, a chara!

    Agus, go raibh maith agat as do smaointe a roinnt linn maidir le Santa Cruz na Gréine.

    An mbeidh tuilleadh uait amach anseo, ar aon bhlag eile?

    • Glacfaidh mé sos ón mblagáil go fóill, a Áine, ach cá bhfios ach go mbeidh mé ar ais arís lá éigin. Go raibh maith agat an mblag a léamh.

  2. Chuir tú go mór leis an bpobal beag blagadóirí Gaeilge. Tá súil agam nach ró fhada a bhéas sé go bhfilleann tú orainn anseo san Idirlíon.

    Bí cinnte cóipeanna den méid a scríobh tú a dhéanamh. Ní bhíonn rudaí ar an idirlíon buan i gcónaí!

    • Cá bhfios ach go mbeidh mé ar ais…díreach ar nós Sarah Palin! Tá an ceart agat faoi na cóipeanna. Déanfaidh mé sin. Go raibh maith agat.

  3. An bhfuil tú ag teacht abhaile John? An bhfaighidh tú seans turas bóthair a dhéanamh trasna na tíre? Mholfainn duit é.

    • Tá a Mhaitiú, ag an deireadh seachtaine. Ní bhfuair mé deis turas bóthair a dhéanamh ná ní bhfaighidh mé anois. Cúpla turas fada traenach déanta agam. Theastódh saol eile ar fad uait chun fiú cuid bheag den tír seo a fheiceáil.

  4. Tá mo mhac taréis a rá liom go bhfuil sé ag dul ar ais go San Francisco don triú uair i gcionn ceithre bhliana,samhradh ag obair mar mhac leinn agus dhá tréimhse ar laethanta saoire.Taréis do bhlag a léamh tuigim cad atá i gceist anois.Bhaineas an-thaithneamh as do bhlag, tóg sos ach bí ar ais sa bhlagasféar amach anseo.

    • Níl sárú SF ar fáil a Sheáin. Tá an ceart glan ag do mhac. Glacfaidh mé sos go cinnte agus b’fhéidir go mbeidh mé ar ais arís go luath – faoi chló eile!

  5. Go dté tú slán abhaile a John, ba dheas liom do chuid smaointe a léamh. Beannachtaí ó shléibhte Montana

  6. Bhí sé iontach do bhlag a léamh go rialta a John,
    Bhí cuid de mo mhic léinn féin á léamh fosta i ndiaidh dom é a léiriú dóibh ar dtús!
    Go dté go slán abhaile agus tar ar ais chuig an mblag amach anseo!


Freagair santacruznagreine Cealaigh an freagra

Ranganna