santacruznagreine a d’fhoilsigh | 16/12/2009

Dinnéar amh i gCaifé an Bhuíochais

Fáilte isteach go Caifé an Bhuíochais

An ceol stráinséartha agus boladh láidir na tiúse is túisce a thugann le tuiscint go bhfuil tú i gceann de shiopaí deoranta Cheantar na Bá, go háirithe ar an mbá thoir i mBerkeley. Berkeley na gcíréibeanna stairiúla, Berkeley shaoirse na cainte, Berkeley an hatha yoga agus Berkeley an bhia orgánaigh … má tá creideamh, cultas nó ceapaire as an ngnáthach uait, bí cinnte gur anseo a gheobhaidh tú é. Agus is geall le creideamh an chaint a chuirfear ort nó an biachlár a shínfear chugat i gcuid de bhialanna aduaine na cathrach, mar a fuaireamarna amach in Café Gratitude ar Shattuck Avenue.

An té nach bhfuil buíoch...

Tá formhór an bhia atá á dhíol i gCaifé an Bhuíochais beo, amh, áitiúil agus veigeánach. Tá bia amh in ainm is a bheith an-sláintiúil go deo, tá argóintí maithe sláinte agus eiticiúla ann ar son táirgí ainmhithe a sheachaint agus dar ndóigh, is fearr go mór bia a fhástar go háitiúil a ithe nuair is féidir. Thabharfadh an mana a bhí greamaithe leis an bhfalla lasmuigh leid duit go raibh eispéireas eipiciúrach thar a bheith difriúil romhat: What are you grateful for? Cé gur tógadh mise i dtigh ina mbítí ag seachaint na feola go rialta, níor leagas cos i mbialann amh riamh cheana. Níl a leithéid in Éirinn fós, go bhfios dom. Agus cé go dtugaim glasránaí orm féin i nGaeilge (tá an ghráin agam ar an bhfocal oifigiúil is déanaí, veigeatóir) ní raibh aon tsúil agam leis an mbia breá a chuirfí romham.

Géill don áilleacht

Laistigh, ba bheag nár leag an tiús amach sinn. Bhí ceol na míolta móra – an saghas sin a chuireann fonn baile ormsa i gcónaí – á sheinnt go hard. Romhainn amach, bhí pictiúr mór ildaite de chailín beag ag féachaint isteach i lochán agus an cheist – Can you surrender to how beautiful you are? – scríofa os a cionn. Ba léir go raibh Declan ag éirí an-amhrasach cheana féin agus gan sinn ach díreach suite. Tugadh chugainn an biachlár. D’fhéadfaimis tosú le deoch a chuirfeadh brí ionainn in athuair: I am worthy: blood tonic, déanta de chál, sinséar, úlla agus biatas. Nó cad faoi I am succulent: sweet, sour and savoury, déanta de sheadóg, úlla, miontas agus soilire? Nó go deimhin I am luscious: raw chocolate smoothie, meascán de bhainne cnó coill, figí, dátaí, cacó amh agus fanaile. Ina dhiaidh sin, don réamhchúrsa, d’fhéadfaimis I am abundant a roghnú: one plate…8 affirmations: I am Happy, Giving, Exciting, Honoring, Opulent, Relishing, Insightful, and Thriving! Rogha as cuimse. Ceol aduain drumaí a bhí á chasadh anois, níos fearr ná na míolta cráiteacha ar a laghad. Don phríomhchúrsa, bhí rogha idir pizza amh darb ainm I am passionate (arán amh déanta de shíolta lus na gréine, anlann basail agus síolta cnáibe anuas air, chomh maith le cáis bhréagach cnónna caisiú), nó enchilada speisialta an lae (glasraí beo, amha ar tortilla bog, uachtar caisiú, rís dhearg) a raibh I am elated mar theideal air. Ar bís go deimhin! Roghnaíos féin an pizza sa deireadh, chomh maith le I am worthy. Bhí burgar beo na gréine, I am cheerful: live sunburger agus I am loved, latte déanta de bhainne cnó coill, ag Declan drogallach.

Pizza amh, éinne?

Bhí deasghnáth eile le comhlíonadh sula bhféadfaimis blaiseadh de na hiontaisí, áfach. Thug an freastalaí chugam mo pizza agus mo dheoch agus dúirt You are passionate and you are worthy liom go sollúnta. Cheapas go dtitfeadh an t-anam as Declan ach b’éigean dó guaim a choimeád air féin an fhaid is a déarfadh an freastalaí You are cheerful and you are loved leis-sean. Ach bhí an bia ar fheabhas ar fad, rud a chuir iontas ar an mbeirt againn. Ní hé nach raibh bia veigeánach ite agam cheana ach is cinnte nach maith liom arán amh a ithe agus bhí imní mo chroí orm go ndéanfadh an pizza breoite mé. Ach bhí an t-arán agus an t-anlann an-bhlasta ar fad. Dar ndóigh, ní úsáidtear giosta agus ní bhácáiltear san oigheann é: arán cothrom, briosc is ea é, déanta de shíolta lus na gréine measctha le cairéid, cál agus luibheanna, a thriomaítear amach in imeacht cúpla lá. Níor ghearánta chugam agus mo dheoch rua á hól agam ach an oiread ach bhí caife Declan go hainnis ar fad, blas láidir cnónna air agus gan an t-uisce te ach ar éigean. I am poisoned, a dúirt sé faoina anáil nuair a bhí an freastalaí as radharc.

Advertisements
santacruznagreine a d’fhoilsigh | 14/12/2009

Macy’s na madraí mealltacha

Macy's, Union Square

Thugamar cuairt na Nollag ar San Francisco an deireadh seachtaine seo. Bhí bús daoine agus bús báistí romhainn. Ar cheann d’iontaisí na tíre seo tá an aire an-mhaith a thugann daoine dá bpeataí. Chonaiceamar tuairiscí nuachta cheana faoin imní a bhí ar dhaoine go dtiocfadh fliú na muc ar a gcuid cat. Ach meabhraíodh an taobh eile den chion sin dúinn in aice le Union Square i gcroílár na cathrach áit a bhfuil ollsiopa clúiteach Macy’s lonnaithe. Agus bí ag caint ar mhadraí i bhfuinneog…

Cat tréigthe

I bhfuinneog Macy’s tá roinnt de chait agus de mhadraí tréigthe na cathrach ar taispeáint agus is mór an díol trua iad. B’fhéidir gur sleamhain an iarracht í seo dul i bhfeidhm ar shiopadóirí maoithneacha ach tá an feachtas seo ar bun ag an gCumann um Fhóirithint ar Ainmhithe le cúpla bliain anuas agus ag éirí go maith leis, is cosúil. In ainneoin na díle, bhí na sluaite cruinnithe ar chúinne O’Farrell agus Stockton agus iad féachaint isteach go grámhar i súile na madraí bochta agus na gcat uaigneach a bhí teanntaithe sa bhfuinneog rompu. Stán coileán beag ar ais go cumhach orainn óna stáitse beag sa chéad fhuinneog, ceol anamúil Nollaigiúil á sheinnt trí challairí móra ar barr na fuinneoige. In aice leis, bhí puisín ina chodladh istigh ina tigín beag beann ar na páistí a bhí ag lascadh na gloine chun é a dhúiseacht. Sa chéad fhuinneog eile, d’fhéach cat beag glas amach orainn go fiosrach, a béal ar leathadh aici faoi mar go raibh sí ag meamhlaigh, babhla beag bídh lena taobh agus luch bhréagach coganta go smior aici.

Madra i bhfuinneog

Chraith duine d’fhoireann Chumann na nAinmhithe bosca airgid faoinár srón agus sháigh a comhghleacaí cróga bileoga faoin gCumann isteach inár láimh. Cad a d’fhéadfadh duine a dhéanamh ach a lámh a chur ina phóca agus dollar a chaitheamh isteach sa bhosca? B’fhurasta é sin ná cat a chrochadh abhaile linn go Santa Cruz go cinnte.

An raibh an cat seo dána i mbliana?

Ní hiad páistí San Francisco amháin a gheobhaidh deis a gcuid peacaí a shéanadh agus iad ag scríobh chuig Daidí na Nollag. Dar leis an gCumann, beidh seans ag madraí agus cait a gcuid suáilcí a léiriú chomh maith. Tá an teachtaireacht seo scríofa ar a shuíomh Idirlín: Special wishes for a loving companion tucked in winged envelopes swirl their way through the window as pets prance and play below. Santa’s letters will arrive at Santa’s mailroom, where the jolly man himself will be checking his list to find out which dogs and cats have been naughty or nice. Tá a fhios ag madraí an bhaile gur i Meiriceá amháin a tharlódh sé. Ach nach ait gur gá feachtas mar seo sa tír chéanna ina bhfuil reiligí do chait agus ionaid aclaíochta do mhadraí? Is léir go bhfuil an-chion ag na Meiriceánaigh ar a gcuid peataí ach go dtréigtear iad chomh minic céanna.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 06/12/2009

An traein mhall agus an tUachtarán Moslamach

An traein i stáisiún Van Nuys gar do LA

An té a admhaíonn gur mhaith leis taisteal ar thraein i dtír seo an ghluaisteáin, spreagfaidh sé an-amhras go deo i measc a chairde. B’amhlaidh a bhí i mo chás-sa agus mé ag prapáil do thuras iarnróid ó dheas go LA le déanaí. Cé gurbh iad na hiarnróid a thóg na Stáit Aontaithe, níl fágtha anois ach creatlach de ghréasán stairiúil a shíneadh isteach i ngach baile sa tír tráth dá raibh. Agus meabhraítear duit arís agus arís eile nach fiú duit do chuid ama a chur amú, gur súmaire ar an sparán poiblí é Amtrak, go mbíonn na traenacha an-mhall, go dteipeann orthu go minic agus nach fiú an tairbhe an trioblóid i ndáiríre. Ach má screabhann tú an t-uachtar seo de bheagán, ní fada go dtuigfidh tú nár leag lucht na cnáimhseála cois i dtraein riamh.

Stáisiún Diridon, San José

Má tá fírinne leis an gcnáimhseáil, níor léir dúinne í agus sinn inár bpaisinéirí ar an Coast Starlight go Cathair na nAingeal. Ceann de mhórthurasanna traenach Mheiriceá is ea an Starlight, a fhágann Seattle ag a 9.45 ar maidin agus a shroiseann LA ag a 9 a chlog istoíche an dá dar gcionn. Is cinnte nach é an luas bua mór na traenach seo – d’fhéadfaí tiomáint níos tapúla gan aon agó – ach maidir le compord, ní fhéadfaí an Starlight a shárú. Ar chostas an-réasúnta ar fad, chuireamarna seomra beag in áirithe ina bhféadfaí leapacha a dhéanamh den dá shuíochán. Roomette a thugtar ar do chófra beag de sheomra agus go deimhin, is gá béim a chur ar an -ette. Ní haon phálás é, ach déantar an-teindeáil ort mar sin féin. Thíos staighre, tá pictiúrlann agus seomra lán le cluichí físe do dhéagóirí a mbuaileann leadrán iad. Thuas staighre tá parlús breá compordach a bhfuil fuinneoga sa tsíleáil ann chun gur féidir taitneamh a bhaint as na radharcanna. Ar chostas $5 is féidir fíonta agus cáiseanna a bhlaiseadh sa pharlús ag a trí a chlog gach lá.

Parlús na traenach

Faigheann tú tae, caife agus buidéilín seaimpín saor in aisce i do roomette, chomh maith le trí bhéile sa ló. Crannchur is ea gach béile: cuireann tú do bhord in áirithe roimh ré, glaotar ort go dtí an seomra bídh agus cuirtear i do shuí le paisinéirí eile thú. Bhí comhluadar lóin thar a bheith suimiúil againne ar an tslí ó dheas: lánúin aosta ó Seattle a bhí ag triail ar a gclann i San Diego. Ba Phoblachtánaigh go smior iad, beo ar Fox News ar mhaithe lena gcuid eolais ar an saol. Bhí áthas orthu a chlos gur Éireannaigh sinne, cé gur léir go raibh amhras orthu faoi bheirt fhear ag taisteal le chéile. You Irish weren’t like the other immigrants, a dúirt Phyllis linn tar éis an réamhchúrsa. You guys wanted to learn our language and become real Americans, not like the immigrants nowadays. Is cinnte gur chaitheamar uainn ár dteanga ceart go leor, a dúrtsa liom féin faoi m’anáil. The health care reform is a federal conspiracy, a d’fhógair Brad ansin, é ag éirí beagáinín dearg san aghaidh. It’s all about controlling our lives. Tháinig an príomhchúrsa ar deireadh thiar. Barack Obama a tharraing an racht ba mhó. All these bloody liberals, a dúirt Brad go mífhoighneach, a scian á sá go doimhin aige sa smut feola ar an bpláta roimhe. D’fhógair Phyllis go bródúil gur oibrigh sí ar fheachtas Ronald Reagan do phost ghobharnóir Chalifornia sna 1970í. We need more of his type now, a dúirt sí go cumhach, ag stánadh orainn lena súile beaga gorma. Who would have thought, when those planes flew into the Twin Towers, that our next President would be a Muslim? Shocraíomar gach an mhilseog a ithe. Bheadh tae ar fáil sa roomette. Agus sinn ag fágáil an tseomra bídh, labhair fear óg a bhí ina shuí leis féin trasna uainn agus ar léir go raibh cluas aige lenár gcomhrá. Plurality, guys, that’s what it’s all about in this great democracy of ours, a dúirt sé agus leathmheangadh tuisceanach air.

An Starlight ag sní trí ghleann San Luis Obispo

Níorbh fhada gur tháinig am dinnéir agus b’sheo linn go sceitimíneach chun an tseomra bídh go gcífimis cén comhluadar a bheadh againn an uair seo. Trasna uainn bhí Suzanna, béaldath ar dhath na fola uirthi, í ag taisteal ina haonar ó Oregon go Santa Barbara ar cuairt ar a neacht. Cuireadh Jan inár suí linn tamall ní ba dhéanaí, taistealaí aonair eile. January is my full name even though I was born in March, a dúirt sí. Bhí an chuma ar Jan bhocht gur ghaibh sí trí thrioblóidí go leor ina saol. Níor tarraingíodh anuas an pholaitíocht in aon chor an uair seo ach dúirt Jan go neirbhíseach tar éis tamaill go raibh sí ag teacht chuici féin ó dhrochstróc agus nach raibh sí ábalta ar thiomáint níos mó. Bhí dúil ag Suzanna i dteangacha agus an-suim aici a chlos go raibh an Ghaeilge á múineadh agamsa. Bhí cara le Jan ag gabháil de ranganna Gaeilge in Oakland.

Luí na gréine ar an Aigéan Ciúin

Bhainfeadh na radharcanna ón traein seo an anáil díot, go háirithe agus an Starlight ag sníomh tríd an ngleann i dtreo chósta an Aigéin Chiúin agus cathair San Luis Obispo. Chonaiceamar luí na gréine laistiar de na rigí ola san aigéan amach ó Santa Barbara. Lean an Starlight uirthi tríd an oíche go dtína ceann scríbe i gCathair na nAingeal. Ní haon roicéad í, ach mura bhfuil deabhadh ort is fiú go mór luí siar i do roomette tamall, fíon a ól sa pharlús agus aithne a chur ar Mheiriceánaigh cúpla uair sa ló sa seomra bídh. N’fheadar éinne cé a bhuailfeadh leat sa seomra bídh nó sa pharlús. Is fada ó Iarnród Éireann na gceapairí lofa é an Starlight go deimhin.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 30/11/2009

Tá sí ar ais – gura fada uainn í

Tá Sarah Palin ar ais. An bhean a scoilt na Poblachtánaigh ina dhá leath agus a chuir tús le tionscal scigaithrise ar leith, tá sí ar camchuairt na tíre faoi láthair lena leabhar nua Going Rogue: An American Life. Níl an ráiteas sin fíor ar fad: ba chirte dom a rá go bhfuil sí á reic i gcathracha éagsúla i stáit éagsúla a vótáil go láidir ar son John McCain. Go bhfios dom, níl oiread agus cathair amháin i gCalifornia ar a liosta aici, seachas San Diego coimeádach, b’fhéidir. D’fhéadfaí a rá nach é an stát seo an chloch is mó ar phaidrín Sarah Palin, ach amháin gur dócha gurb é an paidrín a rud deireanach a bheadh ar iompar aici.

Is cosúil – agus caithfidh mé a admháil nach bhfuil sé léite agam fós – go gcaitheann Palin anuas go fíochmhar ar fheachtas McCain ina dírbheathaisnéis nua. Ní haon iontas é sin. Fear cróga is ea John McCain, ach theip ar a chuid misnigh agus é i ngleic le gobharnóir guítheach gustalach Alasca. Ina shárleabhar faoi eite dheis Chríostaí Mheiriceá, Republican Gomorrah, maíonn an t-iriseoir Max Blumenthal gur cuireadh Palin ar an ticéad chun na hantoiscthigh a shásamh agus – ar údar dothuigthe éigin – toisc gur creideadh go meallfadh sí na mná le Hillary Clinton a thréigint. A mhalairt ar fad a tharla: ba líonmhaire iad na fir – 15 faoin gcéad níos mó díobh – ná na mná a chreid go raibh Palin cáilithe le bheith ina huachtarán agus an feachtas uachtaránachta faoi lánseoil. Spreag ainmniúchán Palin díospóireacht theasaí i measc na bhfeimineach sin a bhí ag iarraidh tacú le mná sa pholaitíocht – ach nárbh í Palin an sórt mná a theastaigh uathu ar an ticéad.

Lacáiste mór cheana féin

Ar aon chuma, tá a dtuairim féin den dírbheathaisnéis nochtaithe cheana ag siopaí leabhar Santa Cruz. Fiú sular fhógair Palin a leabhar go histéireach ar sheó Oprah Winfrey le déanaí, díreach in am do mhargadh mór na Nollag, bhí lacáiste 40 faoin gcéad curtha ag siopa Borders air. Slabhra is ea Borders agus ní bhítear ag súil le ráitis pholaitiúla uaidh, ach d’inis an lacáiste céanna a scéal féin. Tá teachtaireacht neamhbhalbh i dtaobh Palin ag Bookshop Santa Cruz, ceann de na siopaí leabhar neamhspleácha is iomráití sa taobh seo tíre. Díreach laistigh den doras, tá seilf lán cóipeanna de Going Rogue agus fógra mór taobh léi a dhéanann cur síos ar chuid de ráitis mhíchruinne, aineolacha Palin agus í ag iarraidh dreapadh go duaisiúil go barr dhréimire na polaitíochta domhanda. Ina measc, tá an ráiteas iomráiteach úd faoin radharc atá ó Alasca ar an Rúis, radharc a d’fhág go raibh greim ag Palin ar an bpolaitíocht idirnáisiúnta, mar dhea.

Is breá an radharc é!

Agus an pièce de résistance? Gach duine a cheannaíonn Going Rogue in Bookshop Santa Cruz, gheobhaidh siad paca beag cnónna a bhfuil Sarah Palin’s just plain NUTZ scríofa orthu, chomh maith le scigphictiúr di féin. Dar leis an siopa leabhar, tá na cnónna ar fáil to those who can stomach a 1 ounce bag of walnuts, but can’t stomach 432 pages of Sarah Palin’s writing. Seo an siopa a chroch clog i lár an tí nuair a toghadh George W. Bush den dara uair, ag comhaireamh na laethanta go dtí go mbeadh air éirí as oifig i 2008.

Cnónna craiceáilte

Agus ní hé Bookshop Santa Cruz amháin atá i mbun scigaithrise ar bhean Alasca. D’fhoilsigh The Nation, iris de chuid na heite clé, a leagan féin den leabhar dar teideal Going Rouge: Sarah Palin – An American Nightmare. Is mar a chéile iad na clúdaigh, beagnach, seachas go bhfuil splanc scanrúil mar a bheadh tromluí ann ag lasadh na spéire laistiar di sa leagan malartach. Dála an scéil, nílim ag súil go mbeidh cóip de Going Rogue in íochtar stoca na Nollag ach tá an paca cnónna ite agam cheana. Is féidir na cnónna a cheannach ar $3.98c agus Going Rogue a fhágáil ar an tseilf i do dhiaidh. Ach b’fhéidir go gceannóidh duine éigin Going Rouge dom fós.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 23/11/2009

Seacláidí Árann agus Thanksgiving

Cheannaíos bosca seacláidí inniu mar bhronntanas i gcomhair Thanksgiving. Déardaoin an lá mór ach toisc gur féile gan mhaisiúcháin í seo, ní bheadh a fhios agat é agus tú ar do chamchuairt timpeall ar Santa Cruz. Ní gá puimpcíní ná crainn Nollag chun Thanksgiving a cheiliúradh. Bhí a fhios agam go raibh siopa seacláidí ar Mission Street, in aice le Bay Drive áit a gcasaim ar bhóthar na hollscoile ar mo rothar. Ní raibh a fhios agam go mbeadh scéal chomh suimiúil san sa tsiopa céanna.

Seacláidí Uí Dhonnghaile

Is le Richard agus Henry Donnelly an siopa beag seo, nach bhfuil cuma chomh galánta san ó lasmuigh air. Ach isteach leat agus bainfidh iontaisí na seacláide an leathadh as do shúile – agus as do chaincín leis. Spáinnis a bhí á labhairt ag fear an tí, Richard, leis an gcúntóir Meicsiceach, María, nuair a chuas an doras isteach. Hola, arsa mise leo, fonn Spáinnise orm i gcónaí. Mhínigh María praghas na mboscaí éagsúla dom (iad go léir daor go maith) agus an rogha a bhí agam idir leche, negro agus frutas variadas. Bhí miasanna móra lán seacláidí ar an gcuntar romham, gach aon bhlas faoin spéir orthu agus boladh cumhra milis uatha go léir.

Seacláidí blasta cumhra na Gaeltachta

Ansin a tháinig Richard i leith chugam, é lán ceisteanna faoi bhlas aduain mo chuid Spáinnise. Nuair a thuig sé gur Éireannach mé, thosaigh sé ag insint scéal a bheatha dom. Ba as Árainn dá athair críonna, fear crua a d’imigh ar imirce ó Eirinn i 1917 agus a chaith blianta ag obair ar na bildéalacha i Massachusetts. Anoir a tháinig an teaghlach ina dhiaidh sin, chomh fada le Santa Cruz. Isteach le Henry tríd an gcúldoras ansin, mias mhór seacláidí breá friseáilte ón oigheann á hiompar aige. Henry, this man knows the Aran Islands, a dúirt Richard leis. Bhíodar beirt an-sásta go raibh Éireannach istigh. Aon uair amháin a bhíodar in Árainn, agus in Éirinn, agus iad ina bpáistí beaga sna 1960í. Samhraidh triomaigh ab ea é agus b’éigean ciondáil uisce a chur i bhfeidhm i dtithe lóistín Árann. Ba chuimhin leo Dún Aonghusa agus na dúnta eile go maith, chomh maith le tráigh bhreá Chill Mhuirbhigh áit ar chaitheadar laethanta fada ag déanamh seoigh.

Richard ag meascadh na seacláide

Bhí an-suim acu a chlos gurb í an Ghaeilge a thug go Santa Cruz mé agus ba thrua leo gan í a bheith acu féin. And here I am chatting away in Spanish to María, a gháir Richard de gheit i lár abairte. Bhí rún acu filleadh ar Árainn arís toisc go raibh daoine muinteartha leo ag teannadh amach sna blianta ach ba bheag í a ndúil in eitiltí fada. B’ait leo a chlos go raibh Éire faoi uisce ag an ndrochaimsir ach bhí súil ach gur tháinig Árainn slán. Thug María dhá phaca oighir dom chun an bosca a choimeád breá fuar, friseáilte ar an dtraein ó dheas go LA, áit a mbeidh Thanksgiving á cheiliúradh againn le seacláidí na Gaeltachta.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 23/11/2009

Bronntanas na bpotaí

Bhíomar i láthair ag potluck aréir. Bhí bús cainte ag an obair ar an bpotluck céanna le cúpla seachtain anuas agus ba mé a bhí fiosrach faoi – agus aineolach ar a mbeadh i gceist. Dúirt comhghleacaí liom gur traidisiún an-Mheiriceánach ar fad é. You should certainly try out a real American potluck before you leave, ar sise. Bíonn aoiléachtóirí ag triail ar Roinn na Teangeolaíochta anseo go rialta i gcaitheamh an tseimeastair agus reáchtaíltear na potlucks nuair a bhíonn siad ar cuairt. Cuid de thraidisiún fáilteach Santa Cruz é, is cosúil. Dála an scéil, is cosúil gur focal bundúchasach é an potluck ó cheart: potlatch, deasghnáth nó féile a chleachtadh pobail bhundúchasacha ar chósta thiar Mheiriceá agus Cheanada.

Fómhar na bpuimpcíní le hídiú fós...

Féile nó ceiliúradh is ea an potluck, béile a roinntear ar dhaoine. Tugann duine amháin an cuireadh, agus cuireann sé cistin agus seomra suí ar fáil, ach tugann na daoine a fhaigheann an cuireadh a gcuid bia féin leo. Iarradh orainne miasanna a mholadh roimh ré agus cuireadh cúpla teachtaireacht ríomhphoist amach ag lorg rudaí breise: réamhchúrsa gan feoil, cúpla milseog agus rís bhreise. Táimse fós ag iarraidh dul i ngleic leis an ualach puimpcíní ó aimsir na Samhna agus b’fhada mé ag súil le deis chun roinnt slí a dhéanamh do bhia eile inár reoiteoir beag bídeach. Mar sin, níorbh aon iontas gur roghnaíos an puimpcín maorga do mo mhias féin. Agus bhí dúil a gcroí ag mo chomhghleacaithe sa ratatouille breá puimpcíní a thugas liom aréir.

An chéad photluck eile? Barraí ag fás in aice le Santa Cruz

Go deimhin, bhí fleadh agus féasta romhainn ag an bpotluck: strúisíní de gach saghas, dhal blasta spíosrúil na hIndia, cúpla sailéad bréa cúscús agus, dar ndóigh, curaí puimpcíní, pióg phuimpcíní agus anraith puimpcíní. Ní mise amháin a bhí ag iarraidh fómhar na Samhna a ídiú. Bhí brioscaí vegan ann leis, a bhuíochas le duine de na mic léinn, agus an-tóir go deo orthu. Ba bheag feoil a bhí ar an mbord in aon chor. Sin mar a bhíonn i Santa Cruz. Is é an feoilséantóir an rí. Agus conas a bhí ag an té a thug cuireadh chun tí dúinn? An raibh sé ag cur allais sa chistin, ag iomrascáil le réamhchúrsaí, milseoga agus glasraí? Ní raibh ná baol air. Chaith sé an oíche ar a sháimhín só ag caint linn, mar is ceart. Tá fonn ormsa bronntanas seo na bpotaí a thabhairt abhaile liom go hÉirinn.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 22/11/2009

Agóid na dtáillí – ach cén sprioc atá léi?

Chuaigh mic léinn UCSC i mbun agóide agus léigir an tseachtain seo. Níorbh é 1968 an athuair é, ach bhí boladh na troda le brath i measc na gcrónghiúiseanna. Údar na hagóide? Méadú 32 faoin gcéad i dtáillí teagaisc agus clárúcháin do mhic léinn ar fuaid champais uile an UC. Gan aon agó, buille trom is ea an t-ardú do mhic léinn reatha, a mbeidh orthu é a íoc an bhliain seo chugainn, agus do scoláirí iarbhunscoile a mbeadh rún acu teacht chun na hollscoile amach anseo.

Agóid ag Kerr Hall (pic. ón Santa Cruz Sentinel)

Dúnadh an bealach isteach chun na hollscoile ar an gCéadaoin, nuair a chruinnigh tuairim is 500 mac léinn ag na geataí. D’éirigh leo trácht Santa Cruz a chur ina gcíor thuathail, cuireadh stop le seirbhísí bus chun na hollscoile, agus b’éigean go leor léachtaí agus ranganna a chur ar ceal nuair nár fhéad mic léinn freastal orthu – nó má roghnaíodar an agóid seachas an seomra ranga. Déardaoin, ghlac na céadta mac léinn, maraon le roinnt den bhfoireann acadúil agus riaracháin, seilbh ar cheann de dheich gcoláiste UCSC, Kerr Hall agus chuir fúthu ann i gcaitheamh na hoíche. Ní nach ionadh, b’éigean na ranganna go léir a chur ar ceal agus shocraigh na húdaráis foirgneamh eile in aice láimhe a dhúnadh chomh maith, ‘ar mhaithe le sábháilteacht’.

Póstaer agóide ag UC Berkeley

Ar fuaid an stáit, bhí agóidí den tsórt céanna ar bun, go háirithe ag UC Berkeley, áit a maireann traidisiún radacach na 1960í go fóill. Bhí ceann d’fhoirgintí an champais faoi léigear ag suas le 40 mac léinn ansiúd aréir, agus tuairim is dhá mhíle duine bailithe le chéile lasmuigh chun tacú leo. Bhí ráflaí ag guairdeall thart i Santa Cruz inné go gcuirfí ceann eile d’fhoirgintí an champais faoi léigear ach níor tionóladh ach agóid shíochánta sa deireadh. Ní haon Bherkeley é UC Santa Cruz, is cosúil.

Tacaíocht á lorg don léigear

Tá easnamh níos mó ná $800 milliún ar an UC trí chéile de bharr ciorruithe i gcaiteachas stát Chalifornia ar an oideachas tríú leibhéal. Tuigim do na mic léinn agus táim cinnte go mbeinn féin ina measc dá mbeadh an bhróg ar an gcois eile. Is iomaí agóid a rabhas páirteach inti san am a caitheadh. Aontaím go gcaithfidh daoine a nguthanna a ardú go glórach nuair a bhaintear stangadh astu chun gur féidir leo a míshástacht a chur in iúl. Ach táim den tuairim láidir go bhfuil an sprioc mhícheart roghnaithe ag na hagóideoirí. Ba cheart gur i Sacramento, seachas i mBerkeley nó i Santa Cruz a bheidís i mbun léirsithe, toisc gurb é Sacramento, áit a suíonn Seanad agus rialtas Chalifornia, bun agus barr na ndeacrachtaí airgeadais seo.

Áras Aontas na Mac Léinn i UCSC

Tá polaitíocht Chalifornia ina cíor thuathail le fada, ar roinnt cúiseanna. Baineann rialacha amaideacha beatha na ngéag den bpolaitíocht chéanna: caithfear mórán dhá dtrian a ghnóthú chun an buiséad a cheadú, rud a fhágann gur féidir leis an mionlach Poblachtánach bac a chur ar aon fhoráil a bhfuil sé d’aidhm aici cánacha breise a ghearradh. Fágann an tsáinn seo go mbíonn rialtas Chalifornia geall le bancbhriste i gcónaí. Anuas air sin, ceadaíonn bunreacht Chalifornia córas liobrálach achainíocha, rud a fhágann gur féidir le líon réasúnta beag daoine – idir 5 agus 8 faoin gcéad den bpobal – achainí a dhéanamh chun dlíthe de chuid an stáit a leasú nó a chur ar ceal, nó dlíthe as an nua a mholadh. Níl le déanamh acu ach dóthain sínithe a bhailiú. Fágann an daonlathas bréagach seo teannas síoraí idir an Seanad agus an pobal. Ní féidir oideachas ollscoile den scoth – ná, go deimhin, aon tseirbhís phoiblí eile – a chur ar fáil mura bhfuil dóthain teacht isteach ag an stát chuige toisc go bhfuil cánacha ró-íseal. Má tá lucht agóide Santa Cruz, Berkeley agus ollscoileanna eile an UC ag iarraidh an t-oideachas ollscoile a chosaint (agus dála an scéil, aontaímse leis an bhfealsúnacht sin), tugaidís a gcuid póstaer agus a nguthanna feargacha chomh fada le geataí an tSeanaid i Sacramento, an áit ar thit an tua i ndáiríre. Agus déanaidís a machnamh ar an gcóras polaitiúil atá cruthaithe acu féin agus ar na polaiteoirí atá tofa acu le blianta beaga anuas.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 16/11/2009

Na comharsana ó thuaidh

Tharla go rabhas i gCeanada ar feadh cúpla lá an tseachtain seo caite chun freastal ar chruinniú de ghréasán taighde a bhfuilim páirteach ann in Ollscoil Ottawa. Bhíos i bpríomhchathair Cheanada go minic cheana, agus i gcathracha móra eile na tíre sin, Montréal agus Toronto, agus cuirim suim i ngnóthaí Ceanadacha go pearsanta agus i mo chuid taighde. Ach toisc nár leagas cois sna Stáit Aontaithe riamh cheana go dtí dhá mhí ó shin, ní fhéadfainn comparáid a dhéanamh idir an dá thír go dtí anois.

Stephen Harper ... cé?

Is beag eolas atá ag an Éireannach ar Cheanada i ndáiríre, cé gur dócha go mbeidh tuiscint mhaith acu ar na Stáit Aontaithe, nó ar a dtiteann amach ar an dá chósta ar a laghad. Cén duine in Éirinn nach bhféadfadh Barack Obama a aithint, nó Ted Kennedy, nó an iliomad pearsan eile ó shaol na scannánaíochta nó na teilifíse? Ach luaigh an t-ainm Stephen Harper in aon phub ó cheann ceann na hÉireann agus ní bhfaighidh tú mórán airde. Nó Jean Chrétien. Nó Brian Mulroney. Nó go leor Ceanadach eile ach an oiread. Ní hé nach bhfuil ceangal láidir idir sinne agus Ceanada – d’imigh na céadta míle Éireannach go Ceanada tar éis an Ghorta agus tá blas na hÉireann fós ar chaint na ndaoine i dTalamh an Éisc – ach is fearr go mór an cur amach atá againn ar an bhfathach ó dheas seachas an fathach ó thuaidh. Dála an scéil, is beag é eolas an Mheiriceánaigh ar Cheanada chomh maith, bunaithe ar mo thaithí (shrianta) go dtí seo. Is cumhachtaí go mór an fathach ó dheas, cé gur lú é go fisiciúil ná an fathach ó thuaidh. Dúnann an chumhacht an tsúil agus an chluas go minic.

Ceanada: an dátheangachas institiúideach

Mar sin, gach seans nach bhfaighfear freagra rófhada ar an gceist: cé na difríochtaí idir Ceanada agus Na Stáit Aontaithe? Ach is mór iad na difríochtaí céanna. Ar dtús, tá an dátheangachas institiúideach, seachas an dátheangachas drogallach, neamhoifigiúil atá anseo i gCalifornia. Ón gcéad nóiméad a shroicheann tú talamh Cheanada, meabhraítear duit gur tír dhátheangach í, Fraincis agus Béarla. Ón gcéad nóiméad a fhilleann tú ar na Stáit Aontaithe, meabhraítear duit gurb é an Béarla an rí. Tá ceangal láidir bunreachtúil ar rialtas Cheanada tacú leis na teangacha mionlaigh – an Fhraincis lasmuigh de Québec, na teangacha bundúchasacha ó thuaidh – ach ní luaitear teangacha in aon chor i reachtaíocht Mheiriceá. Go deimhin, tá feachtas darb ainm US English ag stocaireacht chun go ndéanfar teanga oifigiúil den Bhéarla – agus den Bhéarla amháin. Dar leo, is bagairt do Na Stáit Aontaithe í an Spáinnis. Tá an Spáinnis láidir go leor sa chuid seo de chósta láir Chalifornia, ach is ar bhonn ad hoc amháin a chaitear léi: comharthaí dátheangacha i gcomhlachtaí áirithe ach neamhaird oifigiúil. Tíortha an-ilchultúrtha iad Ceanada agus Na Stáit Aontaithe araon ach ó deineadh na hionsaithe ar Nua-Eabhrac i Meán Fómhair 2001, is fuaire an fháilte a fheartar roimh na hinimiricigh – agus a gcuid teangacha – ó dheas.

Westminster? Ní hea ach Ottawa

Tá rialtas Cheanada an-éagsúil chomh maith. Anois a chaithfidh mé an rún dorcha faoi Stephen Harper a sceitheadh: is é an Príomh-Aire é. Agus is Príomh-Aire coimeádach é a bhíodh mór le George W. ach nach bhfuil chomh ceanúil céanna ar Obama. Os a choinne sin, is tír níos liobrálaí é Ceanada ar mhórán slite: mar shampla, ceadaítear do bheirt den inscne chéanna pósadh, cé go bhfuil na Meiriceánaigh fós ag bruíon go fíochmhar faoin ábhar sin. Tá go leor de chóras riaracháin Cheanada bunaithe ar Westminster, agus tá leagan níos nua-aoisí de Theach na dTeachtaí (sea, tugtar an House of Commons air i mBéarla Cheanada) suite go maorga ar Chnoc na Parlaiminte i lár Ottawa. Tá Ceanada fós ina bhall den Chomhlathas – agus Banríon Shasana ar chuid de na nótaí bainc – cé go raibh an-phlé ar bun faoi sin agus mé ann toisc go raibh Prionsa na Breataine Bige ar cuairt oifigiúil. Agus tá go leor difríochtaí beaga eile ann chomh maith: celsius seachas fahrenheit, ciliméadair seachas mílte, CBC (an craoltóir poiblí, bunaithe ar an mBBC) seachas PBS (teilifís bhocht phoiblí na Stát Aontaithe – an-lag, cé go bhfuil an raidió NPR go maith), nós ciallmhar, réasúnta maidir leis an síntiús a fhaigheann freastalaí (10% seachas an 20% áiféiseach ó dheas). Ní hionann an Béarla a labhraítear ná a scríobhtar ach an oiread: loonie (dollar) seachas buck, return seachas round-trip, railway seachas railroad, washroom seachas restroom, colour seachas color, centre seachas center, cheque seachas check agus a thuilleadh nach iad. Ansin, tá an défhoghar clúiteach sin a chloistear i bhfocail ar nós about agus house a dhealaíonn tuaisceart agus deisceart gan cheist agus a mbíonn Meiriceánaigh ag magadh faoi go minic.

Cé go bhfuil gach cine faoin spéir ag cur faoi sna Stáit Aontaithe, feictear domsa go bhfuil glacadh níos oscailte leis an éagsúlacht i gCeanada. B’éigean do na Béarlóirí agus na Frainciseoirí comhréiteach polaitiúil a dhéanamh chun go mairfeadh an tír agus b’fhéidir gurb shin ba chúis leis an gcaoinfhulaingt bhreise ó thuaidh den teorainn, cé go gcaithfear a rá nach aon útóipe é Ceanada ach an oiread.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 09/11/2009

Droichead an Gheata Óir

Droichead an Gheata Óir

Uaireanta, níl aon dul as ach a bheith i do thurasóir cruthanta. B’amhlaidh dúinne agus sinn ag triail ar Dhroichead an Gheata Óir. Bhí an bus a thug ann sinn lán go béal le turasóirí ó na cheithre hairde: déarfainn nár chualamar an oiread teangacha á labhairt cheana ar aon bhus. Bhí Seapánaigh ann gona gceamaraí móra troma, Sualannaigh a raibh t-léinte den nGeata á gcaitheamh acu cheana (an tarna turas acu ann, b’fhéidir?), cúpla Éireannach eile, dar ndóigh, agus a lán lán eile.

Droichead 2

4,200 troigh ar fhaid ...

Nuair a deirim gur baineadh an anáil díom arís, ní haon áibhéil é. Is mó iontas atá feicthe agam le cúpla mí anuas sa tír seo ach ba é Droichead an Gheata Óir ba mhó a thaitin liom go dtí seo. Tá smut de le feiscint ó aon cheann de chnoic iomadúla San Francisco, ach caithfear seasamh faoina bhun chun a thoirt agus a mhaorgacht a bhlaiseadh i gceart. Cuireadh tús leis i 1933, an chéad droichead ollmhór crochta ar domhan agus níor ghlac sé ach cúig bliana ar bhuíon ollmhór oibrithe, a raibh Éireannaigh ina measc, é a thógáil. Is féidir leis gaoth céad míle san uair a sheasamh agus níor thit sé sa chrith talún mór i 1989 ná in aon chrith eile (agus tarlaíonn mionchreathanna go minic anseo). Go dtí 1959, ba é an droichead ab fhaide ar domhan é. Ní raibh aon tsúil ag na péintéirí go mbeadh an dath rua air go deo. Rua an fochóta a bhí le bheith air sula gcuirfí péint liath anuas ar an ndroichead, ach thaitin an rua chomh mór sin le muintir na cathrach gur fágadh ann go buan é. 5,000 galún péinte sa bhliain a theastaíonn chun an droichead a choimeád friseáilte.

Droichead 4

Cuid den mhogall miotail faoina bhun

Is féidir siúl thairis chomh fada le Marin County agus tuaisceart Chalifornia, nó é a thrasnú ar do rothar, fiú. Bhí sé ag éirí beagáinín ródhéanach dúinne an lá úd ach siúlófar arís é. Ba bhreá liomsa turas báid a dhéanamh faoina bhun. Bíonn an-tóir ar a leithéid ach ní mór a bheith san airdeall ar cheo iomráiteach San Francisco. Is iomaí turasóir bocht a chaith uair a chloig chostasach ar bhád ag iarraidh an droichead a fheiscint trí scailp cheoidh agus nach bhfuair de luach saothair ach slaghdán trom.

Droichead 3

Árthach ó Honolulu?

Tá cur síos ag an scríbhneoir Duibhneach, Tomás Ó Cinnéide ar an ndroichead ina leabhar Ar Seachrán. I 1952 a chuaigh Tomás go San Francisco agus tá cuntas breá ar na sé bliana déag a thug sé ann sa leabhar seo: ‘Ar lá dár gcionn thug cara dom amach go dtí Droichead an Gheata Óir mé, an áit ar baineadh an leathadh as mo shúile. Ní hamháin go ndeaghas trasna air ach shiúlaíos cuid de, i dtreo is go mbeadh sé le rá agam nuair a raghainn abhaile go hÉirinn. Is dócha gurb é an droichead is deise ar domhan é. Rud eile a chuir iontas orm na hárthaí móra ag teacht aniar ó Honolulu. Ní bhíonn a leithéid d’árthaí in aon chor timpeall na hÉireann’. Faoi mar a scríobh Tomás go minic ina leabhar: ‘b’fhada ón nGráig é’.

santacruznagreine a d’fhoilsigh | 07/11/2009

Fliú na muc – fliú na gcat?

Fuaireas instealladh fliú na muc inniu. Bhí fanacht fada orm lasmuigh de chlinic phoiblí Santa Cruz go dtí gur cuireadh an tsnáthaid ionam. Cheapas gur leor a bheith ann dhá uair a chloig sula n-osclófaí na doirse ach nuair a leaindeálas ag meánlae, bhí scuaine fhada daoine ag lúbarnaíl trasna an charrchlóis agus amach ar an tsráid. Bhí go leor páistí óga ann, chomh maith le daoine a raibh cuma na heasláinte orthu, roinnt díobh i gcathaoireacha rothaí. Bhí mascanna á gcaitheamh ag cúpla duine, radharc ait go leor faoi shoineann na Samhna i gCalifornia.

Fliú na muc 3

Cuid den scuaine lasmuigh de chlinic Santa Cruz

Cliathánach liom bhí triúr ban a bhí ag iompar clainne agus an chuma ar bhean amháin díobh go mbéarfaí a leanbh aon nóiméad feasta. Spáinnis a bhí á labhairt acu lena chéile – agus liomsa, nuair a fuaireadar amach go raibh an cúpla focal agam. Bhí an-imní ar bhean amháin, Carmela, go ndéanfadh an vaicsín díobháil dá leanbh ach ba chuma leis an mbeirt eile, María agus Ofélia, ach an víoras féin a sheachaint. Díreach romham bhí fear óg a raibh cuma an-mhílítheach air – agus gan aon fhonn cainte air. Bhí a cheann sáite aige in iris gháifeach éigin faoi chúrsaí sláinte. Thar a ghualainn, d’éirigh liom cúpla líne a léamh faoin mbagairt fliú atá i gcnaipí an ATM nó cnaipí an mheaisín cóipeála sa láthair oibre. B’shin dhá bhagairt eile nár chuimhníos orthu le cúpla mí anuas!

Fliú na muc 2

Fanacht fada orainn fós...

Bhí an ghrian go hard sa spéir os ár gcionn in airde faoin dtráth seo agus cuid den slua ag cur allais faoi theas an gheimhridh. Cé go raibh bia de gach sórt á iompar ag roinnt daoine, bhí a thuilleadh ann agus cuma an ocrais – agus an leadráin – ag teacht orthu. Thosaigh an scuaine ag bogadh leis go mall nuair a osclaíodh na doirse ag a dó a chlog ach ba léir go dtógfadh sé tamall orainn doras na clinice a bhaint amach. Bhí na céadta sa scuaine anois, daoine de gach sórt chomh fada agus a rithfeadh do shúil trasna an charrchlóis agus amach ar an mbóthar. Níorbh fhada gur rith sé le fiontraí éigin leas a bhaint as an ngéarchéim sláinte. Cén t-iontas i dtír seo na margaíochta agus an airgid? Díreach agus ár ngoile ag geonaíl le hocras, shiúil fear óg thar bráid, málaí gréisceacha á n-iompar aige agus gach aon bhéic uaidh: cheeseburgers, hot fries, milk shades, sodas! Bí ag caint ar bhia na folláine. Thuig sé go maith conas brú a chur ar thuismitheoirí cráite bia suaimhnis a cheannach dá bpáistí dána: she’s sure looking hungry, your little one! Ghéill cúpla duine thart timpeall ormsa ach shocraíos-sa gurbh fhearr an cúpla úll agus an paca beag cnónna in íochtar mo mhála. Dhruid an scuaine leis go mall chun tosaigh. Greamaithe ar dhoras na clinice, bhí fógra faoi Disaster Medical Care. Níorbh aon údar misnigh é. Ghaibh fear na sceallóg thar bráid, é ag comhaireamh a chuid dollars go mustarach os ár gcomhair. Hey, Mister Hamburger Man, a bhéic an fear i m’aice. It’s been a good day for you, dude! Bhí barr na scuaine sroichte agam agus isteach liom go gcuirfí an tsnáthaid ionam.

Fliú na muc 1

Deireadh an aistir i ngiorracht dúinn

Níorbh aon iontas go raibh an oiread sin daoine i láthair inniu. Tá na meáin áitiúla ag déanamh scéal mhadra na n-ocht gcos (muc na n-ocht gcos?) den bhfliú faoi láthair, faoi mar atá ar fud na cruinne, is dócha. Ag a deich istoíche a chraoltar Central Coast News ar KION, seirbhís a bhíonn beo ar an gcoiriúlacht, na tubaistí agus an gháifeacht de gach saghas atá in ainm is a bheith ag titim amach thart orainn ar chósta láir Chalifornia. Caithfidh mé a admháil go gcoimeádaim súil ar KION ó am go chéile, ar mhaithe leis an tsiamsaíocht níos mó ná fírinne na nuachta, ach is geall le rún dorcha, gránna é nach mbeadh fonn ort a scaoileadh le héinne. Baineadh leathadh as na súile céanna an oíche faoi dheireadh nuair a tuairiscíodh mar phríomhscéal go raibh fliú na muc tolgtha ag cat darb ainm Tinkerbell áit éigin in Iowa. Scientists don’t yet know if the flu will have the same deadly consequences for our pets as for ourselves, a bhéic an tuairisceoir go drámatúil ó shráid éigin i San José. Bí ag caint ar scéal chat na n-ocht gcos a dhéanamh de rud. Bhí iontas orm nár bhris a cuid gáirí ar an léitheoir nuachta agus í ag trácht ar worried pet owners right along the Central Coast. Ní raibh aon pheataí i láthair ag clinic Santa Cruz inniu ach cá bhfios conas a bheidh Dé Sathairn seo chugainn?

« Newer Posts - Older Posts »

Ranganna