Faoin mblag seo…

Smaointe fánacha ar an saol i Santa Cruz, California atá sa bhlag seo: na rudaí a chuaigh i bhfeidhm orm, na háiteanna a ndeachaigh mé, na daoine ar bhuail mé leo ó Mheán Fómhair 2009 go Feabhra 2010. Is léachtóir mé i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus bhí mé i Santa Cruz mar Scoláire Gaeilge Fulbright 2009-2010 ag UCSC, Ollscoil Santa Cruz. Mo chuid tuairimí pearsanta amháin atá sa bhlag seo, atá á scríobh agam chun cur leis an méid Gaeilge atá ar an idirlíon agus a bhféadfadh foghlaimeoirí leas a bhaint as amach anseo.