santacruznagreine a d’fhoilsigh | 10/09/2009

Lulu’s at the Octagon

Bíonn fonn orm i gcónaí agus mé in áit nua caifé réchúiseach compordach a aimsiú, áit a bhféadfainn suí ar mo shuaimhneas ag léamh. Braithim uaim Bananaphoblacht na Gaillimhe fós, agus thugainn an-chuid ama in La Mort Subite sa Bhruiséil nuair a bhí cónaí orm ann beagnach deich mbliana ó shin. Go deimhin, b’éigean dom gáirí inni nuair a chuimhníos ar a ndúirt mo chara Alex Hijmans, iarúinéir Bhananaphoblacht, liom sular fhág sé Éire: ‘fág an Rough Guide sa bhaile agus ná cuir spás amú i do mhála leis. Ní luaitear na háiteanna is spéisiúla ann’. Bhí an ghráin dearg ag Alex ar an leabhar céanna, agus ar leithéidí an Lonely Planet, agus scríobh sé alt faoi cúpla bliain ó shin chun a chantal a ídiú. Dar ndóigh, níor ghéilleas do chomhairle Alex. Ní bheinn cróga mo dhóthain chun é sin a dhéanamh. Ach bhí an ceart aige: níorbh fhiú tráithnín an Saturn Café ar chúinne Laurel agus Ocean, áit a thuill ardmholadh as cuimse ón Rough Guide céanna. B’fhearr i bhfad caifé beag neamhchoitianta ar chúinne Cooper agus Front nár luadh in aon chor ar an treoirleabhar.

Lulu's at the Octagon: caifé ochtagánach

Lulu's at the Octagon: caifé ochtagánach

Seomra geal, ochtchruthach lán de phainéil adhmaid agus barraí stáin atá i Lulu Carpenter’s, nó Lulu’s at the Octagon. Tá fuinneog chearnógach sa tsíleáil a scaoileann isteach solas gléineach an lae. Crochta ar na fallaí agus solas gléineach Chalifornia anuas orthu, tá portráidí de dhaoine éagsúla. Jill Ginghofer, Ann Gordon, Chandra Morray: n’fheadar cé hiad? Bhí mic léinn istigh ann ar a gcuid ríomhairí glúine, duine eile ag leámh Modern Quantum Mechanics cliathánach liom. Bhí an chuma air go raibh sé báite sa leabhar, a chuid quantum mechanics imithe go smior ann, tae fuaraithe papaya á ól aige. D’ordaíos an tae céanna dom féin: bhí sé thar am a bheith cróga. Bhí citil bheaga a raibh dath crón orthu ar an seilf in aice liom, iad ar díol is dócha. Ar sheilf eile shuigh ualach taephotaí ramhra geala ar dhathanna éagsúla, agus bhí seilf eile fós lán de chrúiscíní gorma.

Lulu's 2
Is cosúil go bhfuil an foirgneamh ochtagánach seo ar cheann den bheagán atá fós ina sheasamh sna Stáit Aontaithe ar fad. Tógadh an-chuid foirgneamh mar seo sa 19ú haois agus choimeádtaí taifid oifigiúla Chontae Santa Cruz i dTigh Lulu go dtí 1960. Nuair a aimsíodh stóras mar is ceart don chartlann, thosaigh feachtas a raibh sé d’aidhm aige cur ina luí ar údaráis na cathrach gan an t-ochtagán a leagan. Is féidir a bheith buíoch de Roy Rydell, ailtire tírdhreacha agus caomhantóir aitheanta áitiúil go bhfuil an t-áras gleoite seo fós ina sheasamh inniu. Bhí sé ina chuid de Mhúsaem Ealaíne agus Staire Santa Cruz (atá suite béal dorais) ó 1968 i leith agus taispeántar cuid d’ealaíon an mhúsaeim ann go dtí an lá atá inniu ann. Ná bí ag brath ar an Rough Guide chun tú a thabhairt ann.

Tigh Lulu ag teannadh le ham dúnta

Tigh Lulu ag teannadh le ham dúnta


Freagraí

  1. Is breá liom tithe caife neamhspleácha Mheiriceá; ceann de (bheagán) rudaí atá níos fearr ar an taobh sin den Atlantach ná san Eoraip; iad i gcónaí spraoiúil, óg ach éifeachtach ag an am céanna. An ceann is fearr liom féin ná “Donkey” in Athens, Ohio – na mílte míle uait a John!

  2. […] cion agam ar go leor áiteanna anseo. Ina measc tá na caiféanna beaga ar Pacific Avenue dála Lulu’s at the Octagon, Delmarette nó Asana. Bhí scéalta suimiúla faoi Éirinn – agus seacláidí fíorchostasacha […]


Freagair Céad slán le Santa Cruz na gréine « Santa Cruz na Gréine Cealaigh an freagra

Ranganna